|
| |
| |
Sceideal D
Vótaí a Leithroinnt
|
| |
1. Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (a):
|
| |
(a) 150 bunvóta;
|
| |
(b) An líon vótaí a leithroinnfear air i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a bheidh suibscríofa aige, mar atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo;
|
| |
(c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé;
|
| |
(d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo.
|
| |
2. Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (b):
|
| |
(a) 150 bunvóta;
|
| |
(b) Líon vótaí i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shuibscríobh sé, a bheidh le cinneadh ag an gComhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe ar bhonn atá ar comhréir leis an leithroinnt ar na vótaí dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo;
|
| |
(c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé;
|
| |
(d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo.
|
| |
3. I gcás ina gcuirfear Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha neamhshuibscríofa nó breise ar fáil lena suibscríobh de réir airteagal 9, mír 4 (b) agus (c), agus airteagal 12, mír 3, déanfar dhá vóta breise a leithroinnt ar gach Ballstát in aghaidh gach Scair Chaipitil Dhíor-Ranníoctha bhreise a shuibscríobhfaidh sé.
|
| |
4. Coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe leagan amach na vótála faoi athbhreithniú i gcónaí agus má bhíonn éagsúlacht shuntasach idir leagan amach na vótála iarbhír agus an leagan amach dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo, déanfaidh an Chomhairle aon choigeartuithe is gá de réir na bprionsabal bunúsach a rialaíonn dáileadh vótaí atá léirithe sa sceideal seo. Nuair a bheidh an Chomhairle Rialaithe ag déanamh na gcoigeartuithe sin cuirfidh sí an méid seo a leanas san áireamh:
|
| |
(a) An comhaltas;
|
| |
(b) An líon Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha;
|
| |
(c) An méid Caipitil Ráthaíochta.
|
| |
5. Déanfar coigeartuithe i ndáileadh vótaí de bhun mhír 4 den sceideal seo de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe chun na críche sin le Tromlach Ardcháilithe ag a céadchruinniú bliantúil.
|