|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 4 de 1934. | ||
| [EN] |
ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1934. | |
ACHT CHUN AN ACHTA IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1933 , DO LEASÚ TRÉ BHRÍ NA hABAIRTE “GNÓ DÉANTÓIREACHTA” SAN ACHT SAN DO LEATHNÚ AGUS CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DON LEASÚ SAN Ó AM AN ACHTA SAN DO RITH. [1adh Márta, 1934.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Brí na habairte “gnó déantóireachta” do leathnú. |
1. —Folóidh an abairt “gnó déantóireachta” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 4 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1933 ( Uimh. 10 de 1933 ), folóidh sí agus tuigfear gur fholuigh sí riamh, mar leathnú ar an mbrí tugtar di le halt 1 den Acht san, gnó dar príomh-chuspóir no darb aon-chuspóir tithe comhnaithe do thógáil agus d'fheistiú i Saorstát Éireann, le n-a n-áirmhítear talamh do thógaint agus d'fhorbairt chuige sin, agus léireofar an t-alt san 4 agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin. |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1933, agus den Acht so le chéile. |