An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leathscealacha agus Eisceachtai Maidir le Cleachtanna Cuirpthe, etc.) Ar Aghaidh (CUID VI. Gniomhairi Toghachain i Seanad-Toghachain.)

38 1923

ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

CUID V.

Costaisi Dail-toghachain.

Gníomhaire toghacháin d'ainmniú.

29. —(1) Ar an lá deireanach chun ainmniúcháin do ghlaca i nDáil-toghachán, no roimhe sin, ainmneofar duine ag gach iarrthóir no thar a cheann mar ghníomhaire dho i gcóir an toghacháin sin (dá ngairmtear an gníomhaire toghacháin san Acht so).

(2) Féadfidh iarrthóir é féin d'ainmniú mar ghníomhaire toghacháin agus leis sin beidh sé, chó fada is leigfidh an cás é, fé fhorálacha an Achta so mar iarrthóir agus mar ghníomhaire toghacháin, agus aon tagairt atá san Acht so do ghníomhaire toghacháin léireofar í mar thagairt don iarrthóir ag gníomhú mar ghníomhaire toghacháin.

(3) Ar an lá deireannach chun ainmniúcháin do ghlaca, no roimhe sin, faisneoidh gach iarrthóir, no duine éigin eile thar a cheann, ainm agus seola a ghníomhaire toghacháin don cheann chomhrimh i scríbhinn, agus láithreach ina dhiaidh sin tabharfidh an ceann comhrimh fógra puiblí i dtaobh ainm agus seola gach gníomhaire toghacháin a fhaisníodh amhlaidh.

(4) Ní ceapfar ach aon ghníomhaire toghacháin amháin do gach iarrthóir, ach féadfar an ceapa d'athghairm, pe'ca an t-iarrthóir féin no a mhalairt an gníomhaire toghacháin do ceapadh, agus má dintar an ath-ghairm sin no má fhaghann an gníomhaire sin bás, pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no ina dhiaidh, sa chás san déanfar láithreach gníomhaire toghacháin eile do cheapa agus a ainm agus a sheola d'fhaisnéis i scríbhinn don cheann chomhrimh, agus tabharfidh seisean fógra puiblí láithreach i dtaobh an chéanna.

Leas-ghníomhaire toghacháin d'ainmniú mar fho-ghníomhaire.

30. —(1) I gcás na nDáil-toghachán a luaidhtear chuige sin sa chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfidh gníomhaire toghacháin d'iarrthóir an méid leas-ghníomhairí a luaidhtear ansan do cheapa (leas-ghníomhairí dá ngairmtear fo-ghníomhairí san Acht so) chun gníomhú laistigh de cheanntair dhefriúla vótaíochta.

(2) Maidir le nithe i gceanntar vótaíochta féadfidh an gníomhaire toghacháin gníomhú tríd an bhfo-ghníomhaire don cheanntar san, agus éinní a déanfar, chun crícheanna an Achta so, ag an bhfo-ghníomhaire, no leis, ina cheanntar féin tuigfar gur dineadh é ag an ngníomhaire toghacháin no leis, agus aon ghníomh no faillí a dhéanfidh fo-ghníomhaire agus a bheadh, dá mba eisean an gníomhaire toghacháin, ina chleacht nea-dhleathach no ina chionta eile i gcoinnibh an Achta so, beidh sé ina chleacht nea-dhleathach agus ina chionta i gconnibh an Achta so a dhin an fo-ghníomhaire agus féadfar pionós do chur ar an bhfo-ghníomhaire dá réir sin; agus beidh an t-iarrthóir fén mí-chumas céanna fé n-a mbeadh sé dá mb'é gníomh no faillí an ghníomhaire thoghacháin an gníomh no an fhaillí sin.

(3) Lá amháin glan roimh an lá a ceapfar chun an vótaíocht do thógaint faisneoidh an gníomhaire toghacháin ainm agus seola gach fo-ghníomhaire don cheann chomhrimh i scríbhinn, agus láithreach ina dhiaidh sin tabharfidh an ceann comhrimh fógra puiblí i dtaobh ainm agus seola gach fo-ghníomhaire a faisníodh amhlaidh.

(4) Ní thuitfidh ceapa fo-ghníomhaire ar lár tríd an ngníomhaire toghacháin do cheap é do scur de bheith ina ghníomhaire toghacháin, ach an té is gníomhaire toghacháin don iarrthóir de thurus na huaire féadfa sé an ceapa d'athghairm, agus má dintar an ath-ghairm sin no má fhaghann fo-ghníomhaire bás féadfar fo-ghníomhaire eile do cheapa agus faisneofar a ainm agus a sheola i scríbhinn don cheann chomhrimh láithreach agus tabharfidh seisean fógra puiblí láithreach i dtaobh an chéanna.

Oifig an ghníomhaire thoghacháin agus an fho-ghníomhaire.

31. —(1) Beidh ag gníomhaire toghacháin i nDáil-toghachán, laistigh den dáilcheanntar, no laistigh d'aon chontae cathrach no baile teoranta leis, no, i gcás dáilcheanntair phríomh-scoile, sa chathair ina bhfuil an phríomh-scoil suidhte, agus beidh ag fo-ghníomhaire laistigh dá cheanntar, no laistigh d'aon chontae cathrach no baile teoranta leis, oifig no áit chun a bhféadfar gach éileamh, fógra, rit, gairm agus scríbhinn do chur, agus faisneofar don cheann chomhrimh seola na hoifige no na háite sin san aon am ina bhfaisneofar ceapa an ghníomhaire sin do, agus cuirfar síos é sa bhfógra puiblí a tabharfar i dtaobh ainm an ghníomhaire.

(2) Aon éileamh, fógra, rit, gairm, no scríbhinn a seachadfar ag an oifig no an áit sin agus seola an ghníomhaire no an fhoghníomhaire air, pe'ca aca é, tuigfar gur seirbheáladh air é agus in aon chúirt 'na bhfuil údarás aici sa chathair, sa bhaile no sa chontae ina bhfuil an oifig no an áit sin suidhte féadfar dlí do chur ar gach gníomhaire den tsórt san i dtaobh éinní a bhaineann leis an toghachán ina bhfuil sé ag gníomhú.

Connartha a déanfar tré ghníomhaire toghacháin.

32. —(1) Déanfidh an té is gníomhaire toghacháin d'iarrthóir uaidh féin no tré n'fho-ghníomhaire gach gníomhaire pearsanála, cléireach agus teachtaire do cheapa a fostófar ar íocaíocht thar ceann an iarrthóra i dtoghachán agus gach seomra coiste do thógaint ar cíos a tógfar ar cíos thar ceann an iarrthóra.

(2) Aon chonnra tré n-a raghfar fé chostaisí ar son no i dtaobh stiúra no bainistí toghacháin ní féadfar é do chur i bhfeidhm i gcoinnibh iarrthóra sa toghachán san marab é an t-iarrthóir féin no a ghníomhaire toghacháin a dhin é uaidh féin no tré n'fho-ghníomhaire; ach ní dhéanfidh an neamh-ábaltacht fén alt so, i dtaobh an chonnartha san d'fheidhmiú i gcoinnibh an iarrthóra, an t-iarrthóir do shaora o sna hiarsmaí a leanfidh as a ghníomhaire do dhéanamh aon chleachta chuirpthe no neadhleathaigh.

Íocfar costaisí tríd an ngníomhaire toghacháin.

33. —(1) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so no dá réir, ní dhéanfidh iarrthóir i nDáil-toghachán ná ní dhéanfidh aon ghníomhaire thar ceann an iarrthóra aon íoc ná roimh-íoc d'íoc ná éarlais do chur síos mar gheall ar aon chostaisí fé n-a raghfar ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin, ach amháin tré ghníomhaire toghacháin an iarrthóra, ag gníomhú i bpearsain no tré fho-ghníomhaire; agus gach airgead a sholáthróidh éinne seachas an t-iarrthóir i gcóir aon chostaisí fé n-a raghfar ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin, pe'ca mar bhronntanas, mar iasacht, mar roimh-íoc no mar éarlais, íocfar é leis an iarrthóir no le n-a ghníomhaire toghacháin agus ní le héinne eile:

Ach ní tuigfar baint do bheith ag an alt so le héarlais do réir Alt 20 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ) ná le haon tsuim a íocfidh éinne as a chuid airgid féin mar gheall ar aon mhion-chostas fé n-ar chuaidh sé féin go dleathach, mara n-aisíocfar an tsuim sin leis.

(2) Einne a íocfidh aon íoc, roimh-íoc no éarlais contrárdha don alt so no a íocfidh contrárdha don alt so aon airgead a soláthrófar mar adubhradh beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

Tréimhse chun éilithe do chur isteach agus chun costaisí toghacháin d'íoc.

34. —(1) Gach íoc a dhéanfidh gníomhaire toghacháin, uaidh féin no tré fho-ghníomhaire, mar gheall ar aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí Dáil-toghacháin, deimhneofar é le bille mion-innste agus le hadmháil ach amháin nuair is lú ná dachad scilling é.

(2) Gach éileamh a déanfar i gcoinnibh iarrthóra i nDáiltoghachán no i gcoinnibh a ghníomhaire toghacháin mar gheall ar aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin agus ná cuirfar isteach chun an ghníomhaire thóghacháin laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so dúnfar amach é agus ní híocfar é; agus lasmuich d'aon eisceacht a ceadófar do réir an Achta so, aon ghníomhaire toghacháin a íocfidh-éileamh contrárdha don achtachán so beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(3) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, sí an aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach ná cheithre lá déag tar éis an lá ar a bhfaisneofar na hiarrthóirí a toghadh do bheith tofa.

(4) Gach costas fé n-a raghaidh iarrthóir i nDáil-toghachán no fé n-a raghfar thar a cheann agus gur ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin a raghfar fútha, íocfar iad laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so agus ní haon uair eile; agus lasmuich d'aon eisceacht a ceadófar do réir an Achta so, aon ghníomhaire toghacháin a dhéanfidh íoc contrárdha don bhforáil seo beidh sé ciontach i gcleacht nea-dhleathach.

(5) Ach amháin mar a ceaduítear leis an Acht so, sí aimsir a teorantar leis an Acht so chun costaisí den tsórt san roimhráite d'íoc ná ocht lá fichead tar éis an lá ar a bhfaisneofar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí a toghadh do bheith tofa.

(6) Má thuairiscíonn an chúirt toghacháin gur chruthuigh an t-iarrthóir don chúirt sin gur gan cead ón iarrthóir sin no i gan fhios do a dhin gníomhaire toghacháin aon íoc contrárdha don alt so, ní bheidh togha an iarrthóra san gan brí, ná ní leor chun é do chur fé aon mhí-chumas fén Acht so an t-íoc san do bheith déanta contrárdha don alt so.

(7) Má dhineann an gníomhaire toghacháin i gcás aon éilimh a cuireadh isteach chuige laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so an t-éileamh san do chur in imreasán, no diúltú d'é d'íoc no faillí do thabhairt in é d'íoc laistigh den tréimhse sin an ocht lá fichead, tuigfar an t-éileamh san do bheith ina éileamh in imreasán.

(8) Féadfidh an t-éilitheoir, más oiriúnach leis é, aicsean do bhunú in aon chúirt údarásach mar gheall ar éileamh in imreasán; agus aon tsuim a íocfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire do réir breithe no ordú a dhéanfidh an chúirt sin tuigfar gur híocadh é laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so agus gur eisceacht i ó sna forálacha den Acht so a orduíonn don ghníomhaire toghacháin éilithe d'íoc.

(9) Ar chúis do thaisbeáint chun sástachta don Ard-Chúirt féadfidh an chúirt sin, le hordú, ar iarratas an éilitheora no ar iarratas an iarrthóra no a ghníomhaire toghacháin, cead do thabhairt d'iarrthóir no dá ghníomhaire toghacháin éileamh, in imreasán no éileamh ar aon chostaisí den tsórt san roimhráite d'íoc, bíodh gur cuireadh isteach é tar éis na haimsire a luaidhtear san alt so chun éilithe do chur isteach no bíodh gur isteach chun an iarrthóra a cuireadh é agus nách chun an ghníomhaire thoghacháin.

(10) Aon tsuim a luadhfar san ordú ceada féadfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin í d'íoc, agus nuair a híocfar í do réir an cheada san tuigfar gur híocadh í laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so.

Eileamh i gcoinnibh iarrthóra do chur fé scrúdú.

35. —Má bunuítear aon aicsean in aon chúirt údarásach chun éileamh in imreasán do bhaint d'iarrthóir i nDáil-toghachán, no dá ghníomhaire toghacháin, i dtaobh aon chostaisí fé n-ar chuathas ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin sin, agus má admhuíonn an cosantóir a fhreagarthacht ach go gcuirfe sé méid an éilimh in imreasán, déanfar an méid sin, mara n-ordóidh an chúirt a mhalairt ar iarratas an ghearánaí, do chur go dtí an máistir, an réiteoir oifigiúil, an clárathóir no oifigeach ceart eile den chúirt láithreach chun é do scrúdú, agus an méid a gheobhfar a bheith dlite, de bharr an scrúduithe sin, sín é an méid a bheidh le baint amach san aiscean son mar gheall ar an éileamh san.

Costaisí pearsanta iarrthóra agus mionchostaisí.

36. —(1) Féadfidh an t-iarrthóir i nDáil-toghachán aon chostaisí pearsanta fé n-a ragha sé ar son no í dtaobh no a' los an toghacháin sin suas go dtí méid nách mó ná céad púnt d'íoc ach isé a ghníomhaire toghacháin a íocfidh aon chostaisí pearsanta eile fé n-a ragha sé ar an gcuma san.

(2) Cuirfidh an t-iarrthóir chun an ghníomhaire thoghacháin, laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach, cuntas scríbhte ar mhéid na gcostaisí pearsanta d'íoc an t-iarrthóir sin mar adubhradh.

(3) Féadfidh éinne, ach údarás scríbhte do bheith aige chuige o ghníomhaire thoghacháin an iarrthóra, aon chostaisí riachtanacha páipeurachta, postais, telegramanna, agus mion-chostaisí eile d'íoc suas go dtí oiread ar fad is ná raghaidh thar an méid a bheidh luaidhte san údarás, ach isé an gníomhaire toghacháin a íocfidh éinní sa bhreis ar an méid sin.

(4) Déanfar cuntas mion-innste ar an íoc a dhin aon duine a húdaruíodh amhlaidh do chur chun an ghníomhaire thoghacháin laistigh den aimsir a teorantar leis an Acht so chun éilithe do chur isteach agus deimhneofar é le bille ina mbeidh admháil an duine sin.

Luach saothair don ghníomhaire thoghacháin.

37. —Chó fada is leigfidh an cás é, bainfidh an tAcht so le héileamh o ghníomhaire thoghacháin ar a luach saothair agus le n-a íoc san díreach fé is dá mb'aon éilitheoir eile fiach é, agus má eiríonn aon easaontas i dtaobh méid an éilimh sin, beidh an t-éileamh ina éileamh in imreasán do réir brí an Achta so, agus deighleálfar leis dá réir.

Cuntas agus faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin.

38. —(1) Laistigh de chúig lá déag ar fhichid tar éis an lae ar a bhfaisneofar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí a toghadh i nDáiltoghachán do bheith tofa, cuirfidh gníomhaire toghacháin gach iarrthóra sa toghachán san ag triall ar an gceann comhrimh cuntas fírinneach (dá ngairmtear san Acht so cuntas i dtaobh costaisí toghacháin), sa bhfuirm orduithe, ina mbeidh, maidir leis an iarrthóir sin—

(a) ráiteas ar gach íoc a dhin an gníomhaire toghacháin, maraon le gach bille agus admháil (billí agus admhála a foluítear san Acht so sa bhfocal “cuntas i dtaobh costaisí toghacháin”);

(b) ráiteas ar mhéid na gcostaisí pearsanta d'íoc an t-iarrthóir, más ann dóibh;

(c) ráiteas ar gach éileamh eile in imreasán is eol don ghníomhaire thoghacháin;

(d) ráiteas ar gach éileamh neamh-íoctha, atá, má tá aon cheann, ar eolas ag an ngníomhaire toghacháin, agus 'na bhfuiltar tar éis no ar tí iarratas do chur fé bhráid na hArd-Chúirte ina thaobh;

(e) ráiteas ar gach airgead, urrús, agus ní is ionann agus airgead a fuair an gníomhaire toghacháin ón iarrthóir no o éinne eile i gcóir costaisí fé n-ar chuathas no 'na rabhthas chun dul fútha ar son no i dtaobh stiúra no bainistí an toghacháin, maraon le hainm gach duine o n-a bhfuarthas an céanna.

(2) Beidh i dteanta an chuntais a cuirfar ag triall ar an gceann comhrimh faisnéis a dhéanfidh an gníomhaire toghacháin i bhfianaise Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána sa bhfuirm orduithe (faisnéis dá ngairmtear san Acht so faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin).

(3) Má ainmnigh an t-iarrthóir é féin mar ghníomhaire toghacháin do féin déanfar ráiteas ar gach airgead, urrús agus ní is ionann agus airgead, dar íoc an t-iarrthóir, do chur sa chuntas a orduíonn an t-alt so don ghníomhaire thoghacháin a chur ag triall ar an gceann comhrimh in ionad a leithéide de ráiteas ar airgead, urrús agus ni is ionann agus airgead a fuair an gníomhaire toghacháin ón íarrthóir; agus an fhaisnéis sin ón ghníomhaire toghaoháin i dtaobh costaisí toghacháin ní gá í do dhéanamh agus atharofar ar an gcuma orduithe an fhaisnéis ón iarrthóir i dtaobh costaisí toghacháin.

(4) San am gcéanna ina gcuirfidh an gníomhaire an cuntas san chun an chinn chomhrimh, no laistigh de sheacht lá ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-iarrthóir no cuirfe sé fé ndeár go gcuirfar chun an chinn chomhrimh faisnéis a dhéanfa sé i bhfianaise Giúistís Dúithche no Coimisinéara Síochána sa bhfuirm orduithe (faisnéis dá ngairmtear san Acht so faisnéis i dtaobh costaisí toghacháin).

(5) Más rud é i gcás Dáil-toghacháin i gcóir aon dáilcheanntair ná cuirfar an cuntas agus na faisnéisí sin chun an chinn chomhrimh roimh dheire na haimsire a teorantar chuige sin, ní dhéanfidh an t-iarrthóir, tar éis deire na haimsire sin, suidhe ná vótáil sa Dáil mar bhall don dáilcheanntar san go dtí go gcuirfar an cuntas agus na faisnéisí sin chun an chinn chomhrimh no go dtí an dáta ar a lomhálfar leathscéal údaruithe do ghabháil mar gheall ar gan an céanna do chur chun an chinn chomhrimh, mar a luaidhtear san Acht so, agus má shuidheann no má vótálann sé contrárdha don achtachán so caillfe sé, ar phróiseacht ón Ard-Aturnae, céad púnt in aghaidh gach lá a shuidhfidh no a vótálfa sé amhlaidh.

(6) Má dhineann iarrthóir no gníomhaire toghacháin, gan leathscéal údaruithe mar a luaidhtear san Acht so, faillí sna nithe a horduítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcleacht neadhleathach.

(7) Má innseann iarrthóir no gníomhaire toghacháin éitheach toiliúil sa bhfaisnéis a horduítear leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta, agus ar a fháil ciontach ann tar éis a dhíotála, féadfar an pionós a ghabhann le mionn bréagach toiliúil cuirpthe do chur air; tuigfar an cionta san do bheith ina chleacht chuirpthe, leis, do réir brí an Achta so.

(8) I gcás an t-iarrthóir do bheith lasmuich de Shaorstát Éireann agus an cuntas san á chur ag triall ar an gceann comhrimh mar sin, féadfa sé an fhaisnéis a horduítear leis an alt so do dhéanamh laistigh de cheithre lá déag tar éis fille go Saorstát Éireann do, agus sa chás san cuirfar an fhaisnéis ag triall ar an gceann comhrimh láithreach, ach ní dhéanfidh an mhoill a húdaruítear leis seo an gníomhaire toghacháin do shaora o fhorálacha an Achta so do chó-líona maidir leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin.

(9) Má dhineann an Ard-Chúirt, tar éis dáta an chuntais i dtaobh costaisí toghacháin do chur chun an chinn chomhrimh, cead do thabhairt chun aon éilithe d'íoc cuirfidh an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin chun an chinn chomhrimh, laistigh de sheacht lá tar éis a n-íoctha san, cuntas ar na suimeanna a híocadh do réir an cheada san maraon le cóip den ordú cúirte le n-ar tugadh an cead, agus mara ndéanfa sé amhlaidh tuigfar gur theip air na nithe a horduítear leis an alt so do dhéanamh agus san gan leathscéal údaruithe mar a luaidhtear san Acht so.

Leathscéal údaruithe mar gheall ar neachó-líona na bhforálacha i dtaobh cuntais agus faisnéise i dtaobh costaisí toghacháin.

39. —(1) Mara ndintar an cuntas agus na faisnéisí i dtaobh costaisí toghacháin iarrthóra i nDáil-toghachán i gcóir aon dáilcheanntair do chur chun an chinn chomhrimh mar a horduítear leis an Acht so, no má dineadh san agus go raibh earráid no ráiteas bréagach ionta, ansan—

(a) má leagann an t-iarrthóir iarratas fé bhráid na hArd-Chúirte no cúirte toghacháin agus go dtaisbeánfa sé gurbh é rud ba bhun le gan an cuntas agus na faisnéisí sin, no aon cheann acu, no aon chuid díobh, do chur chun an chinn chomhrimh, no ba bhun le haon earráid no ráiteas bréagach ionta, ná é do bheith breoite, no a ghíomhaire toghacháin no a fho-ghníomhaire no aon chléireach no oifigeach leis an ngníomhaire sin do bheith as láthair, no do bheith tar éis bháis, no breoite, no mí-iompartha, no nea-thabhairt-fé-ndeara no aon chúis réasúnta den tsórt san, agus nách aon easba macantachta ar an iarratasóir fé ndeár é; no

(b) má leagann gníomhaire toghacháin an iarrthóra iarratas fé bhráid na hArd-Chúirte no cúirte toghacháin agus go dtaisbeánfa sé gurbh é rud ba bhun le gan an cúntas agus na fáisnéisí sin do chur chun an chinn chomhrimh a bhí ceangailte air a chur ag triall air, no ba bhun le haon earráid no ráiteas bréagach ionta, ná é do bheith breoite no bás no breoiteacht aon ghníomhaire thoghacháin a bhí i bhfeidhmeanas an iarrthóra roimhe no aon fho-ghníomhaire, cléireach, no oifigeach do ghníomhaire don iarrthóir do bheith as láthair no do bheith tar éis bháis, no breoite no mí-iompartha, no neathabhairt-fé-ndeara no aon chúis réasúnta den tsórt san, agus nách aon easba macántachta ar an iarratasóir é;

féadfidh an chúirt, tar éis pé fógra is oiriúnach léi i dtaobh an iarratais sa dáilcheanntar san agus tar éis pé fianaise is oiriúnach léi ar na forais a ráitear san iarratas agus ar mhacántacht an iarratais do bheith tabhartha i láthair agus tar éis pé ní eile a bheith déanta is oiriúnach léi, pé ordú do dhéanamh, a chítar don chúirt a bheith ceart, chun leathscéal údaruithe do lomháil i dtaobh na faillí a tugadh sa chuntas agus sa bhfaisnéis sin do chur chun an chinn chomhrimh no i dtaobh aon earráide no ráitis bhréagaigh sa chuntas agus sa bhfaisnéis sin.

(2) Má chítar don chúirt gur dhin aon duine atá no a bhí ina ghníomhaire thoghachán no ina fho-ghníomhaire diúltú no faillí i dtaobh déanamh pé cuntais no soláthar pé mion-innste a chuirfadh ar chumas an iarrthóra agus a ghníomhaire thoghacháin fé seach forálacha an Achta so do chó-líona leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin déanfaidh an chúirt, sara ndéanfa sí ordú ag lomháil an leathscéil mar a luaidhtear san alt so, a ordú don duine sin teacht i láthair na cúirte agus, ar theacht i láthair do, mara dtaisbeánfa sé cúis chun a mhalairt, ordóidh sí dho an cúntas agus an fhaisnéis do dhéanamh, no ráiteas do sheachada ar na mion-innste is gá a bheith sa chuntas, fé mar a chífar don chúirt a bheith ceart, agus an céanna do dhéanamh agus do sheachada laistigh de pé aimsir agus do pé duine agus ar pé cuma a ordóidh an chúirt no féadfa sí a ordú go scrúdófar é i dtaobh na mion-innste sin agus má fhágann sé aon ordú den tsórt san gan chó-líona féadfa sí a ordú dho fíneáil nách mó ná cúig céad púnt d'íoc.

(3) Féadfidh an t-ordú an lomháil do dhéanamh ar choiníoll go ndéanfar an cuntas agus an fhaisnéis i bhfuirm atharuithe no laistigh d'aimsir bhreise agus go gcó-líonfar pé téarmaí eile is dó leis an gcúirt is fearr chun cuspóirí an Achta so do chur in éifeacht; agus déanfidh ordú lomhálta leathscéil údaruithe an té d'iarr an t-ordú do shaora o aon bhaol no iarsmaí fén Acht so a leanfadh as an ní a maithfar leis an ordú; agus má chruthuíonn an t-iarrthóir don chúirt gur gan cead ón iarrthóir agus i gan fhios do a dhin an gníomhaire toghacháin aon ghníomh no faillí a dhin sé maidir leis an gcuntas agus leis an bhfaisnéis i dtaobh costaisí toghacháin, agus gur thug an t-iarrthóir gach aire réasúnta chun an gníomh no an fhaillí sin do chosc, saorfidh an chúirt an t-iarrthóir o iarsmaí an ghnímh no na faillí sin a dhin a ghníomhaire toghacháin.

(4) Dáta lomhálta an leathscéil isea a gairmtear san Acht so de dháta an orduithe no má bhíonn coiníollacha agus téarmaí le có-líona, den dáta ar a mbeid có-líonta go hiomlán ag an iarratasóir.

Foillsiú achmaireachta ar chuntas na gcostaisí toghacháin.

40. —(1) Laistigh de dheich lá tar éis do cuntas i dtaobh costaisí toghacháin d'fháil o ghníomhaire toghacháin iarrthóra, foillseoidh an ceann comhrimh i nDáil-toghachán, i dhá bpáipeur ar a luíod dá léitear sa dáilcheanntar dar comóradh an toghachán, fógra i dtaobh an ama agus na háite ina bhféadfar an cuntas agus na faisnéisí (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) d'iniúcha.

(2) Déanfar an cuntas agus na faisnéisí (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) a chuir gníomhaire toghacháin ag triall ar an gceann comhrimh do chimeád in oifig an chinn chomhrimh no in áit éigin chaothúil a cheapfa sé sin, agus ar gach uair réasúnta i rith an dá bhliain tar éis don cheann chomhrimh iad d'fháil féadfidh éinne iad d'iniúcha ach táille scillinge d'íoc agus déanfidh an ceann comhrimh, má iarrtar san air, cóipeanna dhíobh no d'aon chuid díobh do sholáthar ar dhá phingin an dá fhocal déag is trí fichid. Ar bheith istigh don dá bhliain sin féadfidh an ceann comhrimh a chur fé ndeár go ndítheofar an cuntas agus na faisnéisí sin (maraon leis na scríbhinní a ghabhann leo) no, má iarann an t-iarrthóir no a ghníomhaire toghacháin san, déanfa sé an céanna do thabhairt thar n-ais don iarrthóir.