|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 3 de 1968 | ||
| [EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 1968 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH LEASÚ I gCÁS SONRACH AR CHUID I DEN DARA SCEIDEAL A GHABHANN LE hACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 . [13 Márta, 1968.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Leasú i gcás sonrach ar Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 . |
1. —I gcás breitheamh den Chúirt Uachtarach a ceapadh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, do scaradh lena oifig an 26ú lá de Mhárta, 1978, measfar chun críocha Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , gur scar sé lena oifig i ndiaidh cúig bliana déag seirbhíse. |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1962 , Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1964 , Acht na gCúirteanna, 1964 , agus an tAcht seo a fhorléiriú i dteannta a chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1968, a ghairm díobh le chéile. |