An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1940) Ar Aghaidh (CUID II. Bailecheanntar Bhinn Eadair do chur le Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.)

21 1940

ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1940

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, có-luadh, agus léiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1940, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 agus 1935, agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “an chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an chontae” contae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an bailecheanntar” bailecheanntar Bhinn Eadair;

cialluíonn an abairt “bárdas na cathrach” Tiarna Méara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an chomhairle chathrach” an chomhairle do bunuíodh don chathair leis an bPríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “an chomhairle chontae” comhairle chontae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an chomhairle cheanntair” comhairle bhailecheanntair Bhinn Eadair;

cialluíonn an abairt “bainisteoir na cathrach” Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath.

An lá ceaptha.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.