|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Aois-liuntas.) |
ACHT CHUAN NA GAILLIMHE, 1935
| [EN] | ||
| [EN] |
DARA SCEIDEAL. Scoip Chomhachta Breise chun Fo-Dhlithe do Dheanamh. | |
Aireamh ar chrícheanna na bhfo-dhlithe:— | ||
(a) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh bainistí an Chuain no aon choda den Chuan; | ||
(b) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh bainistí, loingseoireacht, luas, feistiú no ceangal aon árthach a bheidh ag úsáid an Chuain; | ||
(c) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh ballasta bheidh in árthaighe thiocfaidh isteach sa Chuan do thógaint chun siúil agus do chur de láimh agus i dtaobh ballasta do sholáthar d'árthaighe sa Chuan agus chun cosc do chur le ballasta do chaitheamh thar bord no le leigint do tuitim thar bord; | ||
(d) chun a chur in áirithe ná déanfar céibheanna no calaidh ar a gcuirtear earraí i dtír de ghnáth d'úsáid ach chun gnótha an Chuain; | ||
(e) chun a chur in áirithe go mbeidh an Cuan agus árthaighe, daoine agus maoin ann sábhálta; | ||
(f) chun aon chuideanna den Chuan do choimeád ar leithligh chun crícheanna áirithe; | ||
(g) chun tráthanna agus áiteanna íoctha rátaí agus slí a n-íoctha do rialáil; | ||
(h) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh paisnéirí agus daoine bheidh ag cur earraí ar bord luinge no á dtógaint as luing agus máirnéalaigh agus daoine eile do leigint isteach sa Chuan agus i dtaobh na dtráthanna leigfear isteach iad agus na dtráthanna gur le n-a linn fhéadfaid fanúint laistigh den Chuan; | ||
(i) chun a thoirmeasc ar dhaoine bheith ag síomántaíocht no ag súgradh laistigh den Chuan; | ||
(j) chun cosc no srian do chur le hearraí do dhíol laistigh den Chuan; | ||
(k) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh eallaigh stuic laistigh den Chuan agus i dtaobh eallach stuic do leigint isteach ann; | ||
(l) chun rialáil do dhéanamh i dtaobh feithiclí do leigint isteach sa Chuan agus chun feithiclí laistigh den Chuan do rialú; | ||
(m) chun caitheamh tobac laistigh den Chuan do chosc no do rialáil; agus | ||
(n) chun rialáil do dhéanamh, le toiliú na gCoimisinéirí Ioncuim, i dtaobh na laetheanta agus na n-uaireanta gur le n-a linn a déanfar geataí an Chuain agus na slite isteach chuige agus amach uaidh, agus geataí agus dóirse aon stóraisí, caltacha, boghtainí agus foirgintí laistigh den Chuan ina mbeidh earraí i dtaisce is ionchurtha fé scrúdú Custum no fé dhiúitéthe Custum, d'oscailt agus d'fhágaint ar oscailt agus do dhúnadh agus do ghlasáil. |