An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil), 1954.)

1 1955

AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

AN CHEAD SCEIDEAL.

Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954.

Alt 1.

I bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsítear ann le halt 25 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 ( Uimh. 5 de 1941 ), agus le halt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 ( Uimh. 23 de 1939 ). ordaíonn an tAire Rialtas Áitiúil leis seo mar leanas:—

Teideal.

1. Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954, is teideal don Ordú seo.

Tosach feidhme.

2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lú lá d'Aibreán, 1955. nó, i gcás gan dlí a dhéanamh. an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Orduithe seo, pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

3. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe;

ciallaíonn “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Chorcaighe;

ciallaíonn “an Chathair” Contae-Bhuirg Chorcaighe;

ciallaíonn “an Contae” Contae Chorcaighe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an límistéir bhreise” an límistéir a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhas leis seo;

ciallaíonn “an tórainn atá anois ann” tórainn na Cathrach mar bheas sí díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo;

ciallaíonn “tosach feidhme an Orduithe seo” an lá a thiocfas an tOrdú seo i bhfeidhm.

(2) Sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo, déanfar tagairt d'achar páirce in acraí d'fhorléiriú do réir athleaganacha 1926 agus 1927 de na pleananna Suirbhéireachta Ordanáis LXXIV 2, 5, 6 agus 14 de Chontae Chorcaighe. scala 25 orlach in in aghaidh an mhile.

Tórainn na cathrach a leathnú.

4. (1) Ar thosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis sin beidh an límistéir bhreise arna baint den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachta na Comhairle Contae agus beidh sí arna cur leis an gCathair agus uaidh sin amach folófar an límistéir sin sa Chathair agus beidh sí ina cuid den Chathair chun gach críche agus beidh tórainn na Cathrach leathnaithe dá réir.

(2) Aon fhoirgint a mbeidh tórainn na Cathrach mar leathnaítear í leis an Ordú seo ag gabháil tríthi nó trí aon chuid di. measfar í a bheith laistigh den tórainn sin.

Léarscála oifigiúla d'ullmhú.

5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil, ar pé scála oiriúnach agus ar pé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh a cheadós an tAire, a thaispeánfas, i slí a cheadós an tAire, an límistéir bhreise agus an Chathair, agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscála sin agus taiscfidh ceann de na léarscála sin i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin, in oifigí an Bhardais. agus in oifigí na Comhairle Contae faoi seach.

(2) Nuair a taiscfear na léarscála sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin. an Bhardais. agus na Comhairle Contae faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscála sin nó cóipeanna dílse dhíobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheas na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin. don Bhardas, agus don Chomhairle Chontae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe dhi. d'ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfas í agus pé suim a ordós an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Chontae, faoi seach, aon uair a iarrfas aon Chúirt Bhreithiúnais é. cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin airteagal seo d'ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíoradh don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar aon chóip den tsórt sin a thabhairt ar aird agus d'fhíoradh don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dochloíte ar thórainn na límistéire breise (a mhéid a taispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo nó d'ainncoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm.

Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, ó am go ham do réir mar is gá, comhaontú a dhéanamh ar choigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú comhaontaithe san airteagal seo) i dtaobh aon ábhair nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas de dhroim an límistéir bhreise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaid coigeartú comhaontaithe den tsórt sin a dhéanamh i dtaobh maoine, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i geaingean), a bheas dílsithe sa Chomhairle Chontae nó ar únaeracht aici nó ar iontaobhas di agus a bheas, go hiomlán nó go páirteach, sa límistéir bhreise nó in aon chuid áirithe di nó ag baint léi sin agus i dtaobh fiach agus dliteanas (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais faibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheas dlite ón gComhairle Chontae agus gan íoc aici nó curtha suas agus gan urscaoileadh aici agus a bhainfeas, go hiomlán nó go páirteach, leis an límistéir bhreise nó le haon chuid áirithe di.

(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Chontae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead. i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae as an maoin sin a choinneáil, d'aistriú, nó d'úsáid i gcomhpháirt.

(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Chontae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas sa bhfiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae i leith an fhéich nó an dliteanais sin.

(4) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Chontae, i dtráthchuid nó i dtráthchoda nó i bhfoirm bhlianachta, suim i leith an mhéaduithe ualaigh (más ann dó) a cuirfear go cuí ar íocóirí rátaí na Contae faoi chomhair an chostais faoina raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú aon cheann dá gcumhacha agus dá ndualgais de dhroim tórainn na Cathrach a leathnú leis an Ordú seo, ach nuair a bheas méid aon tsuime den tsórt sin agus modh a híoctha á gcinneadh déanfar do réir na bhforál seo a leanas:

(a) bhéarfar aird ar an difríocht idir an t-ualach ar íocóirí rátaí na Contae a raghaidh an Chomhairle Chontae faoi go cuí faoi chomhair costais feidhmithe aon chinn dá gcumhachta agus dá ndualgais agus an t-ualach ar na híocóirí rátaí sin a raghfaí faoi go cuí dá mba nár leathnaíodh tórainn na Cathrach leis an Ordú seo;

(b) bhéarfar aird freisin ar an fhaid aimsire is dócha a mhairfeas an méadú ualaigh sin;

(c) más in aon tráthchuid amháin a bheas an tsuim sin le híoc, ní bheidh méid na suime sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéaduithe ualaigh sin;

(d) más i dhá thráthchuid nó níos mó nó i bhfoirm bhlianachta a bheas an tsuim sin le híoc, ní bheidh luach caipitlithe na dtráthchoda nó na blianachta sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéaduithe ualaigh sin.

(5) Aon uair a theipfeas ar an gComhairle Chontae agus ar an mBardas comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartuithe chomhaontaithe faoin airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Chontae nó an Bardas dá iarraidh sin, coigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú éigeantach san Airteagal seo) i dtaobh an ábhair nó an ruda sin agus féadfaidh leis an gcoigeartú sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ábhair nó an ruda sin d'fhéadfaí a dhéanamh faoin airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.

(6) Beidh éifeacht do réir a théarmaí ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach agus beidh sé ina choigeartú críochnaitheach dochloíte agus beidh sé le cur i bhfeidhm dá réir sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach in aghaidh a chéile.

Rúin, etc., a bhaineas leis an límistéir bhreise.

7. Gach rún a rithfeas, gach ordú a dhéanfas, agus gach fógra a sheirbheálfas an Chomhairle Chontae roimh thosach feidhme an Orduithe seo maidir leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti, agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhainfeas sé leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti, amhail is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Bardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Chontae é agus amhail is dá mbeadh an límistéir bhreise curtha cheana leis an gCathair ar an dáta sin.

Leabhair ghiúróirí sa chathair agus sa chontae.

8. Beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le hullmhú leabhar giúróirí, le hullmhú rollaí giúróirí agus le toghairm ghiúróirí agus maidir leis na rollaí as a dtoghfar giúróirí chun saincheisteanna a thriail ag Cúirt nó ag Breitheamh a shuífeas sa Chathair nó sa Chontae:—

(a) go dtí go mbeidh an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chathair nó an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chontae (lena n-áirítear an límistéir bhreise), ar thosach feidhme an Orduithe seo, ídithe, leanfaidh an dlí a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo de bheith i bhfeidhm agus comhlíonfar é amhaíl is nach dtáinig an tOrdú seo i ngníomh, agus

(b) nuair a bheas ceann de na leabhair ghiúróirí sin ídithe tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, measfar an ceann eile de na leabhair ghiúróirí sin a bheith ídithe agus tiocfaidh leabhair nua ghiúróirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae.

Foráil speisialta chun críocha na nAcht Luachála.

9. Sa mhéid go mbaineann sé leis an límistéir bhreise, measfar, chun críocha na nAcht Luachála, gur cuireadh chun an Bhardais an liosta luachála athbhreithnithe is déanaí a fuair an Chomhairle Chontae ón gCoimisinéir Luachála roimh thosach feidhme an Orduithe seo.

Coigeartú ar an deontas talmhaíochta.

10. (1) An chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an mBardas faoi alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, is £360 a bheas inti in ionad na suime a luaitear san alt sin 50.

(2) An tsuim £226,740 adeirtear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , a bheith iníoctha leis an gComhairle Chontae, déanfar, chun críocha feidhme an Sceidil sin maidir leis an deontas talmhaíochta, í a laghdú suim £360 go dtí £226,380.

Límistéir dlínse chróinéara Chontae Chorcaighe Theas.

11. Faid a leanfas an té a bheas i seilbh oifig chróinéara Chontae Chorcaighe Theas i dtosach feidhme an Orduithe seo de bheith i seilbh na hoifige sin, beidh a límistéir dlínse mar bheadh dá mba nach dtáinig an tOrdú seo i bhfeidhm ach, ar é a scor de dheasca é d'fháil bháis nó ar chúis eile de bheith i seilbh na hoifige sin, déanfar an méid den límistéir sin atá á chur leis an gCathair, leis an Ordú seo, a bhaint de límistéir dlínse chróinéara Chontae Chorcaighe, Theas, agus a chur le límistéir dlínse chróinéara na Cathrach agus é d'áireamh feasta ina chuid di.

Límistéir dlínse shirriaim Chontae Chorcaighe.

12. Faid a leanfas an té a bheas i seilbh oifig shirriaim na contae i dtosach feidhme an Orduithe seo de bheith i seilbh na hoifige sin, beidh a límistéir dlínse mar bheadh dá mba nach dtáinig an tOrdú seo i bhfeidhm ach, ar é a scor de dheasca é d'fháil bháis nó ar chúis eile de bheith i seilbh na hoifige sin déanfar an méid den límistéir sin atá á chur leis an gcathair, leis an Ordú seo, a bhaint de límistéir dlínse shirriaim na Contae agus a chur le límistéir dlínse shirriaim na Cathrach agus é d'áireamh feasta ina chuid di.

Comhaltaí den Chomhairle Chontae a chosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

13. Comhalta den Chomhairle Chontae a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil sa Chontae de dhroim an límistéir bhreise a chur leis an gCathair, ní bheidh sé, de bhíthin an scoir sin amháin, dícháilithe chun leanúint i seilbh oifige mar chomhalta den Chomhairle go dtí gnáth-lá scortha an chomhalta den Chomhairle Chontae tar éis an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle Contae a comórfar tar éis tosach feidhme an Orduithe seo.

Forála a bhaineas le clár na dtoghthóirí.

14. Déanfar an límistéir bhreise a thaispeáint ar leithligh i pé slí a ordós an tAire i gclár na dtoghthóirí don Chontae a tháinig i bhfeidhm an 15ú lá d'Aibreán díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil an Naoú lá seo de Nollaig, Míle, Naoi gCéad Caoga a Ceathair.

PÁDRAIG Ó DOMHNAILL,

Aire Rialtais Áitiúil.

AN SCEIDEAL DA DTAGARTAR SAN ORDU ROIMHE SEO.

1. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú ag an bpointe mar a ngearrann an tórainn atá anois ann lárlíne Bhóthair na gCoimíní, as sin siar i líne dhíreach go dtí an pointe is gaire den éadan theas ar fhál thuaidh Lána Pháirc an Aonaigh, as sin siar feadh éadain theas an fháil sin go dtí a acomhal le héadan thiar an bhalla atá mar thórann thoir le Faiche an Aonaigh, as sin ó thuaidh feadh éadain thiar an bhalla sin go dtí a acomhal le héadan theas balla thuaidh Fhaiche an Aonaigh, as sin siar feadh éadain theas an bhalla dheiridh sin go dtí a fhoirceann ag béal an lána idir an pháirc 5·538 acra agus an pháirc ·711 acra i mBaile Fearainn na gCoimíní, as sin siar i líne dhíreach go dtí an pointe is gaire ar éadan theas an bhalla a leanas as balla thuaidh Fhaiche an Aonaigh, as sin siar, ansin ó dheas agus ansin siar feadh éadain Fhaiche an Aonaigh den bhalla sin go dtí a acomhal le balla thoir Chnoc an Aonaigh, as sin siar díreach i líne dhíreach go dtí tórainn thoir Bhaile Fearainn Gharrán na mBráthar, as sin siar ó dheas i líne dhíreach go dtí an coirnéal thoir-thuaidh den fhoirgneamh atá suite sa chúinne thoir-thuaidh den pháirc ·451 acra i mBaile Fearainn Gharrán na mBráthar, as sin siar feadh an éadain thuaidh de bhalla thuaidh an fhoirgnimh sin, as sin siar feadh an éadain thuaidh de bhalla thuaidh na páirce deiridh sin agus ar leanúint siar feadh an éadain thuaidh de bhalla thuaidh na páirce 4·574 acra i mBaile Fearainn Gharrán na mBráthar go dtí a acomhal le lárlíne fháil thiar na páirce deiridh sin, as sin ó dheas feadh lár fháil thiar na páirce deiridh sin go dtí a hacomhal le lárlíne fháil thuaidh na páirce 11·266 acra sa Bhaile Fearainn céanna, as sin siar, ansin siar ó thuaidh agus ansin siar feadh lárlíne fálta thuaidh na páirce deiridh sin, agus na páirce 5·748 acra agus na páirce 5·036 acra i mBaile Fearainn Gharrán na mBráthar go dtí a hacomhal le lárlíne fháil thiar na páirce deiridh sin, as sin ó dheas feadh lárlíne fháil thiar na páirce deiridh sin go dtí go ngearrann sí lárlíne fháil thuaidh na páirce 5·598 acra sa Bhaile Fearainn céanna, as sin siar agus ansin ó dheas feadh lárlíne fháil thuaidh agus fháil thiar na páirce deiridh sin go dtí a hacomhal le lárlíne fháil thuaidh na páirce 9·451 acra sa Bhaile Fearainn céanna, as sin siar feadh lárlínte fálta thuaidh na páirce deiridh sin agus na páirce 9·759 acra sa Bhaile Fearainn céanna agus feadh an tsamhail-fhaidithe siar ar lárlíne an fháil deiridh sin go dtí go dteagmhaíonn le tórainn thiar Bhaile Fearainn Gharrán na mBráthar, as sin feadh tórann thiar an Bhaile Fearainn deiridh sin soir ó dheas go dtí go ngearrann sí lárlíne fháil theas na páirce 10·820 acra i mBaile Fearainn Chnoc na hAoine, as sin siar feadh lárlíne fháil theas na páirce deiridh sin go dtí go ngearrann sí an samhail-fhaidiú ó thuaidh ar éadan thoir bhalla tórann thoir an Ospidéil Chruthliachta, as sin ó dheas feadh an tsamhail-fhaidithe sin agus feadh éadain thoir an bhalla sin agus feadh a shamhail-fhaidithe ó dheas go ngearrann éadan thuaidh fáil theas an ascail chúil a ghabhas go Coláiste Oiliúna Bráthar na Toirbhirte, as sin soir feadh éadain thuaidh an fháil deiridh sin go dtí a acomhal le lár líne an bhalla atá mar thórainn idir Bóthar an Bháicéara agus an pháirc atá á háitiú ag Mrs. Bridget Murphy, as sin soir ó dheas feadh lárlíne an bhalla dheiridh sin go dtí go ngearrann an samhail-fhaidiú siar ó dheas ar lárlíne an fháil atá mar thórainn idir na háitribh dá ngairmtear, faoi seach, Mír Luachála Uimh. 31 agus Mír Luachála Uimh. 33, Bóthar an Bháicéara, as sin soir ó thuaidh feadh an tsamhail-fhaidithe sin go dtí go ngearrann tórainn thiar Bhaile Fearainn Chnoc na Bachaille, as sin ó dheas feadh tórann an Bhaile Fearainn sin go dtí go ngearrann an tórainn atá anois ann.

2. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú mar a ngearrann an tórann atá anois ann éadan theas cúl-fhalla na sreatha tithe a bhfuil a n-aghaidh ar Bhóthar an Choláiste agus dá ngairmtear Elder Wood, as sin siar feadh éadain theas an bhalla dheiridh sin go dtí a acomhal le héadan thoir an bhalla tórann thoir le gairdíní tosaigh na sreatha de chúig tithe déag atá i Westbourne Park, as sin ó dheas feadh an éadain thoir sin agus feadh a shamhail-fhaidithe ó dheas go dtí go ngearrann tórainn theas Bhaile Fearainn Ghoirtín an Easpaig, as sin soir feadh tórann theas an Bhaile Fearainn deiridh sin go dtí go dteagmhaíonn leis an tórainn atá anois ann.

3. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú mar a ngearrann an tórainn atá anois ann éadan thaobh-an-Locha den bhalla atá mar thórainn thiar leis an talamh timpeall ar Loch Chorcaighe, as sin siar, siar ó dheas, ó dheas agus siar ó dheas feadh éadain thaobh-an-Locha den bhalla deiridh sin agus de na fálta atá mar thórainn thiar leis an talamh timpeall ar Loch Chorcaighe (ag trasnú béal na mbearnan atá sa bhalla agus sa bhfál sin ag ceann an Locha de lána, de Bhóthar Hartlann agus de Pháirc Naomh Fionnbarra, faoi seach, le líne dhíreach (i ngach cás) idir na pointí mar a gcríochnaíonn éadan thaobh-an-Locha den bhalla agus den fhál sin ar an dá thaobh de gach bearna acu) go dtí an pointe is gaire don áit a ngearrann an samhail-fhaidiú siar ó thuaidh ar lárlíne Pháirc Ghleann Dá Loch an samhail-fhaidiú soir ó thuaidh ar lárlíne Pháirc Brookfield, as sin ó dheas i líne dhíreach go dtí an pointe teagmhála deiridh sin, as sin soir ó dheas feadh an tsamhail-fhaidithe siar ó thuaidh ar lárlíne Pháirc Ghleann Dá Loch, agus feadh na lárlíne sin, feadh a shamhailfhaidithe soir go dtí go ngearrann lár Bhóthair an Locha. as sin siar ó dheas feadh lárlíne Bhóthair an Locha go dtí go dteagmhaíonn le tórainn thiar Bhaile Fearainn Chillín Rí an Domhnaigh, as sin ó dheas, ansin soir agus ansin ó dheas feadh na tórann thiar sin go dtí go ngearrann lárlíne an fháil atá mar thórainn theas leis an bpáirc 2·941 acra i mBaile Fearainn Chillín Rí an Domhnaigh, as sin soir feadh lárlíne an fháil deiridh sin agus ar leanúint soir agus ó dheas feadh tórann Bhaile Fearainn Fhraoch agus Acra an Bhiocaire agus ó dheas agus soir feadh tórann Bhaile Fearainn Bhaile Feitheán go dtí go ngearrann ag Droichead na Trá Móire lárlíne bhóthair, as sin ó thuaidh feadh lárlíne an bhóthair sin agus feadh an fhaidithe air, dá ngairmtear Bóthar an Churraigh, go dtí a acomhal leis an tórainn atá anois ann.

4. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú mar a ngearrann an tórann atá anois ann an tórainn idir Bhailte Fearainn an Ráithín, an Chúilín agus an chuid thoir den chuid sin de Bhaile Fearainn an Spidéil atá lasmuigh den tórainn atá anois ann, as sin soir ó dheas feadh tórann thoir-thuaidh an Bhaile Fearainn deiridh sin go dtí go ngearrann, ag Bóthar na Dubhghlaise Theas, an lárlíne d'fho-iarnród Chóras Iompair Éireann ó Chorcaigh go Beanntraighe, as sin ó thuaidh feadh lárlíne an iarnróid sin go dtí go ngearrann an tórainn atá anois ann.