|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDEAL V. Seirbhis in Aimsir Cogaidh.) | Ar Aghaidh (CAIBIDEAL VII. Comhacht chun Rialachain do dheanamh.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923
| [EN] | ||
| [EN] |
CAIBIDEAL VI. Comhachta Speisialta i dtaobh Cosanta. | |
| [EN] |
Comhachta Generálta an Aire le cead na hArd-Chomhairle. |
29. —Féadfidh an tAire le cead na hArd-Chomhairle:— |
| [EN] | (a) Beairicí, dunta, agus oibreacha cosanta do dhéanamh agus do choinneáil suas; | |
| [EN] | (b) Monarchanna arm agus amuinisin do bhunú agus do choinneáil suas maraon le monarchanna chun éadach agus gléasa mileata agus stóir chogaidh eile do dhéanamh ionta, no connra do dhéanamh chun go ndéanfar a leithéidí do bhunú no do choinneáil suas; | |
| [EN] | (c) Aerodrómanna do dhéanamh agus do choinneáil suas maraon le nithe eile bhaineas leo san; | |
| [EN] | (d) Raonta ordonáis agus muscaeid d'fháil, do dhéanamh, agus do choinneáil suas, maraon le nithe eile a bhaineas leo san, | |
| [EN] | agus féadfa sé gach ní do dhéanamh is gá a dhéanamh chun an Stát no aon chuid de do chosaint agus do chaomhnú go héifeachtúil. | |
| [EN] |
Aicillíocht agus tréineáil. |
30. —(1) Féadfidh an tAire ó am go ham liomatáistí do cheapa ina bhféadfar aon chuid de sna Fórsaí do thréineáil agus cleachta a thabhairt dóibh ar aicillíocht agus féadfa sé, le rialachán, na coiníollacha do cheapa ar a bhféadfidh únaerí no sealbhóirí tailimh sna líomatáistí sin cúiteamh d'éileamh mar gheall ar dhamáiste no cailliúint dóibh de dheascaibh na Fórsaí d'úsáid a gcuid tailimh ar an gcuma roimhráite agus ar a bhféadfar an cúiteamh san d'íoc leo: Ach ní cuirfar suas aon champa laistigh de dhá chéad slat ar a luíod ó thigh comhnuithe príobháideach ach amháin le cead únaer an tighe. |
| [EN] | (2) I líomatáistí a ceapfar amhlaidh no i gcomhursanacht áiteanna bheidh in úsáid mar raonta ordonáis no muscaeid do sna Fórsaí, féadfidh an t-oifigeach i gceannas na coda de sna Fórsaí a bheidh ag déanamh cleachta ordonáis no muscaeid no ag déanamh aicillíochta féadfa sé stop do chur go sealadach le gach trácht ar talamh no ar uisce i gcomhursanacht na háite sin no sa líomatáiste sin sa mhéid is dó leis is gá é chun sábháltacht anama agus chun an cleachta no an aicillíocht do stiúra sa cheart. |