An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 2 )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

Coigeartú agus Modh Ríofa na Méideanna is Iníoctha i Leith Tacaíochta Stáit Coimhdí

1. Déanfar airgead a airleacann an Fheidhmeannacht de bhun tacaíochta Stáit coimhdí i mbliain a chomhiomlánú agus glacfar leis gurb é an bonnfhigiúr i leith na n-íocaíochtaí sin an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a bhaineann le lár mhí na Nollag an bhliain sin.

2. Leanfar an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 i leith gach bliana ina diaidh sin ina ndéanfar íocaíochtaí de bhun tacaíochta Stáit coimhdí.

3. Déanfar an méid a shuífear faoi mhíreanna 1 agus 2 a choigeartú chun athruithe sa treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a chur i gcuntas.

4. An tráth a tharlóidh teagmhas iomchuí nó teagmhas iomchuí iarchurtha, de réir mar is gá sa chás, ríomhfaidh an Fheidhmeannacht comhiomlán na méideanna a bheidh dlite i leith gach bliana, tar éis na méideanna a airleacfar a choigeartú de réir mhíreanna 1 go 3 agus athruithe sa treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí anuas go dtí an mhí díreach roimh an mí inar tharla an teagmhas iomchuí nó an teagmhas iomchuí iarchurtha, agus an mhí sin san áireamh, a chur i gcuntas

5. Sa Sceideal seo, ciallaíonn an “treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí” an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim arna tiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.