An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 ) Ar Aghaidh ( CUID 4 )

14 2009

An tAcht um Bearta Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009

CUID 3

Alt 18.

Leasú ar an Acht Árachais (Uimh. 2) 1983

Ítim

An fhoráil a leasaítear

An leasú

1

Alt 1(1), an míniú ar “ ‘údarú’ agus ‘árachas neamh-shaoil’ ”

É a scriosadh.

2

Alt 1(1), an míniú ar “an gnó”

An míniú seo a leanas a chur ina ionad:

“folaíonn ‘an gnó’ i ndáil le hárachóir nó le hathárachóir, an gnó infheistíochtaí agus sócmhainní a theachtann an t-árachóir nó an t-athárachóir a bhainistiú;”.

3

Alt 1(1), an míniú ar “ ‘árachóir’ agus ‘polasaí’ ”

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘gnó árachais’ gnó neamh-shaoil nó gnó saoil;

ciallaíonn ‘árachóir’ sealbhóir ar údarú arna eisiúint ag an mBanc—

(a) faoi na Rialacháin Árachais Neamh-Shaoil,

(b) faoi na Rialacháin Árachais Saoil,

(c) faoi na Rialacháin Chreata Árachais Neamh-Shaoil, nó

(d) faoi na Rialacháin Chreata Árachais Saoil,

chun aicme nó tuairisc gnó árachais a sheoladh;

ciallaíonn ‘Rialacháin Chreata Árachais Saoil’ Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);

ciallaíonn ‘Rialacháin Árachais Saoil’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachais Saoil) 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);”.

4

Alt 1(1), an míniú ar “sealbhóir polasaí”

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘Rialacháin Chreata Árachais Neamh-Shaoil’ Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994);

ciallaíonn ‘Rialacháin Árachais Neamh-Shaoil’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976);

ciallaíonn ‘polasaí’ doiciméad nó scríbhinn eile trína ndéantar—

(a) conradh árachais neamh-shaoil (de réir bhrí na Rialachán Árachais Neamh-Shaoil nó na Rialachán Creata Árachais Neamh-Shaoil) nó conradh árachais saoil (de réir bhrí na Rialachán Árachais Saoil nó na Rialachán Creata Árachais Saoil), nó

(b) conradh athárachais (de réir bhrí na Rialachán Athárachais),

nó trína gcomhaontaítear conradh den sórt sin a dhéanamh nó is fianaise ar chonradh den sórt sin;

ciallaíonn ‘sealbhóir polasaí’, i ndáil le hárachóir nó le hathárachóir, duine (seachas an t-árachóir nó an t-athárachóir eisiúna) is páirtí i bpolasaí a eisíonn an t-árachóir nó an t-athárachóir;”.

5

Alt 1(1), an míniú ar “na Rialacháin”

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘na Rialacháin Athárachais’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachas) 2006 (I.R. Uimh. 380 de 2006);

ciallaíonn ‘athárachóir’ sealbhóir ar údarú faoi na Rialacháin Athárachais;

ciallaíonn ‘na Rialacháin mhaoirseachta’—

(a) na Rialacháin Árachais Saoil,

(b) na Rialacháin Árachais Neamh-Shaoil,

(c) na Rialacháin Athárachais,

(d) na Rialacháin Chreata Árachais Neamh-Shaoil,

(e) na Rialacháin Chreata Árachais Saoil, agus

(f) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Maoirseacht Fhorlíontach Grúpaí Árachais agus Athárachais) 2007 (I.R. Uimh. 366 de 2007).”.

6

Alt 1

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Mura léir a mhalairt d’intinn, aon tagairt in ailt 2 go 6 den Acht seo d’árachóir, folaíonn sí tagairt d’athárachóir.”.

7

Alt 2(2)(a)(iii)

“de réir cheanglais na Rialachán maoirseachta” a chur in ionad “de réir cheanglais na Rialacháin”.

8

Alt 2(2)(b)

“gnó árachais nó gnó athárachais” a chur in ionad “gnó árachais neamh-shaoil”.

9

Alt 2(8)

An méid seo a leanas a chur ina ionad:

“(8) In imeachtaí de dhroim achainí arna tíolacadh faoin Acht seo, maidir le fianaise go raibh na nithe atá leagtha amach i bhfo-alt (2)(a) bainteach i ndáil le hárachóir i ndeireadh na tréimhse lena mbaineann na tuairisceáin is deireanaí ón árachóir chun an Bhainc—

(a) faoi na hAchtanna Árachais 1909 go 2000,

(b) faoi na Rialacháin mhaoirseachta, nó

(c) faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais Árachais Neamh-Shaoil) 1995 (I.R. Uimh. 202 de 1995),

nó ar aon dáta dá éis sin, is fianaise í go bhfuil na nithe sin bainteach i ndáil leis an árachóir an tráth a éistfear na himeachtaí.”.

10

I ndiaidh alt 2, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Cumhacht díola riarthóra, etc.

2A.—(1) Beidh ag riarthóir a cheapfar faoi alt 2, agus measfar go raibh aige riamh, an chumhacht chun gnó, gnóthas nó sócmhainní uile an árachóra lena mbaineann, nó aon chuid den chéanna, a dhiúscairt agus chun aon ghnó a bheidh fágtha a sheoladh, lena n-áirítear dliteanais a ghlanadh, d’fhonn an riaradh a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil.

(2) I gcás go ndearna riarthóir den sórt sin, a ceapadh roimh an 20 Márta 1989, gnó, gnóthas nó sócmhainní uile árachóra atá údaraithe faoi na Rialacháin Árachais Neamh-Shaoil, nó aon chuid den chéanna, a dhiúscairt, féadfar le toiliú na cúirte, cibé méideanna is gá, i dtuairim na cúirte, le go leanfadh an riarthóir den riaradh d’fhonn é a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil, a íoc as an gCiste leis an riarthóir.”.

11

Alt 4

“ar ghnó árachais nó athárachais” a chur in ionad “ar ghnó árachais neamh-shaoil”.

12

Alt 6

“ar ghnó árachais nó athárachais” a chur in ionad “ar ghnó árachais neamh-shaoil”.