|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939) | Ar Aghaidh (CUID II. Bord Cuartaiochta na hÉireann do Bhunu agus a gComhachta Generalta.) |
ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Cuartaíochta na hÉireann a bunófar de bhun an Achta so; | |
| [EN] | cialluíonn rud do bheith orduithe no le hordú é bheith orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfaidh an Bord fén Acht so. | |
| [EN] |
Costaisí. |
3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh. |