|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 32 de 1962. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEATHNÚ ACHTANNA AN OIREACHTAIS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 GO 1960. [25 Nollaig, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Liúntas thar oíche. |
1. —(1) San alt seo— |
| [EN] | ciallaíonn “limistéar Bhaile Átha Cliath” an limistéar sin, agus contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath ina cuid de, a ndearbhófar le rialacháin gurb é limistéar Bhaile Átha Cliath é chun críocha an ailt seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “comhalta lena mbaineann an t-alt seo” comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann nach i limistéar Bhaile Átha Cliath atá a ghnáth-áit chónaithe de thuras na huaire; | |
| [EN] | ciallaíonn “tionól”— | |
| [EN] | (a) tionól de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó | |
| [EN] | (b) tionól de choiste de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ar comhalta de comhalta lena mbaineann an t-alt seo. | |
| [EN] | (2) I gcás ina bhfanfaidh comhalta lena mbaineann an t-alt seo thar oíche i limistéar Bhaile Átha Cliath, toisc— | |
| [EN] | (a) é a bheith beartaithe aige freastal ar thionól an lá dá éis sin, nó | |
| [EN] | (b) tionól a raibh sé i láthair aige críochnú ródhéanach chun go bhféadfadh sé filleadh abhaile an lá céanna, | |
| [EN] | déanfar liúntas thar oíche i leith cóiríochta den mhéid a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo a íoc leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
| [EN] |
Saoráidí teileafóin agus poist. |
2. —Déanfar na saoráidí seo a leanas a dheonú, faoi réir cibé eisceachtaí, sriantachtaí agus coinníollacha a fhorálfar le rialacháin, do chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann: |
| [EN] | (a) glaonna teileafóin in aisce ó Theach Laighean, | |
| [EN] | (b) saoráidí poist in aisce de dhroim a dhualgas parlaiminte. | |
| [EN] |
Rialacháin. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo. |
| [EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
| [EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1963. | |
| [EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1960, agus den Acht seo le chéile. |