|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 28 de 1966. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT d'ATHRÚ NA mBLIANTA CHUN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA A BHEITH ANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. [15 Samhain, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Athrú ar na blianta chun toghcháin áitiúla a bheith ann. |
1. —(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) : |
| [EN] | “ (a) Beidh toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil ann sa bhliain 1967 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin.” | |
| [EN] | (2) Na téarmaí oifige a bheidh ag rith i dtosach feidhme an Achta seo i gcás comhaltaí údarás áitiúil beidh siad arna síneadh chun bheith de réir na dtoghchán is túisce a bheidh ann sa bhliain 1967 do chomhaltaí d'údaráis áitiúla tar éis tosach feidhme an Achta seo agus measfar gur toghcháin cheann cúig bliana na toghcháin sin. | |
| [EN] |
Athrú ar na blianta chun coistí freastal scoile a cheapadh. |
2. —Na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , déanfar iad sa bhliain 1967 agus measfar gur ceapacháin cheann cúig bliana iad. |
| [EN] |
Forálacha maidir le cruinnithe áirithe. |
3. —(1) D'ainneoin an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , a aisghairm, na cruinnithe dá dtagraítear in ailt 8 (1), 9 (1), 9 (2) agus 10 (2) den Acht sin faoi threoir na tréimhse ón 23ú lá de Mheitheamh go dtí an lú lá d'Iúil i mbliain beidh siad ann sa bhliain 1966, agus, chun críocha an fho-ailt seo measfar nár aisghaireadh an tAcht sin (lena n-áirítear, go sonrach, ailt 8 (2), 9 (3), 10 (3) agus 11). |
| [EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le buirg Dhún Laoghaire mar atá éifeacht aige maidir le buirgí eile, ar choinníoll, áfach, go ndéanfar aon tagairt do mhéara a fhorléiriú mar thagairt don chathaoirleach. | |
| [EN] | (3) Na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis tosach feidhme an Achta seo faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930, measfar gur cruinnithe ceann cúig bliana iad. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 84 (1) den Acht Toghcháin, 1963 . |
4. —Leasaítear leis seo alt 84 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , trí “faoi réir na sriantachta gurb é lá a shocrófar mar a dúradh lá i mí Meithimh sa bhliain a bheidh na toghcháin ann lena mbaineann an t-ordú” a chur isteach ag deireadh an ailt sin. |
| [EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo ailt 1, 2 (2), 3 (2), agus 3 (3) den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1965 . |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1966 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 agus 1965, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon Acht amháin. | |
| [EN] | (3) Measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an 8ú lá de Mheitheamh, 1966, agus aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith agus in ionchas a rite beidh sé bailí dá réir sin. |