|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRU SCEIDEAL. Rialacha Vótála do Phost-Vótáluithe.) | Ar Aghaidh (AN SEU SCEIDEAL.) |
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
CUID I. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Rialacha chun Dail-Toghachain do threora. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Foillsiú Fógra an Toghacháin. | 1. Laistigh de dhá lá tar éis an lá a gheobha sé an rit, tabharfaidh an Ceann Comhrimh fógra puiblí, idir a naoi a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna, á rá ca lé an lá deiridh a ghlacfa sé ainmniúcháin agus (má bhíonn toghachán comhraic ann) cadé an lá a tógfar an vótaíocht agus cadiad na laethanta, na huaire agus an áit gur orra, eatorra agus ionta a féadfar fuirmeacha páipéiri ainmniúcháin d'fháil, agus cadí an aimsir gur le n-a linn, agus cadí an áit gurb ann, a bheidh sé i láthair chun páipéiri ainmniúcháin do ghlaca an lá a bheidh ceaptha mar lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca. I ngach dáilcheanntar contae déanfaidh an Ceann Comhrimh cóip den fhógra phuiblí sin roimh-ráite do chur tríd an bpost go dtí post-mháistir na príomh-oifige puist i ngach ceanntar vótaíochta sa dáilcheanntar tar éis é do chur i gclúdach no i bhfillteán 'na mbeidh na focail “Fógra Toghacháin” ar a chúl agus déanfaidh Oifig an Phuist an fógra san, agus é cúl-scríbhte mar sin, do chur chun siúil agus do sheachada in aisce agus, láithreach taréis é d'fháil do, déanfaidh gach Postmháistir, 'na gcuirfear cóip den fhógra san chuige, an céanna d'fhoillsiú ar an gcuma 'na bhfoillsítear Fógraí Post-Oifige do ghnáth. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An aimsir chun ainmniúcháin do ghlaca. | 2. Sí aimsir go mbeidh an ceann comhrimh i láthair le na linn chun ainmniúcháin do ghlaca an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca ná pé dhá uair a'chluig as a chéile (agus sé gairmtear sna Rialacha so den dá uair sin a chluig as a chéile ná “an aimsir chun ainmniúcháin do ghlaca”), idir a deich a chlog ar maidin agus a trí a chlog um thráthnóna, a cheapfaidh an ceann comhrimh agus beidh an ceann comhrimh i láthair ar feadh an dá uair sin a chluig as a chéile agus ar feadh uair a chluig láithreach ina dhiaidh sin san áit a cheapfa sé chun ainmniúcháin do ghlaca. Gach páipeur ainmniúcháin a seachadfar don cheann chomhrimh aon uair a ceaduítear leis an Acht so agus roimh thosach an dá uair sin a' chluig roimh-ráite, seachadfar mar sin é don cheann chomhrimh i bpearsain in aon áit ina bhfuighfear é, agus coimeádfaidh an ceann comhrimh é agus tespeánfa sé é i dtosach na dá uair sin a chluig roimh-ráite agus chun crícheanna na Rialacha so agus chun gach críche eile tuigfear gur i dtosach an dá uair sin a'chluig a seachadadh do é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Páipéir ainmniúcháin fé leith. | 3. Ainmneofar gach iarrthóir le páipeur ainmniúcháin fé leith, agus féadfaidh aon toghthóir a ainm do chur (mar thairgtheoir, mar chuiditheoir no mar thoghthóir a thoilíonn) le hoiread páipéirí ainmniúcháin agus bheidh d'fholúntaisí le líona, ach ní le n-a thuille. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Tuairisc ar iarrthóir. | 4. Tabharfar tuairisc gach iarrthóra ar an bpáipeur ainmniúcháin ar pé cuma is dó leis an gceann comhrimh is fearr chun an t-iarrthóir sin d'aithint; beidh sa tuairisc a ainmneacha, a áit chomhnuithe agus a chéim no a ghairm agus isé a shloinne a bheidh ar tosach in áireamh a ainmneacha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Aon chur i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin go mbeidh mar bhun leis gan tuairisc an iarrthóra sa pháipeur san do bheith dóthanach no gan an tuairisc do bheith do réir na Riala so, ní luálfar é ná ni tuigfear é do bheith éifeachtúil marab é an ceann comhrimh féin a dhéanfaidh é no mara dtabharfaidh duine éigin eile don cheann chomhrimh é i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirmeacha páipéirí ainmniúcháin do thabhairt amach. | 5. Gach lá, idir an lá ar a dtabharfar an fógra puiblí fé Riail l de seo agus an lá a bheidh ceaptha mar lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, beidh an ceann comhrimh i láthair chun fuirmeacha páipéirí ainmniúcháin do thabhairt amach i pé áit agus ar feadh pé dhá uair a' chluig as a chéile a shocróidh sé ar an gcuma roimh-ráite, ach an dá uair sin a' chluig do bheith idir a deich a chlog ar maidin agus a dó a chlog um thráthnóna, agus tabharfa sé fuirm no fuirmeacha páipéir ainmniúcháin d'aon toghthóir cláruithe a iarrfaidh an céanna i rith na haimsire roimh-ráite agus san áit roimh-ráite no i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán ach ní bheidh sé oblagáideach de bhárr éinní san Acht so úsáid do dhéanamh de pháipeur ainmniúcháin a thabharfaidh an ceann comhrimh amach más sa bhfuirm a horduítear leis an Acht so a bheidh an páipeur ainmniúcháin a húsáidfear. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Na páipéirí ainmniúcháin do sheachada. | 6. Gach páipeur ainmniúcháin ná seachadfar don cheann chomhrimh roimh thosach aimsir ghlactha na n-ainmniúchán, seachadfar don cheann chomhrimh é i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán agus san áit a cheapfaidh an ceann comhrimh chuige sin fé Riail l de seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Daoine i dteideal bheith i láthair. | 7. Isiad a bheidh i dteideal bheith i láthair na n-imeacht i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán ná an t-iarrthóir a bheidh ainmnithe le gach páipeur ainmniúcháin agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir agus éinne amháin eile a phiocfa sé amach, agus sin a mbeidh ach amháin pé daoine a fhostóidh an ceann comhrimh chun cabhrú leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Foillsiú fógra na vótaíochta. | 8. Más toghachán comhraic a bheidh ann fógróidh an ceann comhrimh, chó luath agus is féidir é tar éis an toghachán do chur ar ath-ló, fógróidh sé go puiblí lá tógtha na vótaíochta agus ainmneacha na n-iarrthóirí agus na mion-innste eile orra a gheofar ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, agus ainmneacha na ndaoine do chuir ainm le páipeur ainmniúcháin gach iarrthóra, agus an t-órd ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí i gcló ar an bpáipeur ballóide agus, i gcás toghacháin do dháilcheanntar chontae, seachadfa sé do phost-mháistir phríomh-oifig phuist an bhaile ina mbeidh áit ghlactha na n-ainmniúchán páipeur a bheidh sighnithe aige féin agus ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí do hainmníodh agus ar a ndéarfar cadé an lá a tógfar an vótaíocht, agus déanfaidh an post-mháistir an t-eolas a bheidh ar an bpáipeur san do chur in aisce le telegraf go dtí na post-oifigí telegrafa go léir sa dáilcheanntar dá mbeidh an toghachán le comóra, agus foillseofar an t-eolas san láithreach ag gach oifig den tsórt san ar an gcuma inar gnáth fógraí post-oifige d'fhógairt. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Iarrthóirí á dtarrac siar. | 9. Má tarraictear siar go cuibhe do réir forálacha an Achta so aon iarrthóir do hainmníodh go cuibhe, déanfaidh an ceann comhrimh ainm an iarrthóra san, agus ainmneacha na ndaoine do chuir ainm le páipeur ainmniúcháin an iarrthóra san, d'fhógairt go puiblí san am gcéanna agus ar an gcuma gcéanna ina dtabharfa sé fógra i dtaobh na n-iarrthóirí do hainmníodh no do toghadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Foillsiú ainmneacha daoine ainmnithe. | 10. Nuair a tabharfar aon pháipeur ainmniúcháin don cheann chomhrimh, foillseoidh sé láithreach ainm an tó do hainmníodh ar an bpáipeur san mar iarrthóir, agus ainmneacha a thairgtheora agus a chuiditheora, tré ainm an iarrthóra san agus ainmneacha a thairgtheora agus a chuiditheora do phóstáil suas no do chur á bpóstáil suas in áit so-fheicse lasmuich den fhoirgneamh 'na mbeidh an ceann comhrimh ag glaca ainmniúchán. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Gá le hainmniú chán. | 11. Ní bheidh éinne i dteideal a ainm do chur ar aon pháipeur ballóide mar iarrthóir mara n-ainmnítear é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so, agus gach duine gur seachadadh, no go dtuigtar do réir na Rialacha so gur seachadadh a pháipeur ainmniúcháin don cheann comhrimh i rith aimsir ghlactha na n-ainmniúchán, tuigfear gur ainmníodh é ar an gcuma a foráltar leis an Acht so mara ndéanfaidh an ceann comhrimh no duine éigin eile cur i gcoinnibh a pháipéir ainmniúcháin roimh chríochnú aimsir ghlactha na n-ainmniúchán no laistigh d'uair a' chluig ina dhiaidh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An ceann comhrimh do thabhairt breithe ar agóidí. | 12. Isé an ceann comhrimh a thabharfaidh breith ar éifeachtúlacht gach agóide a cuirfear i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin más breith in aghaidh na hagóide i; agus más breith í a luálfidh an agóid, féadfar í do chlaochló má dintear impí a chuirfidh an toghachán no an tora fé cheist. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Soláthar na stáisiún vótaíochta. | 13. Soláthróidh an ceann comhrimh i ngach áit vótaíochta oiread stáisiún vótaíochta agus is gá do sna toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil san áit vótaíochta san agus roinnfe sé na stáisiúin vótaíochta san ar na toghthóirí sin ar an gcuma is caothúla dar leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Soláthar na gcúilíní. | 14. Gléasfar gach stáisiún vótaíochta le hoiread cúilíní agus is gá dar leis an gceann comhrimh, cúilíní ina bhféadfaidh na vótáluithe a vótanna do mharcáil gan súil éinne orra, ach soláthrófar aon chúilín amháin ar a luíod in aghaidh gach céad go leith de sna toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil sa stáisiún vótaíochta san. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Suíomh an stáisiúin vótaíochta. | 15. Féadfaidh stáisiún vótaíochta fé leith bheith i seomra fé leith no i mboth fé leith, no féadfar roinnt stáisiún vótaíochta do dhéanamh san aon tseomra amháin no san aon bhoth amháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Vótáil sa stáisiún vótaíochta. | 16. Ní leigfear éinne isteach chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta ach sa cheann a bheidh ceaptha dho. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fógrófar suíomh na stáisiún vótaíochta. | 17. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí suíomh na stáisiún vótaíochta agus an saghas toghthóirí a bheidh i dteideal chun vótáil i ngach stáisiún vótaíochta agus an chuma ina mbeidh an vótáil le déanamh ag na toghthóirí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Soláthróidh an Ceann Comhrimh abhair etc. | 18. Soláthróidh an ceann comhrimh do gach stáisiún vótaíochta abhair chun na vótáluithe do mharcáil na bpáipéirí ballóide leo, fearaistí chun an marc oifigiúil do stampáil orra, agus cóipeanna de chlár na dtoghthóirí no de pé cuid de ar a mbeidh ainmneacha na dtoghthóirí a bheidh ceaptha chun vótáil sa stáisiún san. Cimeádfa sé rún ar an marc oifigiúil, agus beidh spás nách giorra ná seacht mbliana idir gach dá uair a húsáidfear an t-aon mharc oifigiúil amháin i dtoghacháin don dáilcheanntar céanna. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Oifigigh ceannais do cheapa. | 19. Ceapfaidh an ceann comhrimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas gach stáisiúin vótaíochta fé leith, agus déanfaidh an t-oifigeach a ceapfar amhlaidh órdathacht do chimeád ina stáisiún, an méid toghthóirí a bheidh le leigint isteach in éineacht do shocrú, agus gach éinne eile do chimeád amach ach na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí agus na constáblaí póilíneachta a bheidh ar diúité. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm an Pháipéir Bhallóide. | 20. Beidh ar gach páipeur ballóide liost de sna hiarrthóirí agus a dtuairisc mar a bheidh ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, agus iad cóirithe ar órd aibítre a sloinnte, agus (má bhíonn beirt no breis iarrthóirí d'aon tsloinne amháin ann) ar órd aibítre a n-ainmneacha eile; beidh sé sa bhfuirm atá i gCuid III den Sceideal so, no chó gairid di agus leigfidh an cás, agus beidh sé so-fhillte. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Boscaí ballóide. | 21. Beidh gach bosca ballóide déanta ar chuma a leigfidh na páipéirí ballóide do chur isteach ann agus ná leigfidh iad do thógaint amach as gan an glas do bhaint den bhosca. Láithreach roimh thosach na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta an bosca ballóide do thespeáint folamh do pé daoine a bheidh i láthair sa stáisiún san, má bhíonn éinne i láthair ann, i dtreo go bhfeicfid é do bheith folamh, agus glasfa sé ansan é, agus cuirfidh a shéala air ar chuma ná leigfidh é d'oscailt gan an séala san do bhrise, agus leagfa sé ina radharc é chun páipéirí ballóide do ghlaca ann, agus cimeádfa sé glasta agus séalaithe é mar sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An tslí vótála. | 22. Láithreach roimh pháipeur ballóide do sheachada do thoghthóir marcálfar gach taobh den pháipeur leis an marc oifigiúil, le stampáil no le pollú, agus glaofar amach uimhir, ainm agus tuairisc an toghthóra fé mar a bheid ar an gcóip de chlár na dtoghthóirí agus marcálfar uimhir an toghthóra san ar an gcó-dhuille, agus cuirfar marc ar an gclár os coinne uimhir an toghthóra, mar chomhartha ar pháipeur ballóide do bheith fachta aige, ach gan a thespeáint cadé an páipeur ballóide áirithe a fuair sé. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An tslí vótála ar leanúint. | 23. Ar fháil a pháipéir bhallóide don toghthóir, ragha sé isteach i gceann de sna cúilíní sa stáisiún vótaíochta láithreach, agus marcálfa sé a pháipeur san áit sin, agus fillfe sé é ar chuma a cheilfidh a vóta, agus ansan cuirfe sé a pháipeur ballóide, agus é fillte mar sin, isteach sa bhosca ballóide; vótálfa sé gan aon mhoill ro-mhór, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta chó luath agus bheidh a pháipeur ballóide curtha isteach sa bhosca ballóide aige. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Toghthóirí fé mhí-chumas. | 24. Má shásuíonn an toghthóir an t-oifigeach ceannais. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go bhfuil a radharc chó h-olc san; no | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go bhfuil sé chó mór san fé mhí-chumas eile cuirp; no | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) go bhfuil sé chó nea-léigheanta san nách féidir do vótáil gan congnamh; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | no má dheimhníonn aon toghthóir gur Giúduíoch é agus mar gheall ar a chreideamh ná fuil sé sásta vótáil ar an gcuma a horduítear leis an Acht so, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | déanfaidh an t-oifigeach ceannais i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí féachaint chuige go marcálfar vóta an iarrthóra san ar pháipeur ballóide ar an gcuma adéarfidh an t-iarrthóir sin agus an páipeur ballóide sin do chur, agus é marcálta amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide. Má iarrann aon toghthóir laistigh de cheithre huaire a' chluig roimh chríochnú na vótaíochta go marcálfar a pháipeur ballóide dho fén Riail seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú dho más dó leis, toisc an méid daoine a bheidh an uair sin ag teacht isteach chun vótáil no an méid is deallrathach a thiocfaidh isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, más dó leis go ndéanfadh a ghéille don iarrthas san cur-isteach ar cheart-chó-líona a dhualgaisí no bac ró-mhór ar vótáil toghthóirí eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ag có-líona forálacha na riala so dho leanfaidh an t-oifigeach ceannais na forálacha atá i gCuid II den Sceideal so. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Pearsanú do chur i eith duine. | 25. Má abrann éinne gurb aon toghthóir áirithe é dá mbeidh ainmnithe ar an gclár agus go n-iarrfa sé páipeur ballóide tar éis duine eile do vótáil fé ainm an toghthóra áirithe sin, beidh an t-iarratasóir sin i dteideal chun páipeur ballóide do mharcáil ar nós aon toghthóra eile tar éis na ceisteanna san do fhreagairt agus an mhóid sin do thabhairt a leigean an dlí a fhiarfaí de vótálaithe agus a chur orra le linn na vótaíochta ach beidh malairt datha ar an bpáipeur ballóide (dá ngairmtear san Acht so páipeur ballóide tairgthe) seachas mar a bheidh ar na páipéirí ballóide eile, agus in ionad é do chur sa bhosca ballóide is amhlaidh a tabharfar don oifigeach ceannais é agus a scrífidh seisean ar a chúl ainm an vótálaí agus an uimhir a bheidh aige ar chlár na dtoghthóirí, agus cuirfar i leataoibh é i bpacáid fé leith agus ní chomhreoidh an ceann comhrimh é, agus déanfar ainm an toghthóra san agus an uimhir a bheidh aige ar an gclár do chur ar an liost de vótanna tairgthe ar an gcuma a bheidh orduithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Mille páipéir bhallóide tré nea-chuimhneamh. | 26. Má dhineann vótálaí gan cuimhneamh air féin a leithéid sin de dhéanamh do thabhairt dá pháipeur ballóide nách uiriste é d'úsáid mar pháipeur ballóide, agus go dtabharfa sé don oifigeach ceannais an páipeur ballóide 'na mbeidh sé tar éis an déanamh san do thabhairt do gan cuimhneamh air féin agus go gcrúthóidh sé chun sástachta don oifigeach ceannais gur gan cuimhneamh air féin a dhin sé san, féadfa sé páipeur ballóide eile d'fháil in ionad an pháipéir bhallóide a thug sé suas amhlaidh (dá ngairmtear san Acht so páipeur ballóide millte), agus cuirfar an páipeur ballóide millte ar nea-mbrí láithreach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Dualgas an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta. | 27. Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta agus i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí cuirfidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta i bpacáidí fé leith a séalfar le n-a shéala féin agus le séalaí gníomhairí na n-iarrthóirí an méid díobh gur mian leo a séalaí a chur ar na pacáidí— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (1) Gach bosca ballóide a bhí in úsáid ina stáisiún, gan é d'oscailt ach an eochair do bheith ceangailte dhe; agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Na páipéirí ballóide neamh-úsáidithe agus na páipéirí ballóide millte agus iad i dteannta a chéile; agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Na páipéirí ballóide tairgthe; agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Na cóipeanna marcálta de chlár na dtoghthóirí, agus codhuilleanna na bpáipéirí ballóide; agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) An liost de vótanna tairgthe, agus seachadfa sé na pacáidí sin go léir don cheann chomhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ráiteas ón oifigeach ceannais. | 28. Geobhaidh leis na pacáidí ráiteas a dhéanfidh an t-oifigeach ceannais sa bhfuirm a bheidh orduithe agus déarfa sé ann cá mhéid páipeur ballóide do cuireadh ar a mhuinín agus tabharfa sé cuntas ortha ann do réir na dteideal so: (a) páipéirí ballóide sa bhosca bhallóide; (b) páipéirí ballóide neamh-úsáidithe; (c) páipéirí ballóide millte, agus (d) páipéirí ballóide tairgthe; agus gairmtear cuntas na bpáipéirí ballóide den ráiteas san san Acht so | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Gníomhairí na n-iarrthóirí. | 29. Féadfaidh na hiarrthóirí fé seach gníomhairí do cheapa chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Socruithe i gcóir comhreamh na vótanna. | 30. Déanfidh an ceann comhrimh socruithe chun na vótanna do chomhreamh i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta, agus neosa sé le fógra i scríbhinn do sna gníomhairí a bheidh ceaptha ag na hiarrthóirí chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna cathain agus canad go dtosnóidh sé ar na vótanna do chomhreamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Na daoine a bheidh i láthai le linn comhreamh na vótanna. | 31. Féadfaidh an ceann comhrimh, a chúntóir, agus a chléirigh, agus gníomhairí na n-iarrthóirí bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna ach ní fhéadfidh éinne eile bheith i láthair gan cead ón gCeann Comhrimh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Oscailt na mboscaí ballóide. | 32. Sara raghaidh an ceann comhrimh ar chomhreamh na vótanna déanfa sé i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí gach bosca ballóide d'oscailt agus na páipéirí a bheidh ann do thógaint amach agus do chomhreamh agus a líon do bhreaca síos agus ansan na páipéirí go léir a bhí in sna boscaí ballóide do mheasca ar a chéile. Le linn an ceann comhrimh do bheith ag comhreamh agus ag breaca líon na bpáipéirí agus ag comhreamh na vótanna, cimeádfa sé na páipéirí ballóide ar a n-aghaidh anáirde agus tabharfa sé gach aireachas chun gan leigint d'éinne na huimhreacha a bheidh clóbhuailte ar chúl na bpáipéirí sin d'fheiscint. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Am chun comh rimh. | 33. Sa mhéid gur féidir é déanfidh an ceann comhrimh na vótanna do chomhreamh go leanúnach, gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus le sos (ach amháin sa mhéid go socróidh sé féin agus na gníomhairí a mhalairt) ó n-a seacht a chlog istoíche go dtí a naoi a chlog ar maidin lárnamháireach. I rith aimsir an tsosa san déanfidh an ceann comhrimh na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile 'na mbeidh baint aca leis an dtoghachán do chur fé n-a shéala féin agus fé shéalaí pé mhéid de ghníomhairí na n-iarrthóirí gur mian leo a séalaí do chur ar na rudaí sin, agus tabharfa sé gach aon aireachas eile is cóir chun na páipéirí agus na scríbhinní sin do chur ar láimh shábhála. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Páipéirí ballóide diúltuithe. | 34. Scrífidh an ceann comhrimh “diúltuithe” ar chúl aon pháipeur ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipeur gan brí agus cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn “agóid i gcoinnibh a dhiúltuithe” más rud é go gcuirfidh aon ghníomhaire i gcoinnibh a bhreithe. Tuairisceoidh an ceann comhrimh do Chléireach na Dála cá mhéid páipeur ballóide dar dhiúltuigh sé agus d'fhág sé gan comhreamh mar gheall ar gach cúis díobh so leanas, sé sin le rá:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 1. Easba an mhairc oifigiúla; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 2. Gan brí fé mhíreanna (a), (b), (c) no (d) d'fhó-alt (4) d'alt 26 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 3. Scríobhnóireacht no marc tré n-a bhféadfí an vótálaí d'aithint; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 4. Nea-marcálta no gan éifeacht toisc dabhta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Críochnú an chomhrimh. | 35. Ar chríochnú an chomhrimh, cuirfidh an ceann comhrimh fé shéala i bpacáidí fé leith na páipéirí ballóide comhrithe agus na páipéirí ballóide diúltuithe. Ní osclóidh sé na pacáidí séalta ina mbeidh na páipéirí ballóide tairgthe agus an chóip mharcálta de chlár na dtoghthóirí agus na códhuilleanna, fé seach, ach, i bhfianuise gníomhairí na n-iarrthóirí, cromfa sé ar an gcuntas a thug gach oifigeach ceannais do i dtaobh na bpáipéirí ballóide d'fhíorú tré n-a chur i gcompráid leis an méid páipéirí ballóide do bhreac sé síos mar adubhradh, agus leis na páipéirí ballóide neamhúsáidithe agus na páipéirí ballóide millte a bheidh ar seilbh aige agus leis an liost de vótanna tairgthe, agus ath-shéalfa sé gach pacáid shéalta tar éis í do scrúdú. Tuairisceoidh an ceann comhrimh tora an fhíoruithe sin do Chléireach na Dála, agus ar a iarraidh sin air, leigfe sé do ghníomhaire aon iarrthóra cóip do dhéanamh den tuairisc sin sara gcuirfear chun siúil í. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cuirfar na pacáidí go dtí Cléireach na Dála. | 36. Sa deire, cuirfidh an ceann comhrimh go dtí Cléireach na Dála gach pacáid de pháipéirí ballóide dá mbeidh ar seilbh aige, maraon leis na tuairiscí roimh-ráite, cuntaisí na bpáipéirí ballóide, na liostaí de vótanna tairgthe, agus na pacáidí de chó-dhuilleanna, agus na cóipeanna marcálta de chláranna do chuir gach oifigeach ceannais ag triall air, agus scrífe sé ar chúl gach pacáide tuairisc a bhfuil inti agus dáta an toghacháin le n-a mbainid, agus ainm an dáil-cheanntair dar comóradh an toghachán san. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cad a dhéanfidh Cléireach na Dála le scríbhinní. | 37. Cimeádfidh Cléireach na Dála go ceann bliana gach scríbhinn toghacháin dá gcuirfidh ceann comhrimh chuige do réir na Rialacha so agus ansan, mara n-ordófar a mhalairt do le hOrdú den Dáil no den Árdchúirt, féachfa sé chuige go ndíothófar iad. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Iniúcha páipéirí ballóide. | 38. Ní leigfear d'éinne aon pháipéirí ballóide diúltuithe dá mbeidh i gcimeád ag Cléireach na Dála d'iniúcha gan Ordú ón Dáil no Ordú ón Árdchúirt a dheonfidh an chúirt sin ar bheith sásta dhi, de bhárr fianuise fé mhóid, gur gá na páipéirí ballóide sin d'iniúcha no do thespeáint chun próiseacht i dtaobh cionnta a bhaineann le páipéiri ballóide do bhunú no do chimeád suas, no chun críche aon achuinge a chuirfidh toghachán no tora fé cheist; agus aon Ordú den tsórt san chun páipéirí ballóide d'iniúcha no do thespeáint, féadfar é do dhéanamh do réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Dáil, no leis an gcúirt a dhéanfidh an tOrdú, maidir le daoine, am, áit agus slí an iniúchta, no an tespeánta, agus déanfidh Cléireach na Dála beart do réir an Orduithe sin. Aon chomhacht a tugtar do chúirt leis an riail seo féadfaidh aon bhreitheamh den chúirt sin í d'fheidhmiú ina sheomraí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Iniúcha pacáidí. | 39. Ní osclóidh éinne, ach le hOrdú ón Dáil no ó bhínse atá in aitheantas ar achuingíocha a ghearánann i dtaobh tortha nea-chuibhe no i dtaobh toghachána nea-chuibhe, ní osclóidh sé an phacáid shéalta de chódhuilleanna tar éis a séalta, ná ní leigfar do iniúcha do dhéanamh ar aon pháipéirí ballóide a bheidh i gcimeád ag Cléireach na Dála; féadfar aon Ordú den tsórt san do dhéanamh do réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an Dáil, no leis an mbínse a dhéanfidh an tOrdú, maidir le daoine, am, áit agus slí na hoscailte no an iniúchta: Ach ar dhéanamh agus ar fheidhmiú aon Ordú den tsórt san, tabharfar aire gan an tslí 'nar vótáil aon toghthóir áirithe do nochta go dtí go gcruthófar gur vótáil sé agus go ndeimhneoidh cúirt údarásach gur vóta gan brí a vóta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Iniúcha scríbhinní áirithe. | 40. Gach scríbhinn a chuirfidh ceann comhrimh go dtí Cléireach na Dála do réir na Rialacha so, ach amháin páipéirí ballóide no có-dhuilleanna, beid nochtaithe d'iniúcha puiblí pé uair agus fé pé rialacháin a ordóidh Cléireach na Dála. Déanfidh Cléireach na Dála cóipeanna de sna scríbhinní sin no de choda dhíobh do sholáthar d'éinne a iarrfaidh an céanna air, ar íoc pé táillí agus fé pé rialacháin a cheadóidh an t-Aire Airgid. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cléireach na Dála do thabhairt rudaí áirithe i láthair. | 41. Má orduítear do Chléireach na Dála le hOrdú aon scríbhinn atá ar seilbh aige a bhaineann le haon toghachán áirithe do thabhairt i láthair, agus go ndéanfaidh Cléireach na Dála no a ghníomhaire an scríbhinn do horduíodh do thabhairt i láthair ar an gcuma do horduíodh leis an Ordú san no le riail a dhéanfidh an Chúirt 'na bhfuil comhacht aici an t-Ordú san do dhéanamh, beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianuise dho-chlaoite ar bhaint do bheith ag an scríbhinn sin leis an dtoghachán áirithe sin; agus aon chúl-scríbhinn a chífear ar aon phacáid de pháipéirí ballóide a dhéanfaidh Cléireach na Dála no a ghníomhaire a thabhairt i láthair beidh sí ina fianaise dho-chlaoite gurb éinní amháin na páipéirí sin agus an ní a luaidhtear sa chúl-scríbhinn. Má tugtar i láthair as ceart-chimeád aon pháipeur ballóide a dheabhróidh bheith tar éis bheith in úsáid i dtoghachán ar bith agus có-dhuille go mbeidh marcálta uirri an uimhir chlóbhuailte chéanna agus uimhir scríbhte, beidh an tabhairt-iláthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an té do vótáil leis an bpáipeur ballóide sin agus an té gur dhá mhar a chéile an uimhir a bhí, le linn an toghacháin sin, os coinne a ainme ar chlár na dtoghthóirí sa toghachán san agus an uimhir atá scríbhte ar an gcó-dhuille sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Foralacha Generalta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Freagra ar rit. | 42. I gcás ball no baill do thogha chun fónamh sa Dáil do dháilcheanntar ar bith, deimhneofar an togha le teisteas ar ainmneacha an bhaill no na mball san fé láimh an chinn chomhrimh, teisteas a scrífear ar chúl rit toghacháin an dáilcheanntair sin, agus féadfaidh an ceann comhrimh, más oiriúnach leis é, an rit sin, agus an teisteas san ar a cúl, do sheachada do phost-mháistir na príomh-oifige puist in áit an toghacháin, no dá ionadaí agus sa chás san tógfa sé admháil ar an gcéanna ón bpostmháistir no ó n-a ionadaí; agus ansan déanfidh an post-mháistir sin no a ionadaí an céanna do chur go dtí Cléireach na Dála in aisce, leis an gcéad phost, fé chlúdach go mbeidh “Rit Toghacháin agus an Freagra” cúl-scríbhte air. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fógra tora an toghacháin. | 43. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí chó luath agus is féidir é sa bhfuirm órduithe, ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, agus fós, i gcás toghacháin chomhraic, an méid vótanna ar fad a fuair gach toghthóir fé leith pe'ca toghadh é no nár toghadh. Fógróidh an ceann comhrimh go puiblí, leis, do réir na fuirme atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal so, no i bhfuirm sa chéill chéanna, aon aistriú vótanna do dineadh fén Acht so, agus an méid vótanna ar fad do bhí i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh in ar dineadh an t-aistriú san. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An tslí chun fógra do thabhairt. | 44. In aon chás ina ndineann an t-Acht so a éileamh ar an gceann comhrimh no údarás do thabhairt do fógra puiblí ar bith do thabhairt, is le fógraíocht, le placáird is le billí láimhe a dhéanfaidh sé é no ar pé slite eile is dó leis is fearr chun eolas do thabhairt do sna toghthóirí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Féadfaidh an ceann comhrimh dul i gceannas aon stáisiúin. | 45. Más oiriúnach leis é, féadfidh an ceann comhrimh dul i gceannas stáisiúin vótaíochta ar bith, agus na forálacha san den Acht so a bhaineann le hoifigeach ceannais bainfid leis an gceann comhrimh sin ach go mbeidh ag gabháil leo na hatharuithe is gá i dtaobh na nithe a bheidh le déanamh ag an gceann comhrimh maidir leis an oifigeach ceannais no ag an oifigeach ceannais maidir leis an gceann comhrimh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Daoine do cheapa chun cabhrú in obair an chomh rimh. | 46. I gcás toghacháin chomhraic i gcóir aon dáilcheanntair féadfidh an ceann comhrimh, i dteannta aon chléireacha, daoine infheadhma do cheapa chun cabhrú leis chun na vótanna do chomhreamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Na daoine bheidh ar fostú ag an gceann comhrimh. | 47. Ní fhostóidh ceann comhrimh chun aon chríche a bhaineann le toghachán aon duine do bhí ar fostú ag éinne eile sa toghachán san no i dtaobh an toghacháin sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Féadfidh an t-oifigeach ceannais gníomhú tré chléirigh. | 48. Feádfidh an t-oifigeach ceannais, tré sna cléirigh a ceapfar chun cabhrú leis, éinní do dhéanamh sa stáisiún vótaíochta a héilítear air, no a tugtar údarás do a dhéanamh, leis an Acht so, ach amháin ordú a thabhairt duine ar bith do ghabháil no do chimeád amach no do chur amach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Féadfidh an t-iarrthóir gníomhú i bpearsain. | 49. Féadfidh an t-iarrthóir féin na dualgaisí sin do thógaint air féin do thógfadh éinne dá ghníomhairí air féin dá gceaptí é, no cabhrú le n-a ghníomhaire chun na dualgaisí sin do chó-líona, agus bheith i láthair in aon áit ina bhféadfadh a ghníomhaire bheith ann do réir an Achta so. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ní foláir ainmneacha, etc., na nGníomhairí do thabhairt don cheann chomhrimh. | 50. Cuirfar chun an chinn chomhrimh aon lá iomlán ar a luíod roimh oscailt na vótaíochta ainm agus seola gach gníomhaire iarrthóra a bheidh ceaptha chun bheith i láthair le linn comhreamh na vótanna; agus féadfidh an ceann comhrimh diúltú d'aon ghníomhaire nár cuireadh a ainm agus a sheola chuige do leigint isteach in áit chomhreamh na vótanna, bíodh go mbeidh sé ceaptha go dleathach ar gach slí eile, agus aon fhógra nách foláir don cheann chomhrimh a thabhairt do ghníomhaire féadfar é do sheachada ag an seola san no é do chur ann tríd an bpost. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Gníomhaire d'fháil bháis. | 51. Éinne a bheidh ceaptha ag iarrthóir mar ghníomhaire chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta no i láthair le linn comhreamh na vótanna agus go dtiocfidh an bás air, no go raghaidh sé thar a chumas gníomhú e linn aimsir an toghacháin, féadfidh an t-iarrthóir gníomhaire eile do cheapa in' ionad agus fógróidh sé i scríbhinn don cheann chomhrimh láithreach ainm agus seola an ghníomhaire a ceapfar amhlaidh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Geallúint shicrédeachta. | 52. Roimh oscailt na vótaíochta sighneoidh gach ceann comhrimh agus gach oifigeach, cléireach no gníomhaire do húdaruíodh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta no i láthair le linn comhreamh na vótanna, sighneoid geallúint, sa bhfuirm a bheidh orduithe, go gcimeádfid rún na ballóide agus, lasmuich de sin, ní éileofar ar aon cheann comhrimh, cléireach ná gníomhaire den tsórt san roimh-ráite, mar cheann chomhrimh, mar chléireach ná mar ghníomhaire aon fhaisnéis do dhéanamh ná aon mhóid do thabhairt ar ócáid toghacháin ar bith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nea-láthaireacht ghníomhairí. | 53. I ngach áit san Acht so ina bhfachtar abairtí a éilíonn no a údaruíonn no a chialluíonn go bhfuil gníomh no ní ar bith le déanamh i bhfianaise gníomhairí na n-iarrthóirí, tuigfar na habairtí sin do bheith ag tagairt d'fhianaise gníomhairí sin na n-iarrthóirí a bheidh údaruithe chun bheith i láthair, agus a bheidh i láthair san am agus san áit ina mbeidh an gníomh no an ní sin á dhéanamh agus má bhíonn gníomhairí no gníomhaire gan teacht i láthair san am agus san áit sin ní bhainfidh san pioc ó dhleathacht an ghnímh no an ní a déanfar má dintear an gníomh no an ní sin go cuibhe ar gach slí eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An abairt “Ceann Comhrimh.” | 54 Foluíonn an focal “ceann comhrimh” sa Sceideal so aon cheann comhrimh ionaid a ceapfar ag ceann comhrimh le toil an Aire um Rialtas Áitiúil chun aon cheann no gach ceann de dhualgaisí an chinn chomhrimh sin do chó-líona. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
CUID II. Treoracha d'Oifigigh Cheannais i dtaobh Paipeiri Balloide do Mharcail do reir Riail 24 de Chuid I. den Sceideal so. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 1. In aon toghachán a déanfar do réir prínsiobal na hionadaíochta cothromúla fiarfóidh an t-Oifigeach Ceannais den vótálaí—“Ce hiad na hiarrthóirí gur mian leat rogha do dhéanamh díobh agus cadé an t-ordú ar a gcuirfá iad ?” agus marcálfa sé an páipeur ballóide dá réir: Ach má theipeann ar thoghthóir brí na ceiste sin do thuisgint no más rud é ná déarfa sé go cruinn conus an páipeur ballóide do mharcáil, déanfidh an t-Oifigeach Ceannais— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ainmneacha na n-iarrthóirí go léir do léigheamh amach ar an ord ar a mbeid ar an bpáipeur ballóide, agus a fhiarfaí den vótálaí —“Ce'ca de sna hiarrthóirí gur mian leat do vóta do thabhairt do ?” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Agus dá réir sin an figiúir l do chur ar an bpáipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra go dtabharfaidh an vótálaí a vóta dho; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a fhiarfaí den vótálaí ansan—“Ar mhaith leat a rá cé dhe go ndéanfá an dara rogha ?” agus, más freagra aontathach an freagra a tabharfar, ainmneacha na coda eile de sna hiarrthóirí do léigheamh amach san ordú ina mbeid ar an bpáipeur ballóide, agus a fhiarfaí den vótálaí ansan—“Ce'ca de sna hiarrthóirí sin gur mian leat an dara rogha do dhéanamh de ?” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Agus dá réir sin an figiúir 2 do chur ar an bpáipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra gur mian leis an vótálaí an dare rogha do dhéanamh de; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) an rud céanna do dhéanamh más gá é agus chó minic agus is gá é maidir leis an dtreas rogha no aon rogha eile ina dhiaidh sin faid is mian leis an vótálaí aon rogha don tsórt san do chur in úil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | 2. Ní ghlacfidh ná ní bhreithneoidh an t-Oifigeach Ceannais aon pháipeur ná scríbhinn dar brí a thespeáint conus is mian leis an vótálaí a vóta do thabhairt no rogha do chur in úil, ná ní dhéanfa sé beart dá réir, agus ní mharcálfa sé páipeur ballóide an vótálaí ach do réir forála cha an airtiogai deiridh sin de seo agus tar éis iad do chó-líona. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
CUID III | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Fuirm na Riteach I gCoir Toghachain Gheneralta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Saorstát Éireann do.................................Ceann Comhrimh do Dháil cheanntar Contae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | DE BHRÍ gur dhin Seanascal Shaorstáit Éireann, do réir na bhforálacha atá i mBun-reacht Shaorstáit Éireann chuige sin Oireachtas de Shaorstát Éireann do ghairm chun teacht le chéile an...............lá de .........................192: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ANOIS orduímse ........................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin, agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...........................féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun...............ball den Dáil do thogha chun fónamh san Oireachtas roimh-ráite don dáilcheanntar san. AGUS, tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainmneacha na mball a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' Oifig ag...........................i mBaile Atha Cliath | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Scríbhnín no Treoir na Riteach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).............................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cúl-scríbhinn. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (Signithe) A.B. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ceann Comhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An Teisteas ar Chúl na Riteach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Deimhním leis seo gurb iad baill do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. do réir na Riteach san thuas ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2 Fuirm na Riteach i gCoir Toghachain chun Aon Fholuntas Amhain do Liona. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Saorstát Éireann do........................Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)........................ | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | DE BHRÍ gur eirigh folúntas imeasc ionadaithe Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).....................i nDáil Éireann tré bhás (no theacht fé mhí-cháilíocht do no eirghe as do)........................ ba bhall den Dáil don Dáilcheanntar san: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | AGUS DE BHRÍ gur orduigh Ceann Comhairle na Dála dhom go cuibhe mo rit do chur amach chun ball den Dáil do thogha chun an folúntas roimh-ráite do líona: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ANOIS orduímse......................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh don Dáilcheanntar roimh-ráite, féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun ball den Dáil do thogha chun fónamh in Oireachtas Shaorstáit Éireann don dáilcheanntar san in ionad........................sin atá tar éis bháis (no teacht fé mhí-cháilíocht no eirghe as) mar adubhradh. AGUS tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainm an bhaill a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' Oifig ag.................. i mBaile Atha Cliath. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Scríbhnín no Treoir na Riteach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).............................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cúl-scríbhinn. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (Signithe) A.B. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ceann Comhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An Teisteas ar Chúl na Riteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Deimhním leis seo gurb é ball do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)..................... do réir na Riteach so istigh ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3. Fuirm na Riteach i gCoir Toghachain chun breis agus aon Fholuntas amhain san aon Dailcheanntar amhain do Liona. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Saorstát Éireann do.....................Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (noBhuirge no Phríomh-scoile)....................... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | DE BHRÍ gur eirigh....................fholúntas imeasc ionadaithe Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...................... i nDáil Éireann tré bhás..................agus..................agus tré theacht fé mhí-cháilíocht do...............agus do..............agus tré.....................agus ..................d'eirghe as, daoine ba bhaill den Dáil don Dáilcheanntar san go dul chun báis agus teacht fé mhí-cháilíocht agus eirghe as dóibh fé seach: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | AGUS DE BHRÍ gur órduigh Ceann Comhairle na Dála dhom go cuibhe mo rit do chur amach chun baill den Dáil do thogha chun na folúntaisí roimh-ráite do líona: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ANOIS orduímse,.....................Cléireach Dháil Éireann, do réir forálacha an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , agus i bhfeidhmiú na gcomhacht do bronnadh orm leis sin agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtar so im' chumas, orduím leis seo dhuitse, id' Cheann Comhrimh don Dáilcheanntar roimh-ráite, féachaint chuige go gcomórfar toghachán do réir dlí sa dáilcheanntar san chun ...............ball den Dáil do thogha chun fónamh in Oireachtas Shaorstáit Éireann don Dáilcheanntar san in ionad.......................sin agus ................sin atá tar éis bháis, teacht fé mhí-cháilíocht agus eirghe as mar sin fé seach mar adubhradh. AGUS, tar éis an toghachán san do chomóra go cuibhe, go ndéanfair ainmneacha na mball a toghfar amhlaidh do dheimhniú dhom gan mhoill im' oifig ag.......................i mBaile Atha Cliath. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | I bhFIANAISE air sin táim tar éis mo lámh agus mo shéala do chur leis seo an............lá so de........................192 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Scríbhnín no Treoir na Riteach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Don Cheann Comhrimh do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).............................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Rit chun Baill do thogha chun fónamh sa Dáil don Dáilcheanntar san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cúl-scríbhinn. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuaras Dé..................an..................lá de..................192 , an Rit atá anso istigh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (Signithe) A.B. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ceann Comhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An Teisleas ar Chúl na Riteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Deimhním leis seo gurb iad baill do toghadh chun fónamh sa Dáil do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. do réir na Riteach scríbhte seo istigh ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4. Fuirm Fogra Dail-Toghachain. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Tosnóidh ceann comhrimh Dáilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...................Dé................., an.....................lá den ..................so chughainn, idir.................agus.............a chlog, ar an obair a bhaineann le ball (no baill) d'ainmniú, agus mara mbeidh coimhlinnt ann, ar an obair a bhaineann le ball (no baill) do thogha, i gcóir an dáilcheanntair sin, ag..................... * | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Beidh fuirmeacha ainmniúcháin le fáil ag.................idir................ agus..................a chlog aon lá roimh an...............lá san de.............. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ní foláir gach páipeur ainmniúcháin do bheith sighnithe ag beirt thoghthóirí cláruithe mar thairgtheoir agus cuiditheoir agus ag ochtar eile de thoghthóirí cláruithe mar dhaoine a thoilíonn leis an ainmniúchán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ní foláir an t-iarrthóir a tairgtear no a thairgtheoir no a chuiditheoir do sheachada gach páipéir ainmniúcháin don Cheann Chomhrimh san áit sin ceaptha thuas idir..................agus..................a chlog an......... lá de..................no in aon áit ina bhfuighfar an Ceann Comhrimh uair agus lá ar bith roimh an..................lá san de..................... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Gach iarrthóir ainmnithe agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir, agus an t-éinne amháin eile is rogha leis an iarrthóir, tá teideal acu san, agus níl ag aon duine eile, chun go leigfí isteach sa tseomra iad. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | I gcás an toghachán do bheith ina thoghachán comhraic beidh an vótaíocht ann an..................lá de..................... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (Sighnithe) A.B. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ceann Comhrimh Dháilcheanntair Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)............... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Tugadh Cach Da Aire, gach n-aon a bheidh ciontach i mbreabaireacht, i dtraeteáil, in imirt chomhachta mhí-chuíosach, i bpearsanú no i gcleachtanna cuirpe eile sa toghachán san agus a gheofar ciontach in aon chionta den tsórt san, go mbeidh sé i mbaol na bpionóisí a luaidhtear ina chóir sin in “Acht Coiscithe na gCleachtanna Cuirpe, 1854,” agus sna hAchtanna a leasuíonn an t-Acht san, fé mar a cuireadh iad in oiriúint leis un Acht Timpeal Toghachán, 1923 , no fé. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5. Fuirm an Phaipeir Ainmniuchain i nDail-Toghachan | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Dinimíd-ne, A.B. ó...............i...............agus C.D. ó............... i...............lucht a shighnithe seo, atá 'nár dtoghthóirí do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)...............dinimíd leis seo an duine seo leanas d'ainmniú mar dhuine chóir chun fónamh sa Dáil mar bhall don Dáilcheanntar san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Dinimídne, lucht a shighnithe seo, atá 'nár dtoghthóirí cláruithe do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile).................. dinimíd leis seo toiliú le Seán Brún san a luaidhtear thuas d'ainmniú mar dhuine chóir chun fónamh mar bhall don dáilcheanntar san. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
6. FUIRM PHÁIPÉIR BHALLÓIDE | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I gcóir na dtoghachán san amháin ina mbeidh breis agus beirt iarrthóirí.) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomhscoile) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nóta.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
7. FUIRM PHÁIPÉIR BHALLÓIDE | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I gcóir na dtoghachán san amháin na fuil thar beirt iarrthórí ionta). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Uimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomhscoile)........................... 19 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nóta.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gCó-dhuille. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Treoracha i dtaobh Clobhuala an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ní clóbhuailfear ar an bpáipeur ballóide ach an ní a bheidh do réir an Sceidil seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Is i leitreacha móra, mar a chítear ar an bhfuirm, a clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra agus fós, i gcás beirt iarrthóirí no breis den aon tsloinne amháin do bheith ann, ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin, agus is i litreacha beaga a clóbhuailfar ainmneacha eile gach iarrthóra (ach amháin mar adubhradh) agus a sheola, agus a thuairisc, agus an uimhir ar chúl an pháipéir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | I gcás an sloinne céanna agus an chéad-ainm chéanna a bheith ar bheirt iarrthóirí no níos mó clóbhuailfar i leitreacha móra, leis, oiread de thuairisc gach iarrthóra dhíobh, as a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, pe'ca céim no gairm, gnó no comhnaí é, oiread agus a dhéanfidh idirdhealú éifeachtúil eatorra dar leis an gCeann Comhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
8. Fuirm na dTreoracha chun treoruithe an votalai le linn vótála, a déanfar a chlóbhuala i leitreacha móra agus a chur suas lasmuich de gach Stáisiún Vótaíochta agus i ngach cúilín de gach Stáisiún Votaíochta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I gcóir na dtoghachán san amháin ina bhfuil breis agus beirt iarrthóirí.) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Raghaidh an vótálaí isteach i gceann de sna cúilíní agus, leis an bpeann lua a soláthrófar do ansan, marcálfa sé a pháipeur ballóide tríd an bhfigiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil. Féadfa sé, leis, na figiúirí 2, 3, agus mar sin, do chur os coinne ainmneacha iarrthóirí eile ar ordú a rogha no a thaithnimh dóibh (sé sin le rá): ní foláir do an figiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Féadfa sé, leis, an figiúir 2 do chur os coinne ainm an dara hiarrthóra is fearr leis, agus an figiúir 3 os coinne ainm an treas iarrthóra is fearr leis | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Agus mar sin leis. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Mara gcuirfidh an vótálaí an figiúir 1 ar a pháipeur ballóide, no má chuireann sé an figiúir 1 os coinne breis agus aon ainm amháin, no má chuireann sé an figiúir 1 agus figiúir éigin eile os coinne na haon ainme amháin, no má chuireann sé aon mharc ar an bpáipeur tré n-a bhféadfar a aithint ar ball cérbh é, raghaidh a pháipeur ballóide gan brí agus gan comhreamh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Tar éis an páipeur ballóide do mharcáil fillfidh an vótálaí an páipeur ballóide ar chuma a fhágfidh an marc oifigiúil le feiscint ar a chúl agus, ag fágaint an chúilín do, gan aghaidh an pháipéir do thespeáint d'éinne, tespeánfa sé don oifigeach ceannais an marc oifigiúil ar chúl an pháipéir, cuirfe sé an páipeur isteach sa bhosca ballóide, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta láithreach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Má dhineann an vótálaí, gan cuimhneamh air féin páipeur ballóide do mhille féadfa sé é do thabhairt thar n-ais don oifigeach ceannais agus, má bhíonn seisean sásta gur gan cuimhneamh a dineadh an mille, tabharfa sé páipeur ballóide eile don vótálaí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Má dhineann an vótálaí páipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta, no aon pháipeur, seachas an ceann a thabharfidh an t-oifigeach dó, do chur sa bhosca ballóide, beidh sé ciontach i mí-iompar agus beidh sé i mbaol prísúntachta ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, i dteannta no d'éamuis daor-oibre. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Tespeánann na somplaí seo leanas conus is féidir páipéirí ballóide do mharcáil go héifeachtach:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
A. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
B. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
C. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nota.—Más ionann sloinne d'aon iarrthóir agus d'éinne de sna hiarrthóirí bréige sna somplaí sin thuas cuirfar sloinne éigin eile comónta in ionad an tsloinne bhréige sna somplaí sin thuas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
9 Fuirm na dTreoracha chun treoruithe an Vótálaí le linn vótála, a déarfar a chló-bhuala i leitreacha móra agus a chur suas lasmuich de gach Stáisiún Vótaíochta agus i ngach cúilín de gach Stáisiún Vótaíochta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I gcóir na dtoghachán san amháin NA fuil thar beirt iarrthóirí ionta.) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Raghaidh an vótálaí isteach i gceann de sna cúilíní agus, leis an bpeann lua a soláthrófar do ansan, marcálfa sé a pháipeur ballóide tríd an bhfigiúir 1 do chur os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Mara gcuirfidh an vótálaí an figiúir l ar a pháipeur ballóide, no má chuireann sé an figiúir l os coinne breis agus aon ainm amháin, no má chuireann sé an figiúir l agus figiúir éigin eile os coinne na haon ainme amháin, no má chuireann sé aon mharc ar an bpáipeur tré n-a bhféadfar a aithint ar ball cérbh ó, raghaidh a pháipeur ballóide gan brí agus gan comhreamh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ní gá don vótálaí an figiúir 2 do chur os coinne ainm an iarrthóra nách mian leis vótáil leis, ach má dhineann sé amhlaidh ní chuirfidh san a pháipeur ballóide ar nea-mbrí má bhíonn sé marcálta sa cheart ar gach slí eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Ansan fillfidh an vótálaí an páipeur ballóide ar chuma a fhágfidh an marc oifigiúil le feiscint ar a chúl agus, ag fágaint an chúilín do, gan aghaidh an pháipéir do thespeáint d'éinne, tespeánfa sé don oifigeach ceannais an marc oifigiúil ar chúl an pháipéir, cuirfe sé an páipeur isteach sa bhosca ballóide, agus fágfa sé an stáisiún vótaíochta láithreach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Má dhineann an vótálaí, gan cuimhneamh air féin, páipeur ballóide do mhille, féadfa sé é do thabhairt thar n-ais don oifigeach ceannais agus má bhíonn seisean sásta gur gan cuimhneamh a dineadh an mille, tabharfa sé páipeur ballóide eile don vótálaí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Má dhineann an vótálaí páipeur ballóide do thógaint amach as an stáisiún vótaíochta no aon pháipeur seachas an ceann a thabharfidh an t-oifigeach dó, do chur sa bhosca ballóide, beidh sé ciontach i mí-iompar agus beidh sé i mbaol prísúntachta ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, i dteannta no d'éamuis daor-oibre. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nota.—Ní foláir somplaí mar atá in A, B, agus C d'Fhuirm 8 do chur i dteannta na dtreoracha so chun iad do dhéanamh soiléir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
10. Fogra Puibli ar Thora an Toghachain agus ar Aistriu na Votanna. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (I gcóir na dtoghachán san amháin ina bhfuil breis agus beirt iarrthóirí.) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Dáilcheanntar................................................................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An méid vótanna éifeachtacha........................................................ | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An méid ball atá le togha................................................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An quota (an méid vótanna is leor chun íarrthóir do thogha).............. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Dáta: an........................lá so de.................................19...... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ......................................Ceann Comhrimh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||