|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CEATHRU SCEIDEAL.) | Ar Aghaidh (SEU SCEIDEAL.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
| [EN] | ||
| [EN] |
CUIGIU SCEIDEAL; BILLEADACHT. | |
| [EN] | ||
|
CUID I. Coiriocht le Solathar ag Cimeadai Tighe Loin. | ||
| [EN] | Aon chimeádaí tighe lóin na gcuirfar aon oifigeach, saighdiúir no capall ar billéad air— | |
| [EN] | (1) Soláthróidh sé lóistín agus friothálamh don oifigeach agus don tsaighdiúir; agus | |
| [EN] | (2) Má éilíonn an t-oifigeach agus an saighdiúir é, tabharfa sé bricfeast, dinnéar te, agus suipéar do i gcóir gach lá a bheidh sé ag máirseáil, agus i gcóir dhá lá an chuid is mó dhe, má stadtar an t-oifigeach no an saighdiúir in áit idirmheánach ar an máirseáil ar feadh breis agus dhá lá, agus ar an lá a sroichfar ceann riain, béilí a bheidh déanta de pé méideanna bídh agus dighe a socrófar o am go ham le Rialacháin a dhéanfidh an tAire ach gan iad a bheith níos mó ná— | |
| [EN] | (a) I gcóir bricfeasta, cúig únsa aráin, pionta té agus bainne agus siúcre air, cheithre únsa bagúin; | |
| [EN] | (b) I gcóir dinnéir the, dhá únsa dhéag feola, sara ndintear í chóiriú, sé únsa aráin, ocht n-únsa prátaí no glasraí eile; | |
| [EN] | (c) I gcóir suipéir, cúig únsa aráin, pionta té agus bainne agus siúcre air, dhá únsa cáise; agus | |
| [EN] | (3) Nuair ná beidh ag oifigeach no ag saighdiúir an teideal san chun “béile” d'fháil, soláthróidh sé coinnle, bhinigéir agus salann don oifigeach no don tsaighdiúir agus leigfe sé dho an teine d'úsáid chó maith leis na hárthaistí is gá dho chun a bhéile do chóiriú agus d'ithe; agus | |
| [EN] | (4). Soláthróidh sé i gcóir gach capaill slí i stábla agus deich bpúint coirce, dhá phunt déag féir thirim, agus ocht bpúint tuighe gach lá. | |
| [EN] | Chun crícheanna na Coda so den Sceideal so folóidh an focal “loistín do sholáthar” leabaidh fé leith do sholáthar i gcóir gach oifigigh fé leith agus gach saighdiúra fé leith. | |
|
CUID II. Rialachain i dtaobh Billeidi. | ||
| [EN] | (1). Ar thithe lóin san áit, no laistigh de mhíle ón áit, a luaidhtear sa líne bealaigh, isea a bheidh na billéidí a tabharfar nuair a bheidh na trúpaí ar máirseáil, ach amháin i gcás riachtanais no i gcás ordú o Ghiúistís Dúithcho. | |
| [EN] | (2). Tabharfar aire i gcomhnaí chun na billéadai a dhéanamh amach i gcóir na dtithe lóin comhgaracha in ar féidir cóiríocht oiriúnach d'fháil sara ndéanfar amach billéadai i gcóir tithe lóin aistreacha. | |
| [EN] | (3). Ach amháin i gcás riachtanais, is ar an aon tigh lóin amháin a cuirfar gach fear agus a chapall ar billéad má bhíonn capaill le cur ar billéad. | |
| [EN] | (4). Ach amháin i gcás riachtanais, déanfar saighdiúir amháin ar a luíod do chur ar billéad in áit ina mbeidh capall no dhó ar billéad, agus beirt shaighdiúirí ar a luíod in áit ina mbeidh cheithre capaill, agus do réir an chothruim sin i gcás níos mó capall ná san. | |
| [EN] | (5). Ach amháin i gcás riachtanais, ní cuirfar saighdiúir agus a chapall ar billéad níos sia ná céad slat o n-a chéile. | |
| [EN] | (6). Nuair a déanfar aon tsaighdiúirí maraon le n-a gcapaill do char ar billéad ar chimeádaí tighe lóin ná fuil aon stábla aige, déanfidh an constábla, ar éileamh scríbhte an Oifigigh Cheannais a bheidh i láthair, na saighdiúirí agus a gcapaill, no na capaill amháin, do chur ar billéad ar chimeádaí tighe lóin éigin eile go bhfuil stáblaí aige, agus ar dhéanamh gearáin do chimeádaí an tighe lóin is déanaí a luadhadh féadfidh Cúirt Údaráis Achmair a ordú go ndéanfidh cimeádaí an tighe lóin a saoradh liúntas ceart d'íoc leis. | |
| [EN] | (7). Féadfidh oifigeach, a bheidh ag éileamh billéidí, na billéidí do riara ar na saighdiúirí fé n-a cheannas agus ar a gcapaill fé mar is dó leis is oiriúnaí i gcóir na seirbhíse puiblí, agus féadf, sé an riara san d'atharú o am go ham. | |
| [EN] | (8). Féadfidh an tOifigeach Ceannais, in aon áit gur féidir é, a éileamh go ndéanfar beirt fhear ar a luíod do chur ar billéad in aon tigh amháin. |