|
||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
| [EN] | ||
Uimhir 5 de 1966. | ||
| [EN] |
AN tACHT MONAÍOCHTA (LEASÚ), 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA MONAÍOCHTA, 1950 , D'FHONN A ÚDARÚ GO nEISEOFAÍ FAOIN ACHT SIN MONA COMÓRTHA AR ÓCÁID AN 50ú CUIMHNIÚ CINNBHLIANA AR ÉIRÍ AMACH SHEACHTAIN NA CÁSCA, 1916. [28 Feabhra, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Monaíochta, 1950 . |
| [EN] |
Leasú ar an bPríomh-Acht. |
2. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú— |
| [EN] | (a) trí “, agus mona airgid ghil i leith na bliana 1966,” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 5 indiaidh “Féadfaidh an tAire monaí copar-nicil agus umha”, | |
| [EN] | (b) trí na sonraí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis an Dara Sceideal, sna colúin iomchuí, agus | |
| [EN] | (c) trí “, i gcás tairiscint a dhéanfar i monaí airgid ghil a eisíodh i leith na bliana 1966, ná céad scilling agus, in aon chás eile, nach mó” a chur isteach i ndiaidh “ina dlí-thairiscint chun suim nach mó” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 12. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Monaíochta (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Monaíochta, 1950 agus 1966, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |