|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 21 de 1960. | ||
| [EN] |
AN tACHT CAIPITIL TELEFÓIN, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO SHOLÁTHAR TUILLEADH AIRGID CHUN AN CÓRAS TELEFÓIN POIBLÍ A FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [26 Iúil, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Eisiúint bhreise chun an córas telefóin a fhorbairt. |
1. —I dteannta an airgid a údaraítear leis na hAchtanna Caipitil Thelefóna, 1924 go 1956, is cead go n-eiseoidh an tAire Airgeadais, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná deich milliún punt, a bhí nó a bheidh ag teastáil ón Aire Poist agus Telegrafa chun an córas telefóin poiblí a fhorbairt de réir mheastacháin arna gceadú ag an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil chun críocha an Achta seo. |
2. —(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a n-údaraítear leis an Acht seo iad a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó chun airgead a sholáthar chun gach suim nó aon suim, a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi údarás an Achta seo, a aisíoc leis an gCiste sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil trí bhlianachtaí infhoirceannta a rithfidh ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana fichead. |
| [EN] | (2) Íocfar isteach sa Státchiste an t-airgead uile a gheofar ar iasacht faoin alt seo. | |
| [EN] | (3) Na blianachtaí infhoirceannta uile a chruthnófar faoin alt seo, íocfar iad as airgead a sholathróidh an tOireachtas agus, mura leor an t-airgead sin, déanfar, a mhéid nach leor é, iad a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus aisíocfar gach airleacan den sórt sin leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
| [EN] |
Ailt 3 agus 4 den Acht Caipitil Thelefóna, 1927, a chorprú. |
3. —Corpraítear leis an Acht seo ailt 3 agus 4 den Acht Caipitil Thelefóna, 1927. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus lua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitil Telefóin, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Caipitil Telefóin, 1924 go 1960, a ghairm de na hAchtanna Caipitil Thelefóna, 1924 go 1956, agus den Acht seo le chéile. |