|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941) | Ar Aghaidh (CUID II. An Comhlucht Lorgtha agus Forbartha Mianrai, Teoranta.) |
ACHT UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Roimhraiteach. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 do ghairm den Acht so. |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1940” an t Acht Forbairte Minerál, 1940 (Uimh. 31 de 1940) ; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “na hAchtanna Cuideachtan” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an Bord Mianadóireachta” an bord do bunuíodh fén ainm sin le hAcht 1940; | |
| [EN] | tá leis an bhfocal “mianraí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1940, ach amháin ná foluíonn sé gual; | |
| [EN] | nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé na mianraí gur ina dtaobh a húsáidtear an focal san do thochailt, do chuardach, do bhaint, do ghabháil, d'árdú, do thógaint, do bhreith chun siúil, do chóireáil agus d'atharú agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “sean-ghnó mianadóireachta” aon ghnó atá, le linn an Achta so do rith, ina bheo-ghnóthas dar cúram, go furmhór no ar fad, mianraí d'oibriú agus na mianraí do gheibhtear de dhruim an oibrithe sin do dhéanamh incheannaigh agus do chur de láimh; | |
| [EN] | tá leis an abairt “mianraí Stáit” an bhrí chéanna atá léi in Acht 1940; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “ceadúnas lorgaireachta” ceadúnas lorgaireachta do réir bhrí Achta 1940; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “léas mianadóireachta Stáit” léas mianadóireachta Stáit do réir bhrí Achta 1940. | |
| [EN] |
Costaisí. |
3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh. |