|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 18 de 1966. | ||
| [EN] |
AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN SAOTHAIR A BHUNÚ, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1959. [12 Iúil, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
An lá ceaptha. |
1. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo. |
| [EN] |
An Roinn Saothair. |
2. —(1) An lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairfear An Roinn Saothair nó (i mBéarla) the Department of Labour. |
| [EN] | (2) An tAire Saothair nó (i mBéarla) the Minister for Labour a thabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne Saothair agus a ghairfear de. | |
| [EN] | (3) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1959, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , leis an Roinn Saothair agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 . | |
| [EN] | (4) Chun críocha alt 6 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , measfar an Roinn Saothair agus oifig an Aire Saothair a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a dhéanfar maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin alt sin 6 (1) roimh an lá ceaptha, ní dhéarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha. | |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1959, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1966, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile. |