|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN SEU SCEIDEAL.) | Ar Aghaidh (AN tOCHTU SCEIDEAL. Dailcheanntair.) |
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923
| [EN] | |||||||
| [EN] |
AN SEACHTU SCEIDEAL. | ||||||
|
Cuid I. RIALACHA CHUN REFERENDA DO THREORA. | |||||||
| [EN] | Cuirfar an furógra chun na gCeann Comhrimh. | 1. Láithreach tar éis foillsiú an Fhurógra le n-a gceapfar an lá chun Referendum do thógaint cuirfidh Cléireach na Dála ag triall ar an gCeann Comhrimh i ngach Dáilcheanntar cóip den Fhurógra san agus cóipeanna den Bhille le n-a mbainfidh an Referendum san. | |||||
| [EN] | Fógra puiblí i dtaobh lá an Referendum. | 2. Déanfidh gach Ceann Comhrimh, laistigh de dhá lá tar éis an chóip sin den Fhurógra d'fháil, fógra puiblí do thabhairt (ar an gcuma gcéanna atá orduithe i Riail 1 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so i gcóir foillsiú na nithe a luaidhtear sa Riail sin) i dtaobh an lá a tógfar an Referendum agus i dtaobh na n-aimsear agus na n-áiteanna ina bhféadfar cóip den Bhille le n-a mbainfidh an Referendum san d'iniúcha Beidh gach fógra puiblí den tsórt san sa bhfuirm orduithe. | |||||
| [EN] | 3. Aon Fhurógra a cuirfar amach roimh an lá atá socair i gcóir an chéad chlár a hullamhófar fén Acht so do theacht i bhfeidhm, chun Referendum do thógaint, tuigfar gur cuireadh amach é an lá atá socair i gcóir an Clár san do theacht i bhfeidhm, agus cuirfar ar cáirde dá réir sin aon dátaí a socruítear leis no fén Acht so no a socrófar le haon Fhurógra den tsórt san roimh-ráite chun éinní do dhéanamh ortha no le n-a linn. | ||||||
| [EN] | Cóip den Bhille i gcóir a iniúchta. | 4. Cuirfidh an Ceann Comhrimh cóip den Bhille roimh-ráite ar fáil chun é-d'iniúcha ag an bhpuiblíocht, i ngach áit de sna háiteanna ina gcuirtear scríbhinní ar fáil chun iad d'iniúcha, do réir Riail 30 den chéad Sceideal den Acht so, ar feadh trí huaire a' chluig idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lá a thiocfidh idir fhoillsiú an fhógra roimh-ráite agus lá tógtha an Referendum. | |||||
| [EN] | 5. Beidh na Páipéirí Ballóide i Referendum sa bhfuirm atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal so agus i gcás Referenda i dtaobh dhá Bhille no breis do thógaint an t-aon lá amháin soláthrófar i gcóir gach Referendum díobh páipéirí ballóide fé leith agus dath so-aitheanta fé leith ortha. | ||||||
| [EN] | Treora Referendum i nDáilcheanntair. | 6. Déanfidh gach Ceann Comhrimh an Referendum do threora ina dháilcheanntar an lá ceaptha ar gach slí díreach mar a héilítear air le Cuid III. den Acht so agus leis an gCeathrú Sceideal agus le Rialacha 13 go 19 agus 21 go 34 agus 44 go 53, go huile, de Chuid I., agus le hiomlán Chuid II. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so maille leis na hatharuithe riachtanacha ortha chun vótaíocht do threora i dtoghachán corra ná beadh thar beirt iarrthóirí ann. | |||||
| [EN] | Neosfar do Chléireach na Dála conus a vótáladh. | 7. Tar éis don Cheann Chomhrimh comhreamh na vótanna do caitheadh ina dháilcheanntar do chríochnú ní fhoillseoidh sé tora an chomhrimh sin ach cuirfe sé láithreach ag triall ar Chléireach na Dála, tríd an bpost agus i gclúdach ar a mbeidh “Tora ar Referendum” marcálta, deimhniúchán sa bhfuirm orduithe, á rá cá mhéid vóta do caitheadh i bhfabhar den Bhille agus i gcoinnibh an Bhille, fé seach, ina dháilcheanntar agus déanfidh an Phost-Oifig gach clúdach den tsórt san do chur chun siúil agus do sheachada in aisce. | |||||
| [EN] | Foillsiú tora an Referendum. | 8. Nuair a bheidh tortha na vótála sna dáilcheanntair go léir fachta ag Cléireach na Dála ó sna Cinn Chomhrimh uile táibhleoidh sé na tortha san agus déanfa sé amach asta tora na vótála ar an referendum san agus cuirfe sé an tora san in úil don Oireachtas ar pé cuma a ordóidh an Dáil ó am go ham, agus foillseoidh sé an céanna san Irish Oifigiúil. | |||||
| [EN] | Conas deighleáil le scríbhinní, pacáidí, etc. | 9. Nuair a bheidh an deimhniúchán ar an méid vótanna do caitheadh na dháilcheanntar curtha ag triall ar Chléireach na Dála ag an gCeann Comhrimh có-líonfa sé forálacha Riail 9 (4) den Cheathrú Sceideal agus Rialacha 34, 35 agus 36 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ansan bainfidh Rialacha 37 go 41, go huile, den Chúigiú Sceideal san leis na páipéirí, na pacáidí agus na nithe eile go léir a cuirfar ag triall ar Chléireach na Dála fé sna Rialacha san 9 (4), 34, 35 and 36 | |||||
|
Cuid II. FUIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE | |||||||
| [EN] | Le húsád í Referendum. | ||||||
| [EN] | Fuirm Agaidh an Phaipéir Bhallóide. | ||||||
| |||||||
| [EN] | Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide. | ||||||
| [EN] | Uimhir........................................................................ | ||||||
| [EN] | Dáilcheanntar.............................................................. | ||||||
| [EN] | Referendum............................................................ ... |