|
||||
|
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL C Parluachanna | |
1. Tabharfaidh an Ciste fógra do chomhaltaí go bhféadfar parluachanna a bhunú chun críocha an Chomhaontaithe seo, de réir Airteagal IV, Ailt 1, 3, 4, agus 5 agus an Sceidil seo, i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta, nó i dtéarmaí cibé comhainmneoir eile a fhorordóidh an Ciste. Ní ór ná airgeadra a bheidh sa chomhainmneoir. | ||
2. Comhalta a bheartóidh parluach a bhunú dá airgeadra molfaidh sé parluach don Chiste laistigh de thréimhse réasúnach tar éis don fhógra a bheith tugtha faoi 1 thuas. | ||
3. Aon chomhalta nach mbeartóidh parluach a bhunú dá chuid airgeadra faoi 1 thuas rachaidh sé i gcomhairle leis an gCiste agus cinnteoidh sé go bhfuil a chomhshocraíochtaí iomlaoide ar comhréir le críocha an Chiste agus gur leor iad lena oibleagáidí faoi Airteagal IV, Alt 1 a chomhlíonadh. | ||
4. Comhthoileoidh an Ciste le parluach a mholfar nó cuirfidh sé ina choinne laistigh de thréimhse réasúnach tar éis an moladh a fháil. Ní bheidh éifeacht chun críocha an Chomhaontaithe seo le parluach a mholfar má chuireann an Ciste ina choinne, agus beidh an comhalta faoi réir 3 thuas. Ní chuirfidh an Ciste ina choinne mar gheall ar bheartais shóisialacha nó pholaitíochta intíre an chomhalta a mhol an parluach. | ||
5. Geallann gach comhalta a bhfuil parluach aige dá airgeadra bearta iomchuí ar comhréir leis an gComhaontú seo a chur i bhfeidhm lena chinntiú maidir leis an uasráta agus leis an íosráta le haghaidh spot-idirbhearta iomlaoide a dhéanfar ina chríocha idir a airgeadra agus airgeadraí comhaltaí eile a mbeidh parluachanna á gcothabháil acu nach gclaonfaidh siad ó pharadas de chuid is mó ná ceathair go leith faoin gcéad nó cibé marghan nó marghain lena nglacfaidh an Ciste trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála. | ||
6. Ní mholfaidh comhalta go ndéanfar athrú ar pharluach a airgeadra ach amháin chun éagothroime bhunúsach a cheartú nó a chosc. Ní dhéanfar athrú ach amháin ar mholadh an chomhalta agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste. | ||
7. Nuair a mholfar athrú, comhthoileoidh an Ciste leis an bparluach a mholfar nó cuirfidh sé ina choinne laistigh de thréimhse réasúnach tar éis an moladh a fháil. Comhthoileoidh an Ciste más deimhin leis gur athrú é is gá chun éagothroime bhunúsach a cheartú nó a chosc. Ní chuirfidh an Ciste ina choinne mar gheall ar bheartais shóisialacha nó pholaitíochta intíre an chomhalta a mholfaidh an t-athrú. Ní bheidh éifeacht chun críocha an Chomhaontaithe seo le hathrú a mholfar ar pharluach má chuireann an Ciste ina choinne. Má athraíonn comhalta parluach a airgeadra d'ainneoin an Ciste do chur ina choinne, beidh an comhalta faoi réir Airteagal XXVI. Alt 2. Dímholfaidh an Ciste parluach gan bhonn a bheith á chothabháil ag comhalta. | ||
8. Scoirfidh parluach airgeadra comhalta a bunaíodh faoin gComhaontú seo de bheith ann chun críocha an Chomhaontaithe seo má chuireann an comhalta in iúl don Chiste go mbeartaíonn sé an parluach a fhoirceannadh. Féadfaidh an Ciste cur i gcoinne foirceannadh parluacha le cinneadh a ghlacfar trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála. Má fhoirceannann comhalta parluach dá airgeadra d'ainneoin an Ciste do chur ina choinne, beidh an comhalta faoi réir Airteagal XXVI, Alt 2. Scoirfidh parluach a bunaíodh faoin gComhaontú seo de bheith ann chun críocha an Chomhaontaithe seo má fhoirceannann an comhalta an parluach d'ainneoin an Ciste do chur ina choinne, nó má chinneann an Ciste nach gcothabhálann an comhalta rátaí do thoirt shubstaintiúil idirbhearta iomlaoide de réir 5 thuas, ar choinníoll nach bhféadfaidh an Ciste cinneadh den sórt sin a dhéanamh mura mbeidh comhairle glactha aige leis an gcomhalta agus fógra seasca lá tugtha aige dó é a bheith beartaithe ag an gCiste a bhreithniú an ndéanfadh sé cinneadh. | ||
9. Má scoireann parluach airgeadra comhalta de bheith ann faoi 8 thuas, rachaidh an comhalta i gcomhairle leis an gCiste agus cinnteoidh sé go bhfuil a chomhshocraíochtaí iomlaoide ar comhréir le críocha an Chiste agus gur leor iad lena oibleagáidí faoi Airteagal IV. Alt 1 a chomhlíonadh. | ||
10. Féadfaidh comhalta a mbeidh an parluach dá airgeadra scortha de bheith ann faoi 8 thuas parluach nua dá airgeadra a mholadh tráth ar bith. | ||
11. D'ainneoin 6 thuas, féadfaidh an Ciste, trí thromlach seachtó faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála. comhathruithe comhréireacha a dhéanamh ar na parluachanna uile más é an ceart tarraingthe speisialta an comhainmneoir agus nach rachaidh na hathruithe i gcion ar luach an chirt tarraingthe speisialta. Ach ní athrófar parluach airgeadra comhalta faoin bhforáil seo má chuireann an comhalta in iúl don Chiste, laistigh de sheacht lá tar éis gníomh an Chiste, nach mian leis go n-athrófaí parluach a airgeadra leis an ngníomh sin. |