An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuite Oll-Shochair.) Ar Aghaidh (CUID V. Generalta.)

15 1933

ACHT AIRGID, 1933

CUID IV.

Diuitethe Stampa.

Díúitéthe stampa in airgead reatha coigríche.

40. —I gcás diúité ad valorem do bheith inéilithe ar ionstruim alos airgíd in airgead reatha ar bith seachas airgead reatha Shaorstáit Éireann is ar luach an airgid sin in airgead reatha Shaorstáit Éireann do réir an ráta shóinseála bheidh i bhfeidhm ar dháta na hionstruime sin a déanfar an diúité sin d'áireamh.

Baint ailt 50 den Acht Airgid, 1932 .

41. —Bainfidh alt 50 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), le gach scuab-gheall a cuirfear ar siúl fé Acht ar bith do ritheadh no rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, ag athghairm agus ag te acht in ionad an Achta um Oispidéil Phuiblí Dheirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) , bainfidh, fé is dá mba fén Acht deiridh sin a luaidhtear a cuirfí an scuab-gheall san ar siúl, leis an scuabgheall san ach san go pé atharuithe agus fé réir pé atharuithe is gá ag féachaint do théarmaí an Achta san do ritheadh no rithfear amhlaidh.

Saoirse o dhiúité stampa ar admhálacha.

42. —Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an eiseacht so leanas isteach ann fén mírcheann—“Receipt given for or upon payment of money amounting to £2 or upwards,” i dteanta na n-eisceacht atá sa Sceideal san no do cuireadh leis go dtí so fén mírcheann san, sé sin le rá:—

“(19). As from the commencement of Part IV of the Court Officers Act, 1926 (No. 27 of 1926), receipt given by a county registrar for money received by him in connection with the discharge of duties transferred by section 54 of that Act from the under-sheriff to the county registrar.”

Gan ailt 112 agus 113 den Stamp Act, 1891, do bheith i mbaint.

43. —(1) Ní bhainfidh alt 112 ná alt 113 den Stamp Act, 1891, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, i gcás cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so do theacht ar shlí ar bith tar éis an Achta so do rith chun bheith ina cúideachtain ar n-a có-dhéanamh i slí go mbeidh teora le freagarthacht a cuid ball.

(2) Baineann an t-alt so le gach cuideachtain—

(a) do bhí ar bith le linn an Achta Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do rith, agus

(b) ná raibh, le linn an Achta san do rith, ar n-a có-dhéanamh i slí go raibh teora le freagarthacht a cuid ball, agus

(c) do tháinig chun bheith freagarthach i gcáin phroifite corporáide d'íoc de bhuadh ailt 47 den Acht Airgid, 1932 , adubhradh.