|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL.) | Ar Aghaidh (AN SEACHTU SCEIDEAL.) |
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN SEU SCEIDEAL. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cuid I. Rialacha chun Seanad-Toghachain do Threora. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cuirfar an t-ainmliost go dtí an Ceann Comhrimh Seanadach. | 1. Laistigh de thrí lá tar éis an t-ainmliost d'iarrthóirí i gcóir aon tSeanad-toghacháin do bheith curtha le chéile cuirfidh Cléireach an tSeanaid ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach cóip den ainmliost san sa mhéid go mbaineann an céanna le hiarrthóirí d'ainmigh an Seanad agus laistigh den trí lá céanna san cuirfidh Cléireach na Dála ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach cóip den ainmnliost san sa mhéid go mbaineann an céanna le hiarrthóirí d'ainmnigh an Dáil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cuirfar an t-ainmliost go dtí Ceann Comhrimh gach Dáilcheanntair. | 2. Láithreach tar éis cur-amach an Fhurógra le n-a gceapfar an lá don Seanad-toghachán cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Cheann Comhrimh gach Dáilcheanntair cóip den Fhurógra agus cóip den ainmliost d'iarrthóirí i gcóir an toghacháin sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fógra puiblí i dtaobh na n-iarrthóirí agus lá an toghacháin. | 3. Déanfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair, laistigh de dhá la tar éis an chóip sin den Fhurógra agus an chóip sin den ainmliost d'fháil do, fógra puiblí do thabhairt (ar an gcuma gcéanna atá orduithe i Riail 1 den Chúigiú Sceideal den Acht so i gcóir foillsiú na nithe a luaidhtear sa Riail sin) i dtaobh lá comórtha an toghacháin agus ainmneacha na n-iarrthóirí agus gach ní eile ina dtaobh fé mar a ráitear iad sa chóip den ainmliost a beifar tar éis a thabhairt do mar adubhradh. Beidh gach fógra puiblí den tsórt san sa bhfuirm orduithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm na bpáipeirí ballóide. | 4. Beidh na páipéiri ballóide i Seanad-Toghachán sa bhfuirm, atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal so agus soláthróidh an Ceann Comhrimh Seanadach na páipéirí ballóide go léir a theastóidh i gcóir an toghacháin, agus soláthróidh sé do gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair oiread páipéirí ballóide agus bheidh riachtanach chun an toghachán do threora sa cheart ina dháilcheanntar. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Conus a treorfar toghacháin i ndáilcheanntair. | 5. Déanfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair an Seanad-Toghachán do threora ina dháilcheanntar an lá ceaptha ar gach slí díreach mar a héilítear air le Cuid III. den Acht so, leis an dTríú Sceideal agus leis an gCeathrú Sceideal den Acht so, agus le rialacha a 13 go dtí a 19 agus a 21 go dtí 34 agus a 44 go dtí 53, go huile, de Chuid I., agus le hiomlán Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun vótaíocht do threora i dtoghachán genearálta ina dháilcheanntar, agus bainfid na Sceidil agus na Rialacha roimh-ráite le Seanad-Toghachán ach amháin ná raghaidh an Ceann Comhrimh níos sia le comhreamh na vótanna ná beartanna do dhéanamh de sna páipéirí do réir na bpríomhroghna do breacadh do gach iarrthóir agus a dhéanamh amach cá mhéid páipeur i ngach beart fé leith díobh san ach ragha sé ar aghaidh ansan mar a horduítear do leis an gcéad riail ina dhiaidh seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cuirfar na páipéirí ballóide go dtí an Ceann Comhrimh Seanadach. | 6. Láithreach tar éis do dul chó fada agus deirtear sa Riail seo roimhe seo le comhreamh na vótanna déanfaidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair pacáidí fé leith fé shéala de sna beartanna iolartha san de pháipéirí ina mbeidh na príomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir, agus scríofa sé ar chúl gach pacáide dhíobh cá mhéid páipeur den tsórt san atá sa phacáid, agus ainm an iarrthóra dar breacadh na príomhroghna ar na páipéiri sin, agus cuirfe sé an céanna ag triall ar an gCeann Comhrimh Seanadach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cuirfar tuairiscí, etc. chun an Chinn Chomhrimh Sheanadaigh. | 7. Ansan có-líonfidh gach Ceann Comhrimh Dáilcheanntair forálacha Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Rialacha 34, 35 agus 36 i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach go dtuairisceoidh sé agus go cuirfe sé chun an Chinn Chomhrimh Sheanadaigh na nithe a héilítear air leis na Rialacha san a thuairisciú no a chur chun Cléireach na Dála. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Comhreamh na vótanna. | 8. Chó luath agus bheidh fachta ag an gCeann Comhrimh Seanadach ó sna Cinn Chomhrimh Dháilcheanntair na pacáidí, na tuairiscí agus na nithe eile go léir éilíd na Rialacha so ar na hoifigigh sin a chur ag triall air, ceapfidh an Ceann Comhrimh Seanadach an t-am agus an áit ina ragha sé ar chomhreamh na vótanna, agus déanfa sé san am san agus san áit sin na vótanna do chomhreamh do réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Craola tora an toghacháin. | 9. Chó luath agus bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Chléireach an tSeanaid agus fós ar Chléireach na Dála deimhniúchán sa bhfuirm atá i gCuid II. den Sceideal so, deimhniúchán ina neosfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, an méid vótanna ar fad do tugadh do gach iarrthóir (pe'ca toghadh é no nár toghadh), aon aistriú vótanna do dineadh fén Acht so, agus an méid vótanna ar fad do cuireadh i leith gach iarrthóra i ndeire an chomhrimh in ar dineadh an t-aistriú san agus fós foillseoidh sé cóip den deimhniúchán san san Iris Oifigiúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Cad déanfar leis na páipéirí, pacáidí, etc. | 10. Ansan cuirfidh an Ceann Comhrimh Seanadach ag triall ar Chléireach an tSeanaid na páipéirí, na pacáidí agus na nithe sin go léir a héilítear ar cheann chomhrimh a chur ag triall ar Chléireach na Dála do réir Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Riail 36 i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus bainfid Rialacha 37 go dtí 41, go huile, i gCuid I. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bainfid leis na páipéirí, na pacáidí agus na nithe eile a cuirfar mar sin go dtí Cléireach an tSeanaid, ach an Ceann Comhrimh Seanadach agus Cléireach an tSeanaid do chur in ionad an Ceann Comhrimh agus Cléireach ná Dála, fé seach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Brí Ceann Comhrimh Dáilcheanntair. | 11. Sé rud a chiallóidh an abairt “Ceann Comhrimh Dáilcheanntair” sa Sceideal so ná duine is Ceann Comhrimh do Dháilcheanntar fén Acht so. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
CUID II. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
I. FUIRM AN PHAIPEIR BHALLOIDE. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Nota.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
II. Fuirm an Deimhniuchain ar Iarrthoiri do Thogha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An méid vótanna éifeachtacha ............................................................................ | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An méid ball atá le togha.................................................................................................. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | An quota (an méid vótanna is leor chun iarrthóir do thogha)................................... | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | Deimhním leis seo gurb iad Seanadóirí do toghadh sa toghachán so ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus, na vótanna a tugadh do sna hiarrthóirí agus tora aon aistrithe vótanna a dineadh, go bhfuilid mar a tespeántar air seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||