Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Roimh-Iocanna d'Aisioc.)

13 1932


Uimhir 13 de 1932.


ACHT BEALAIGH THRAMANNA GAILE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHROS BHAILE COIMÍN (TRÉIGEAN), 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR BEALAIGH THRAMANNA GAILE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHROS BHAILE COIMÍN DO THRÉIGEAN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE THIOCFAS AS AN TRÉIGEAN SAN NO GHABHAS LEIS. [22adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn an abairt “Acht 1883” an Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883;

cialluíonn an abairt “Ordú 1887” an Dublin and Blessington Steam Tramway Order, 1887;

cialluíonn an abairt “Ordú 1927” Ordú Bealaigh Thramanna Gaile Bhaile Atha Cliath agus Chros Bhaile Coimín (Coiste Bainistíochta), 1927;

cialluíonn an abairt “Comhairle Bhaile Atha Cliath” Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Comhairle Chill Mhantáin” Comhairle Chontae Chill Mhantáin;

cialluíonn an abairt “na Comhairlí Contae” Comhairle Bhaile Atha Cliath agus Comhairle Chill Mhantáin;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Chathair Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an chontae-bhuirg” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

léireofar tagairtí do chomhairle na contae-bhuirge mar thagairtí don Bhárdas;

cialluíonn an abairt “na hurraíochtaí” na hurraíochtaí uile agus fé seach do tugadh de bhuadh Orduithe 1887 agus na dtuairiscí uile agus fé seach do daingníodh leis an Ordú san;

cialluíonn an abairt “urraíocht Bhaile Atha Cliath” an urraíocht do tugadh de bhuadh Orduithe 1887 agus na tuairisce o Ard-Ghiúiré Chontae Bhaile Atha Cliath do daingníodh leis an Ordú san;

cialluíonn an abairt “an líomatáiste urruitheach” na barúntachtaí uile agus fé seach agus na coda uile agus fé seach de bharúntachtaí agus na paróistí agus na bailte fearainn uile agus fé seach do chuaidh in urraíocht, tré sna hurraíochtaí, dividenda ar na scaireanna urruithe d'íoc;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” Cuideachta Bhealaigh Thramanna Gaile Bhaile Atha Cliath agus Chros Bhaile Coimín;

cialluíonn an abairt “an Coiste” an Coiste Bainistíochta do ceapadh fé Ordú 1927 agus a buanuítear, go n-atharuithe air, leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an gnó” an gnó do húdaruíodh le hOrdú 1887;

cialluíonn an abairt “an Bainisteoir Interim” an bainisteoir do ceapadh leis an Dublin and Blessington Steam Tramway (Interim Management) Order, 1916;

cialluíonn an abairt “na scaireanna urruithe” na scaireanna, de chuid na Cuideachtan, go ndearnadh, tré sna hurraíochtaí, na dividenda ortha d'urrú.

An lá ceaptha.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, tré ordú do dhéanamh le haontú an Aire Airgid, lá do cheapadh chun bheith mar lá ceaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith mar lá ceaptha.

An Coiste Bainistíochta.

3. —(1) An Coiste Bainistíochta do ceapadh fé Ordú 1927 leanfa sé de bheith ann chun crícheanna an Achta so, chó maith le crícheanna an Orduithe sin, ach ar an lá ceaptha agus dá éis sin is mar a socruítear leis an alt so a bheidh ballraíocht an Choiste sin, agus ní bheidh feidhm ag Ordú 1927 maidir leis an mballraíocht san.

(2) Féadfaidh an Bárdas triúr le n-a mbeidh an tAire sásta d'ainmniú chun bheith ina mbaill den Choiste agus tiocfaidh gach duine den triúr san chun bheith agus beidh sé ina bhall den Choiste ar pé dáta agus o pé dáta acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, an lá go n-aontóidh an tAire le n-a ainmniú mar bhall den tsórt san no an lá ceaptha.

(3) Ní ainmneoidh an Bárdas éinne fén alt so chun bheith ina bhall den Choiste maran rát-íocóir sa chontae-bhuirg é go n-únaereacht no seilbh ar thailte no ionoighreachtaí ionrátuithe nách lugha a luach bliantúil ná deich bpúint agus atá sa chuid den líomatáiste urruitheach atá laistigh den chontae-bhuirg.

(4) Gach duine is ball den Choiste an lá ceaptha no thiocfaidh chun bheith ina bhall de fén alt so an lá ceaptha no dá éis sin beidh sé i seilbh oifige mar bhall den tsórt san do dtí go n-eireoidh sé as an oifig sin, no go dtí go n-éagfa sé, no go dtí go scuirfear an Coiste fén alt so, pe'ca ní aca san is túisce thárlóidh.

(5) Gach folúntas a bheidh i mballraíocht an Choiste an lá ceaptha no thárlóidh inti dá éis sin tré bhall d'eirghe as no d'éagadh, líonfar é tríd an Aire d'ainmniú duine chun an fholúntais sin do líonadh.

(6) Gach duine ainmneoidh an tAire fén alt so, beidh aige, maidir le rátaí d'íoc agus únaereacht no seilbh talmhan no ionoighreachtaí do bheith aige, na cáilíochta céanna ba ghá do réir Orduithe 1927 no an ailt seo do bheith ag an mball gur tré n-a cirghe as no tré n-a éagadh do thárla an folúntas san.

(7) Féadfaidh an Coiste gníomhú tar éis an lac cheaptha d'ainneoin folúntais no folúntaisí do bheith ina bhallraíocht agus d'ainneoin an Bhárdais do dhéanamh moille no faillí ar bith maidir le hainmniú na mball uile no coda de sna baill den Choiste atá an Bárdas i dteideal fén alt so d'ainmniú.

(8) Nuair a bheidh an tAire sásta ná fuil aon fheidhmeanna fágtha le feidhmiú ag an gCoiste fé Ordú 1927 ná fén Acht so agus nách gá an Coiste a thuilleadh chun crícheanna an Orduithe sin ná an Achta so, dearbhóidh an tAire le hordú an Coiste do bheith scurtha agus leis sin tiocfaidh an Coiste chun bheith agus beidh sé scurtha.

Scur den ghnó.

4. —D'ainneoin éinní atá in Acht 1883, in Ordú 1887, no in Ordú 1927, scuirfidh an Coiste ar an lá ceaptha agus ón lá san den ghnó do choinneáil ar siúl no d'oibriú.

Maoin agus sócmhainní an ghnótha do mhalairtiú ar airgead.

5. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an lae cheaptha déanfaidh an Coiste gach a mbeidh d'fhiacha agus d'airgead eile iníoctha leis an gCoiste alos an ghnótha (ar a n-áirítear airgead is iníoctha leis an gCoiste ag na Comhairlí Contae fé sna hurraíochtaí) do bhailiú isteach agus íocfaid amach as an airgead san, agus as aon airgead a bheidh i lámhaibh an Choiste i dtaobh an ghnótha ar an lá ceaptha, na fiacha agus na híocaíochta eile go léir gur féidir le ceart an t-airgead san do chur chun a n-íoctha.

(2) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an lae cheaptha déanfaidh an Coiste, ar pé slí agus pé am no amannta is oiriúnach leo, maoin agus sócmhainní uile an ghnótha (seachas fiacha agus airgead le n-a mbaineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) do dhíol agus do mhalairtiú ar airgead agus sochar an díola agus an mhalartuithe sin do chur chun na gcrícheanna so leanas agus san ord so leanas, sé sin le rá:—

(a) sa chéad áit, chun na bhfiacha uile do ghlanadh a bheidh ar an gCoiste alos an ghnótha agus ná glanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so;

(b) sa dara háit, chun na gcostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an Coiste i bhfeidhmiú an Achta so;

(c) sa tríú háit, chun luach saothair ball an Choiste agus oifigeach agus seirbhíseach an Choiste d'íoc;

(d) sa cheathrú háit, chun dhá dtrian den fharasbár a bheidh fágtha den tsochar san, tar éis na n-íocaíocht a luaidhtear anso roimhe seo do dhéanamh, d'íoc le Comhairle Bhaile Atha Cliath agus chun trian den fharasbár san d'íoc le Comhairle Chill Mhantáin.

(3) Íocfaidh Comhairle Bhaile Atha Cliath leis an mBárdas an chionúireacht san, den airgead go léir íocfaidh an Coiste le Comhairle Bhaile Atha Cliath fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ar a gcó-aontóidh Comhairle Bhaile Atha Cliath agus an Bárdas no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(4) Féadfaidh gach ceann de sna Comhairlí Contae agus féadfaidh an Bárdas, le ceadú ón Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, tairisgint do dhéanamh ar aon talamh a bheidh á dhíol ag an gCoiste do réir an ailt seo agus atá laistigh dá gcontae no laistigh den chontae-bhuirg. pe'ca aca é, agus an talamh san do cheannach chun aon chríche chun a n-údaruítear dóibh talamh do cheannach.

(5) Déanfaidh gach ceann de sna Comhairlí Contae agus déanfaidh an Bárdas, ar chostas an Choiste, na leithlithe sin, ar mhaoin leis an ngnó dhíolfaidh an Coiste fén Acht so, a bheidh ag teastáil do réir réasúin o cheannuitheoirí fé seach na maoine sin no ón gCoiste.

(6) Chun crícheanna an ailt seo, tuigfear gur maoin agus sócmhainní leis an ngnó gach maoin agus sócmhainn leis an gCuideachtain do tháinig chun bheith ina maoin leis na Comhairlí Contae de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 10 d'Acht 1883 agus Orduithe 1887 agus nár chuir an Coiste dá láimh roimh an lá ceaptha agus freisin gach a bhfuair an Coiste de mhaoin agus do bhí acu fós ar an lá ceaptha.

An trambhealach do ghabháil leis an mbóthar arís.

6. —(1) San alt so cialluíonn an focal “trambhealach” talamh ba chuid de bhóthar phuiblí díreach sarar thosnuigh an gnó agus a bheidh leithreasuithe ar an lá ceaptha chun críche an ghnótha de bhíthin ráileacha agus oibreacha eile an ghnótha do bheith suidhte ar an talamh san no de bhíthin ní éigin eile.

(2) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an lae cheaptha tógfaidh an Coiste no cuirfid fé ndeár go dtógfar ón trambhealach gach a mbeidh ar an trambhealach no ann de ráileacha, de thrasnáin, de chuaillí, agus de mhaoin eile an ghnótha, agus fé mar a bheidh an tógaint sin á críochnú geobhaidh an trambhealach arís leis an mbóthar puiblí agus tiocfa sé chun bheith agus beidh sé arís ina chuid den bhóthar phuiblí, gach píosa i ndiaidh a chéile dhe, chun gach críche agus beidh sé ionchoimeádtha i dtreo dá réir sin.

(3) Gach obair a bheidh riachtanach chun aon choda den trambhealach a bheidh tar éis gabháil arís leis an mbóthar puiblí d'atharú ina fhíorchuid den bhóthar san agus chun í do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun í d'úsáid mar fhíorchuid den bhóthar san sé comhairle na contae no na contae-bhuirge ina bhfuil an bóthar san a dhéanfaidh an obair sin agus san ar a gcostas féin.

(4) I gcás aon choda den trambhealach do ghabháil arís leis an mbóthar puiblí fén alt so féadfaidh éinne is únaer no is sealbhaire ar thalamh atá teoranta leis an gcuid sin den trambhealach, laistigh de ráithe tar éis na gabhála san, a cheangal ar chomhairle na contae no na contae-bhuirge ina bhfuil an talamh san pé fála, geataí, conduití, agus oibreacha eile do dhéanamh no pé deisiú do dhéanamh ortha san is gá do réir réasúin de bhíthin na gabhála san chun feidhme no tairbhe do bhaint as an talamh san no chun é do dhaingniú, agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle sin (fé réir an chirt athchomhairc do bheirtear anso ina dhiaidh seo) na hoibreacha san do dhéanamh ar a gcostas féin chó mear agus a bheidh caoi ann chuige sin.

(5) Má eiríonn aon easaontas no aighneas idir únaer no sealbhaire talmhan agus comhairle chontae no na contae-bhuirge maidir le riachtanas no maidir le saghas, le cineál no le méid aon oibreacha do cheangail an t-únaer no an sealbhaire sin ar an gcomhairle sin do dhéanamh fén alt so, bhéarfaidh an tAire breith ar an easaontas no ar an aighneas san ar athchomharc ón únaer no ón sealbhaire sin no ón gcomhairle sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin do bhéarfaidh an tAire uaidh.

Na scaireanna urruithe d'fhuascailt.

7. —(1) San alt so folóidh tagairtí do shealbhóir scaire urruithe—

(a) i gcás aon scaire den tsórt san ná beidh ar seilbh ach ag éinne amháin ar an lá ceaptha, an té is ionadaí pearsanta, is sannaí i ngnó-bhriseadh, no is socrathóir (pe'ca aca is gá sa chás) don duine sin; agus

(b) i gcás aon scaire den tsórt san a bheidh ar seilbh ag beirt no níos mo ar an lá ceaptha, gach duine acu san agus na daoine no an duine acu mhairfidh i ndiaidh na coda eile acu agus an té is ionadaí pearsanta, is sannaí i ngnó-bhriseadh, no is socrathóir (pe'ca aca is gá sa chás) don duine is déanaí mhairfidh de sna daoine sin.

(2) Ar an lá ceaptha tiocfaidh scaireanna urruithe na Cuideachtan chun bheith agus beid ar ceal agus dúnfar an clár (dá ngairmtear an clár san san alt so) de shealbhóirí na scaireanna san is gá don Chuideachtain do réir dlí do choimeád agus ní cuirfear a thuilleadh iontrálacha sa chlár san.

(3) Déanfaidh an Chuideachta ar an lá ceaptha an clár san do sheachadadh don Choiste agus déanfaid ina dhiaidh sin pé scríbhinní agus eolas eile bheidh i seilbh na Cuideachtan. i dtaobh na scaireanna urruithe agus sealbhóirí na scaireanna san, agus a theastóidh ón gCoiste o am go ham do thabhairt don Choiste.

(4) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an lae cheaptha déanfaidh an Coiste—

(a) fógra i scríbhinn do chur tríd an bpost chun gach duine a chífear ón gclár san do bheith ina shealbhóir no ina dhuine de bheirt no níos mó có-shealbhóirí ar scair no scaireanna urruithe ar an lá ceaptha, agus an fógra san fé ainm an duine sin agus fé n-a sheoladh fé mar a bheidh sé luaidhte sa chlár san, á chur in úil do gur cuireadh na scaireanna urruithe ar ceal leis an Acht so agus go bhfuil sealbhóir scaire no scaireanna urruithe i dteideal suim de chúig púint agus deich scillinge d'fháil ón gCoiste in aghaidh gach scaire den tsórt san do bhí ar seilbh aige ar n-a iarraidh sin do sa tslí agus laistigh den aimsir (nách giorra ná ráithe o am an fhógra san do chur sa phost) atá luaidhte sa bhfógra san; agus

(b) fógra i dtéarmaí generálta, agus sa chéill chéanna ina mbeidh na fógraí san a ceangailtear anso roimhe seo do chur chun sealbhóirí scaireanna urruithe, d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach páipeur de dhá pháipeur laethiúla foillsítear i mBaile Atha Cliath.

(5) Íocfaidh an Coiste, amach as an airgead a cuirfear ar fáil chuige sin fén Acht so, le gach duine dhéanfaidh an t-iarratas san laistigh den aimsir a bheidh luaidhte sna fógraí sin agus a chífear don Choiste do bheith ina shealbhóir ar scair no scaireanna urruithe ar an lá ceaptha suim de chúig púint agus deich scillinge in aghaidh gach scaire acu san.

(6) Íocfaidh an Coiste isteach sa Chúirt Chuarda i mBaile Atha Cliath suim de chúig púint agus deich scillinge in aghaidh gach scaire urruithe ná déanfaidh a sealbhóir aon iarratas ina taobh fén alt so laistigh den aimsir a bheidh luaidhte sna fógraí sin no ná cuirfidh éinne ina luighe ar an gCoiste ina taobh laistigh den aimsir sin go bhfuil sé i dteideal an tsuim de chúig púint agus deich scillinge is iníoctha fén alt so d'fháil.

(7) Má dheineann an Coiste suim de chúig púint agus deich scillinge d'íoc do réir an ailt seo le duine chífear don Choiste a bheith ina shealbhóir ar scair urruithe, no isteach sa Chúirt Chuarda, beidh an t-íoc san ina ghlanadh iomlán agus ina ghlanadh deiridh ar gach éileamh i gcoinne na Cuideachtan no an Choiste maidir leis an scair urruithe gur ina taobh a híocfar an tsuim sin amhlaidh ach amháin ar éilithe ar dhividenda, ar an scair sin, do tháinig chun bheith dlite ach nár híocadh roimh an lá ceaptha.

Roimh-íoc chun na scaireanna urruithe d'fhuascailt.

8. —(1) Sara mbeidh deireadh leis an aimsir gur laistigh di is gá don Choiste do réir an Achta so airgead d'íoc le sealbhóirí scaireanna urruithe roimh-íocfaidh na Coimisinéirí, amach as airgead a bheidh fé n-a gcúram agus is ionchurtha chun iasachtaí, leis an gCoiste mar ghníomhaire do sna Comhairlí Contae suim de £22,000 (dhá mhíle fhichead púnt), dá ngairmtear “an roimhíoc” san alt so.

(2) Déanfaidh an Coiste an roimh-íoc do chur chun íoctha na suimeanna uile agus fé seach de chúig púint agus deich scillinge ceangailtear ar an gCoiste leis an Acht so d'íoc, alos na scaireanna urruithe. le sealbhóirí na scaireanna san no isteach sa Chúirt Chuarda.

(3) Tuigfear an roimh-íoc do bheith íoctha ina dhá leath chothroma leis na Comhairlí Contae fé seach agus déanfar gach ceann den dá leath san den roimh-íoc d'aisíoc agus an t-ús air d'íoc tré sna tráth-choda luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in aghaidh gach bliana de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san d'íoc leis na Coimisinéirí, do réir an ailt seo, an bhliain sin.

(4) I ngach bliain de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so íocfar amach as cuntas an chánachais áitiúla leis na Coimisinéirí. pé tráth no trátha agus pé slí ordóidh an tAire Airgid. na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tsuim (dá ngairmtear an deontas o Bhaile Atha Cliath san alt so) a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san in aghaidh na bliana san; agus

(b) an tsuim (dá ngairmtear an deontas o Chill Mhantáin san alt so) a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san in aghaidh na bliana san.

(5) An deontas o Bhaile Atha Cliath a híocfar fén alt so leis na Coimisinéirí bliain airgeadais ar bith tuigfear é bheith á íoc amhlaidh mar ghlanadh i bpáirt no go hiomlán (pe'ca aca é) ar an tráthchuid is iníoctha an bhliain airgeadais sin alos an leatha den roimh-íoc a tuigfear do bheith íoctha le Comhairle Bhaile Atha Cliath.

(6) An deontas o Chill Mhantáin a híocfar fén alt so leis na Coimisinéirí bliain airgeadais ar bith tuigfear é bheith á íoc amhlaidh mar ghlanadh ar an tráthchuid is iníoctha an bhliain airgeadais sin alos an leatha den roimh-íoc a tuigfear do bheith íoctha le Comhairle Chill Mhantáin.

(7) Déanfaidh Comhairle Bhaile Atha Cliath. gach bliain de sna hocht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so. íocaíocht leis na Coimisinéirí, pé tráth no trátha agus pé slí ordóidh an tAire Airgid, i suim is có-ionann leis an méid a bheidh an deontas o Bhaile Atha Cliath a híocfar fén alt so leis na Coimisinéirí an bhliain airgeadais sin níos lugha ná an tráthchuid a lnaidhtear sa dara colún den Sceideal san in aghaidh na bliana airgeadais sin.

(8) Íocfaidh an Bárdas le Comhairle Bhaile Atha Cliath, gach bliain de sna hocht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, suim go mbeidh idir í agus an tsuim is iníoctha ag Comhairle Bhaile Atha Cliath leis na Coimisinéirí fén alt so an bhliain sin an cothrom céanna bheidh idir an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, an lá ceaptha, bheidh suidhte sa chuid den líomatáiste urruitheach a bheidh laistigh den chontae-bhuirg an lá ceaptha agus an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, an lá ceaptha, bheidh suidhte in aon chuid den líomatáiste urruitheach ach amháin sa pháirt den líomatáiste sin a bheidh laistigh de Chontae Chill Mhantáin an lá ceaptha.

(9) Gach bliain de sna hocht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so cruinneoidh Comhairle Bhaile Atha Cliath an méid a bheidh de bhreis ag an suim is iníoctha ag an gComhairle sin leis na Coimisinéirí fén alt so an bhliain sin ar an suim is iníoctha ag an mBárdas leis an gComhairle sin fén alt so an bhliain sin, agus cruinneoidh an Chomhairle sin an méid sin sa tslí chéanna, agus o oiread den líomatáiste urruitheach agus a bheidh laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath an lá ceaptha, ina raibh airgead do bhí iníoctha ag an gComhairle sin alos an ghnótha do choinneáil ar siúl agus d'oibriú agus na ndividenda ar na scaireanna urruithe ionchruinnithe díreach roimh an Acht so do rith.

(10) Gach bliain de sna hocht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfaidh an Bárdas an tsuim is iníoctha ag an mBárdas le Comhairle Bhaile Atha Cliath fén alt so an bhliain sin do chruinniú, tríd an ráta cathardha, ón bpáirt den líomatáiste urruitheach a bheidh suidhte laistigh den chontaebhuirg an lá ceaptha.

Deireadh le fiachas fen urraíocht.

9. —(1) Beidh deireadh ar an lá ceaptha agus ón lá san amach leis an bhfiachas atá ar na Comhairlí Contae alos dividenda ar na scaireanna urruithe no alos an ghnótha do chríochnú, d'oibriú no do choinneáil ar siúl fé sna hurraíochtaí.

(2) Beidh deireadh ar an lá ceaptha agus ón lá san amach le gach fiachas a bheidh ag an Aire Airgid no ag na Comhairlí Contae ar an ngnó fé Acht 1883 no fé Ordú 1887.

(3) Ní bheidh aon airgead iníoctha, alos an ghnótha, le ceachtar de sna Comhairlí Contae ná leis an mBárdas fé alt 9 d'Acht 1883 ná amach as cuntas an chánachais áitiúla fé fho-alt (4) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, in aghaidh ná alos aon tréimhse thosnóidh ar an lá ceaptha no dá éis sin.

(4) Ní dhéanfaidh éinní san alt so dochar ná deifir d'aon fhiachas gur roimh an lá ceaptha a beifear tar éis dul fé no a bheidh sé tar éis eirghe, ná d'aon fhiachas eireoidh tar éis an lae cheaptha alos tréimhse bheidh críochnuithe roimh an lá san, ná d'aon iniúchadh cuntas ná éinní eile do dhéanamh tar éis an lae cheaptha, do bheadh, dá mba ná rithfí an tAcht so, riachtanach do réir dlí do dhéanamh alos aon tréimhse bheidh críochnuithe roimh an lá ceaptha.

Oifigigh agus seirbhísigh d'fhostú, luach saothair do thabhairt dóibh, agus iad do bhriseadh.

10. —(1) Féadfaidh an Coiste, le toiliú an Aire i ngach cás, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) pé daoine is dóich leis an gCoiste is ceart de sna hoifigigh agus de sna seirbhísigh a bheidh ar fostú ag an gCoiste an lá roimh an lá ceaptha do choinneáil i bhfostaíocht an Choiste chun an Choiste d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so;

(b) pé oifigigh agus seirbhísigh eile is dóich leis an gCoiste is ceart d'fhostú chun na críche roimhráite;

(c) pé luach saothair is dóich leis an gCoiste is ceart d'íoc leis na hoifigigh agus na seirbhísigh uile bheidh á gcoinneáil no ar fostú ag an gCoiste fén bhfo-alt so;

(d) oifigeach no seirbhíseach ar bith a bheidh á choinneáil no ar fostú ag an gCoiste fén bhfo-alt so do bhriseadh fé mar agus nuair is ceart san do dhéanamh dar leis an gCoiste.

(2) Déanfaidh an Coiste, an lá roimh an lá ceaptha, na hoifigigh agus na seirbhísigh uile bheidh i bhfostaíocht an Choiste an lá san agus ná beidh á gcoinneáil fén alt so do bhriseadh.

(3) Féadfaidh an Coiste pé luach saothair a cheadóidh an tAire d'íoc le n-a bhaill féin as obair do rinne an Coiste i bhfeidhmiú an Achta so an lá ceaptha no dá éis sin.

(4) Ní bheidh suim iomlán an luach saothair íocfaidh an Coiste fén alt so le n-a bhaill féin agus le hoifigigh agus le seirbhísigh a bheidh á gcoinneáil no ar fostú acu fén alt so, ní bheidh sí níos mó ná an méid airgid is ionchurtha fén Acht so chun an luach saothair sin d'íoc.

Cúiteamh d'oifigigh agus do sheirbhísigh.

11. —(1) Gach duine bhí i bhfostaíocht an Choiste an 20adh lá d'Abrán, 1932, agus nár thárla dho (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) an tseirbhís sin d'fhágaint dá dheoin féin no é do bhriseadh, mar gheall ar mhí-iompar, as an seirbhís sin roimh an lá ceaptha, beidh sé i dteideal an Choiste do dheonadh cúitimh do a háirmheofar agus a bheidh iníoctha sa tslí atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) Má eiríonn aon easaontas no imreasán, idir an Coiste agus duine ar bith atá no adeir go bhfuil sé i dteideal cúitimh d'fháil fén alt so. i dtaobh ce'ca atá no ná fuil an duine sin i dteideal an chúitimh sin d'fháil no i dtaobh méid no modh áirimh an chúitimh sin no i dtaobh an chúitimh sin do ghlanadh, ansan, ar n-a iarraidh sin don Choiste no don duine sin, cuirfear an t-easaontas no an t-imreasán san fé bhráid an bhuan-mholtóra a ceapfar fén alt so agus déanfaidh seisean é d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus ní bheidh dul thar breith an bhuanmholtóra san.

(3) Déanfaidh an Prímh-Bhreitheamh, pé uair iarrfaidh an tAire air san do dhéanamh, abhcóide bheidh ag cleachtadh a ghairme do cheapadh mar bhuan-mholtóir chun crícheanna an ailt seo agus socróidh an tAire Airgid an luach saothair a bheidh le n'íoc leis an abhcóide sin as a sheirbhísí mar bhuan-mholtóir den tsórt san.

(4) Is ar na Comhairlí Contae agus ar an mBárdas agus san sa tslí foráltar leis an alt so a bheidh muirear an chúitimh uile is iníoctha fén alt so agus fós muirear luach saothair an bhuanmholtóra fén alt so ach isí Comhairle Bhaile Atha Cliath íocfaidh an cúiteamh agus an luach saothair sin sa chéad dul síos.

(5) Pé uair a dhéanfaidh Comhairle Bhaile Atha Cliath aon chúiteamh no luach saothair d'íoc fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh Comhairle Chill Mhantáin, ar n-a éileamh san do Chomhairle Bhaile Atha Cliath, leath méide an chúitimh no an luach saothair do híocadh amhlaidh d'aisíoc le Comhairle Bhaile Atha Cliath; agus

(b) aisíocfaidh an Bárdas, ar n-a éileamh san do Chomhairle Bhaile Atha Cliath, le Comhairle Bhaile Atha Cliath an méid den leath eile den chúiteamh agus den luach saothair sin do híocadh amhlaidh go mbeidh idir é agus an leath san an cothrom céanna bheidh idir an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, an lá ceaptha, bheidh suidhte sa chuid den líomatáiste urruitheach a bheidh laistigh den chontae-bhuirg an lá ceaptha agus an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, an lá ceaptha, bheidh suidhte in aon chuid den líomatáiste urruitheach ach amháin sa pháirt den líomatáiste sin a bheidh laistigh de Chontae Chill Mhantáin an lá ceaptha.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an airgead is iníoctha fén alt so ag na Comhairlí Contae agus ag an mBárdas fé seach do chur ar fáil, sé sin le rá:—

(a) an méid, den chúiteamh agus den luach saothair is iníoctha ag Comhairle Bhaile Atha Cliath fén alt so, ná haisíocfar fén alt so leis an gComhairle sin (dá ngairmtear fiachas Bhaile Atha Cliath sa bhfo-alt so) féadfaidh an Chomhairle sin é d'íoc as an méid, den airgead is iníoctha fén Acht so leis an gComhairle sin, ná beidh iníoctha leis an mBárdas ag an gComhairle sin;

(b) airgead is iníoctha ag Comhairle Chill Mhantáin le Comhairle Bhaile Atha Cliath i bhfuirm aisíoca fén alt so (dá ngairmtear fiachas Chill Mhantáin sa bhfo-alt so) féadfaidh Comhairle Chill Mhantáin é d'íoc as airgead is iníoctha leis an gComhairle sin fén Acht so;

(c) airgead is iníoctha ag an mBárdas le Comhairle Bhaile Atha Cliath i bhfuirm aisíoca fén alt so (dá ngairmtear fiachas na contae-bhuirge sa bhfo-alt so) féadfaidh an Bárdas é d'íoc as airgead is iníoctha ag Comhairle Bhaile Atha Cliath leis an mBárdas fén Acht so;

(d) mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar fiachas Bhaile Atha Cliath agus fiachas Chill Mhantáin fé seach d'íoc fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so bhaineann leis an scéal, cruinneoidh Comhairle Bhaile Atha Cliath no Comhairle Chill Mhantáin (pe'ca aca é) an céanna tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid iomláine chontae Bhaile Atha Cliath no Chill Mhantáin (pe'ca aca é) gan aon bhaile-cheanntair atá inti d'áireamh;

(e) mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar fiachas na contae-bhuirge d'íoc fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so bhaineann leis an scéal, cruinneoidh an Bárdas é tríd an ráta cathardha ar fuaid iomláine na contae-bhuirge;

(f) féadfaidh Comhairle Bhaile Atha Cliath, Comhairle Chill Mhantáin, no an Bárdas (pe'ca aca é), le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, fiachas Bhaile Atha Cliath, fiachas Chill Mhantáin, agus fiachas na contaebhuirge fé seach do chruinniú i bpáirt no go hiomlán tré iasachtaí d'fháil fén alt so in ionad an chéanna do chruinniú tré sna slite foráltar leis na forálacha san roimhe seo den fho-alt so bhaineann leis an scéal.

(7) I gcás ina n-údaruítear do Chomhairle Chontae leis an alt so airgead d'fháil ar iasacht, féadfaidh an chomhairle sin an t-airgead san d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, díreach fé is dá ndeintí crícheanna an ailt seo do luadh san Airtiogal san, agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna an Airtiogail sin.

(8) I gcás ina n-údaruítear don Bhárdas leis an alt so airgead d'fháil ar iasacht, féadfaid an t-airgead san d'fháil ar iasacht fé is dá mba chríoch chun a bhfuil údarás ag an mBárdas airgead d'fháil ar iasacht fén Public Health (Ireland) Act, 1878, crícheanna an ailt seo agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána an Bhárdais chun crícheanna aon teorann le n-a gcomhachta chun iasachtaí d'fháil.

Forálacha áirithe de dhruim Chathair Bhaile Atha Cliath do leathnú.

12. —(1) Gach iniúchadh cuntas is riachtanach do réir dlí do dhéanamh alos tréimhse ar bith dar tosach lá éigin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, agus dar críoch lá éigin roimh an lá ceaptha agus gach íocaíocht no ní eile is riachtanach do réir dlí d'íoc no do dhéanamh de dhruim no i dtaobh aon iniúchta cuntas den tsórt san (agus íocaíochtaí o sna Comhairlí Contae fé sna hurraíochtaí d'áireamh), déanfar agus íocfar iad fé is ná beadh aon chuid den líomatáiste urruitheach aistrithe o chontae Bhaile Atha Cliath chun na contae-bhuirge.

(2) Aisíocfaidh an Bárdas le Comhairle Bhaile Atha Cliath, ar n-a éileamh san dóibh, an méid de gach íocaíocht íocfaidh Comhairle Bhaile Atha Cliath, de dhruim no i dtaobh aon iniúchta cuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (agus íocaíochtaí fé urraíocht Bhaile Atha Cliath d'áireamh) go mbeidh idir é agus an íocaíocht san an cothrom céanna bheidh idir an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, ar dháta an iniúchta san, a bheidh suidhte sa chuid den líomatáiste urruitheach a bheidh laistigh den chontae-bhuirg ar an dáta san agus an méid is luach ionrátuithe iomlán na n-ionoighreacht agus na dtionóntachán ionrátuithe uile, ar an dáta san, a bheidh suidhte in aon chuid den líomatáiste urruitheach ach amháin sa pháirt den líomatáiste sin a bheidh laistigh de chontae Chill Mhantáin ar an dáta san.

(3) An t-airgead uile is iníoctha ag an mBárdas le Comhairle Bhaile Atha Cliath fén alt so cruinneoidh an Bárdas é, tríd an ráta cathardha, ón bpáirt den líomatáiste urruitheach a bheidh laistigh den chontae-bhuirg de thurus na huaire.

(4) Tuigfear go dtáinig an t-alt so i ngníomh an 1adh lá d'Iúl, 1931.

Dividenda ná héileofar do chur de láimh.

13. —(1) Má bhíonn i seilbh an Choiste no na Cuideachtan an lá ceaptha airgead ar bith is ionann agus dividenda nár héilíodh ar scaireanna sa Chuideachtain déanfaidh an Coiste, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an lae cheaptha, fógra d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach ceann de dhá pháipeur nuachta laethiúla a foillsítear agus a léightear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus sa pháipeur nuachta laethiúil a foillsítear i Londain fén teideal “The Times,” fógra—

(a) á cheangal ar éinne adeir teideal do bheith aige chun aon dividendum nár héilíodh ar aon scaireanna sa Chuideachtain éileamh ar an dividendum san maraon le mion-innste ar an teideal atá aige chuige do chur tríd an bpost chun an Choiste laistigh den aimsir (nách giorra ná ráithe o chéad-fhoillsiú an fhógra san) a luaidhtear sa bhfógra san; agus

(b) á rá go ndéanfaidh an Coiste aon dividendum den tsórt san ná héileofar amhlaidh laistigh den aimsir sin do chur dá láimh do réir an Achta so.

(2) Nuair do gheobhaidh an Coiste, laistigh den aimsir a ceapfar leis na fógraí foillseofar do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, éileamh ar aon dividendum nár héilíodh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, ansan má bhíonn an Coiste sásta go bhfuil teideal ag neach déanta an éilimh sin chun an dividendum san, déanfaid méid an dividendum san d'íoc leis an duine sin no, mara mbeid sásta amhlaidh, déanfaid méid an dividendum san d'íoc isteach sa Chúirt Chuarda i mBaile Atha Cliath.

(3) An t-airgead uile is ionann agus dividenda nár héilíodh ar aon scaireanna sa Chuideachtain agus a bheidh no ba chóir a bheith i lámhaibh an Choiste i gcionn na haimsire ceapfar fén alt so chun éilithe do dhéanamh air agus ná fuair an Chuideachta aon éileamh air laistigh den aimsir sin, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé i gcionn na haimsire sin ina shócmhainní leis an ngnó agus cuirfidh an Coiste dá láimh é fé is dá mba shochar é as maoin leis an ngnó do dhíol agus do mhalairtiú ar airgead fén Acht so, agus ní bheidh teideal ag éinne chun aon cheann de sna dividenda, gurb ionann an t-airgead san agus iad, do bhaint den Choiste no den Chuideachtain ná íoc ann d'fháil o aon taobh acu.

(4) Má bhíonn i lámhaibh na Cuideachtan an lá ceaptha airgead ar bith is ionann agus dividenda nár héilíodh ar scaireanna sa Chuideachtain íocfaidh an Chuideachta an t-airgead san leis an gCoiste an lá ceaptha.

An Chuideachta do scur.

14. —Nuair a bheidh an Coiste sásta go bhfuil gach ní déanta ag an gCuideachtain a ceangailtear ar an gCuideachtain leis an Acht so do dhéanamh an lá ceaptha no dá éis sin bhéarfaidh an Coiste do Chlárathóir na gCuideachtan fógra i scríbhinn á rá go bhfuil an Coiste sásta amhlaidh agus leis sin tiocfaidh an Chuideachta chun bheith agus beid scurtha de bhuadh an Achta so agus cuirfidh Clárathóir na gCuideachtan sna cláir a choimeádann sé gach iontráil is gá no is ceart de dhruim an scurtha san.

Airgead d'íoc isteach sa Chúirt.

15. —I gcás ina gceangailtear ar an gCoiste leis an Acht so airgead d'íoc isteach sa Chúirt Chuarda, is fé alt 42 den Trustee Act, 1893, mar atá sé curtha i mbaint leis an gCúirt Chuarda, agus do réir an ailt sin a déanfar an t-íoc san, agus beidh feidhm ag an alt san agus ag rialacha cúirte bhaineann le nós-imeachta fén alt san sa Chúirt Chuarda fé is dá mb'airgead le hiontaobhas an t-airgead san agus gurbh iad an Coiste iontaobhaithe an iontaobhais sin.

Gearr-theideal.

16. —Féadfar Acht Bealaigh Thramanna Gaile Bhaile Atha Cliath agus Chros Bhaile Coimín (Tréigean), 1932 , do ghairm den Acht so.