|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tOCHTU SCEIDEAL. Dailcheanntair.) | Ar Aghaidh (AN DEICHIÚ SCEIDEAL. Ath-Ghairmeanna.) |
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923
| [EN] | ||
| [EN] |
AN NAOIU SCEIDEAL. Oiriunu Achtanna. | |
| [EN] | 1. In ailt a naoi déag ar fhichid, a hocht agus trí fichid, agus a naoi agus trí fichid den Acht chun Cleachtanna Cuirpe Nea-dhleathacha do Chosc, 1883, ciallóidh “registration officer” an t-oifigeach clárathachta fén Acht so. | |
| [EN] | 2. In ailt a dó dhéag agus a ceathair déag d'Acht na gCoistí (Éirinn), 1871, cuirfar tagairt do chúirt chontae in ionad tagairt don chúirt ina ndintar an clár de vótáluithe páirliminteacha d'ath-fhéachaint. | |
| [EN] | 3. In alt a sé déag den Acht um Chlárú Páirliminteach (Éirinn), 1885, cuirfar an t-oifigeach clárathachta in ionad cléireach an aontais; cuirfar “fifteenth of November” in ionad “first of July” agus leigfar ar lár an focal “male.” | |
| [EN] | 4. Féadfidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil, le hOrdú, oiriúnuithe eile do dhéanamh ar fhorálacha aon Achta (agus aon Acht áitiúil agus aon Acht a dhineann daingniú ar Ordú Sealadach d'áireamh), sé sin, pé oiriúnaithe is gá, dar leis, chun na forálacha san do chur ar aon dul le forálacha an Achta so; agus aon Ordú a déanfar amhlaidh oibreoidh sé fé mar a hachtófí san Acht so é. |