|
| |
| |
Sceideal C
Critéir Cháilithe le haghaidh CITÍ
|
| |
1. Bunófar CIT ar bhonn idir-rialtasach agus beidh a chomhaltas ar oscailt do gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe nó d'aon ghníomhaireacht dá shainghníomhaireachtaí nó den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
|
| |
2. Beidh baint aige ar bhonn leanúnach le gnéithe trádála, táirgthe agus tomhaltais an tráchtearra áirithe.
|
| |
3. Ar a chomhaltas áireofar táirgeoirí agus tomhaltóirí a bheidh ag freagairt do scair leordhóthanach d'onnmhairí agus d'allmhairí an tráchtearra lena mbaineann.
|
| |
4. Beidh próis éifeachtach aige chun cinntí a dhéanamh ina léireofar leasanna a rannpháirtithe.
|
| |
5. Beidh ar a chumas glacadh le modh oiriúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfar go cuí aon fhreagrachtaí teicniúla nó eile de dhroim a chomhlachais le gníomhaíochtaí an Dara Cuntas.
|