|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL C Parluachanna) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL E Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh) |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL D An Chomhairle | |
1. (a) Déanfaidh gach comhalta a cheapfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus gach grúpa comhaltaí a gcaithfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa an líon vótaí a leithroinneadh orthu Comhairleoir amháin a cheapadh chun na Comhairle, ar Rialtóir, Aire i Rialtas comhalta, nó duine comhchéime é, agus féadfaidh siad seachtar Comhlach ar a mhéid a cheapadh. Féadfaidh an Bord Rialtóirí, trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, an líon Comhlach is féidir a cheapadh a athrú. Fónfaidh Comhairleoir nó Comhlach go dtí go ndéanfar ceapachán nua nó go dtí an chéad toghchán rialta eile Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, cibé acu is luaithe a tharlóidh. | ||
(b) Beidh teideal ag Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, nó, nuair a bheidh siad as láthair, ag a Malartaigh, agus ag Comhlaigh freastal ar chruinnithe den Chomhairle, mura gcinnfidh an Chomhairle seisiún srianta a sheoladh. Gach comhalta agus gach grúpa comhaltaí a cheapfaidh Comhairleoir ceapfaidh sé Malartach ag a mbeidh teideal freastal ar chruinniú den Chomhairle nuair nach mbeidh an Comhairleoir i láthair, agus beidh cumhacht iomlán aige gníomhú thar ceann an Chomhairleora. | ||
2. (a) Maoirseoidh an Chomhairle bainistí agus oiriúnú an chórais airgeadaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear oibriú leanúnach an phróisis coigeartaithe agus forbairtí i leachtaíocht dhomhanda, agus i ndáil leis sin athbhreithneoidh sí forbairtí in aistriú acmhainní réadacha chun tíortha forásacha. | ||
(b) Breithneoidh an Chomhairle tograí de bhun Airteagal XXVIII (a) chun na hAirteagail Chomhaontaithe a leasú. | ||
3. (a) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Comhairle chun aon cheann de chumhachtaí an Bhoird Rialtóirí a fheidhmiú ach amháin na cumhachtaí a thugtar go díreach leis an gComhaontú seo don Bhord Rialtóirí. | ||
(b) Beidh teideal ag gach Comhairleoir an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh faoi Airteagal XII, Alt 5 ar an gcomhalta nó ar an ngrúpa comhaltaí a cheap é. Féadfaidh Comhairleoir a cheap grúpa comhaltaí na vótaí a leithroinneadh ar gach comhalta sa ghrúpa a chaitheamh ar leithligh. I gcás nach féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar chomhalta, féadfaidh an comhalta comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairleoir chun an líon vótaí a leithroinneadh ar an gcomhalta a chaitheamh. | ||
(c) Ní dhéanfaidh an Chomhairle aon ghníomh de bhun cumhachtaí a tharmlig an Bord Rialtóirí ar gníomh é ar neamhréir le haon ghníomh ag an mBord Rialtóirí agus ní dhéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon ghníomh de bhun cumhachtaí a tharmlig an Bord Rialtóirí ar gníomh é ar neamhréir le haon ghníomh ag an mBord Rialtóirí nó ag an gComhairle. | ||
4. Roghnóidh an Chomhairle Comhairleoir mar chathaoirleach, glacfaidh sí rialacháin de réir mar is gá nó is iomchuí chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, agus cinnfidh sí aon ghné dá nós imeachta. Tionólfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe dá mbeidh socrú déanta ag an gComhairle nó a ghairfidh an Bord Feidhmiúcháin. | ||
5. (a) Beidh cumhachtaí ag an gComhairle ar comhréir le cumhachtaí an Bhoird Fheidhmiúcháin faoi na forálacha seo a leanas: Airteagal XII, Alt 2 (c), (f), (g), agus (j); Airteagal XVIII, Alt 4 (a) agus Alt 4 (c) (iv); Airteagal XXIII, Alt 1; agus Airteagal XXVII, Alt 1 (a). | ||
(b) Maidir le cinntí ón gComhairle ar nithe a bhaineann go heisiatach le Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta ní bheidh teideal chun vótála ach ag Comhairleoirí a cheap comhalta is rannpháirtí nó grúpa comhaltaí ar rannpháirtí comhalta amháin ar a laghad de. Beidh teideal ag gach Comhairleoir díobh sin an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar an gcomhalta is rannpháirtí a cheap é nó ar na comhaltaí is rannpháirtithe sa ghrúpa comhaltaí a cheap é, agus féadfaidh sé na vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar rannpháirtí lena ndearnadh comhshocraíochtaí de bhun na habairte deiridh de 3 (b) thuas. | ||
(c) Féadfaidh an Chomhairle le rialachán nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin vóta de na Comhairleoirí a fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Chomhairle nuair a mheasfaidh an Bord Feidhmiúcháin nach foláir don Chomhairle gníomh a dhéanamh nár chóir a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle agus ar gníomh é nach gá cruinniú speisialta a ghairm ina leith. | ||
(d) Bainfidh Airteagal IX, Alt 8 le Comhairleoirí, lena Malartaigh, agus lena gComhlaigh, agus le haon duine eile a bheidh i dteideal freastal ar chruinniú den Chomhairle. | ||
(e) Chun críocha (b) agus 3 (b) thuas, tabharfaidh comhaontú faoi Airteagal XII, Alt 3 (i) (ii) ó chomhalta, nó ó chomhalta is rannpháirtí, teideal do Chomhairleoir vótáil agus an líon vótaí a chaitheamh a leithroinneadh ar an gcomhalta. | ||
6. Measfar go bhfolaíonn an chéad abairt d'Airteagal XII, Alt 2 (a) tagairt don Chomhairle. |