An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Ordu Sealadach Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú), 1955.)

1 1955

AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

AN DARA SCEIDEAL.

Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil), 1954.

Alt 2.

I bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le hairteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar leanas:—

1. Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil), 1954, is teideal don Ordú seo.

2. Féadfaidh Comhairle Chontae Lughbhaidh, de bhun airteagail 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, suimeanna nach mó san iomlán ná caoga míle punt d'fháil ar iasacht d'ainneoin fiacha iomlána na Comhairle a bheith, tráth na hiasachta, níos mó ná an deichiú cuid de luach inrátaithe bliantúil na maoine inrátaithe i gContae Lughbhaidh, tar éis méid aon chiste fhiachmhúchta a bhaint de na fiacha sin.

3. Beidh éifeacht ag an Ordú seo amhail ón lá a thiocfas Acht daingnithe an Orduithe seo i ngníomh.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil an Naoú lá seo de Nollaig, Míle Naoi gCéad Caoga a Ceathair.

PÁDRAIG Ó DOMHNAILL,

Aire Rialtais Áitiúil.