|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Costaisi Dail-toghachain.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Toghthoiri fe Mhi-chailiocht.) |
ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI. Gniomhairi Toghachain i Seanad-Toghachain. | |
| [EN] |
Iarrthóir i Seanad-toghachán do cheapa gníomhaire toghacháin. |
41. —(1) Beidh ag iarrthóir i Seanad-toghachán an chomhacht chéanna chun gníomhaire toghacháin do cheapa a bronntar leis an Acht so no leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , ar iarrthóir i nDáil-toghachán. |
| [EN] | (2) Na forálacha uile den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , i dtaobh iarrthóir i nDáil-toghachán do cheapa gníomhaire bainfid le hiarrthóir i Seanad-toghachán do cheapa gníomhaire ach iad d'atharú i dtreo— | |
| [EN] | (a) go ndéanfar tagartha a dintar sna forálacha don lá deireannach chun glactha ainmniúchán do léiriú mar thagartha don dara lá tar éis dáta an fhurógra le n-a gceapfar an lá ar a ndéanfar an Seanad-toghachán; | |
| [EN] | (b) gurb é Ceann Comhrimh an tSeanaid an ceann comhrimh dá dtabharfar fógra i dtaobh gníomhaire toghacháin do bheith ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán agus i dtaobh ainm agus seola agus oifig an ghníomhaire sin; | |
| [EN] | (c) ná beidh sé riachtanach fógra puiblí do thabhairt i dtaobh ceapa, ainm, seola no oifig ghníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán. | |
| [EN] |
Cirt, dualgaisí agus comhachtanna gníomhairí i Seanad-toghachán. |
42. —(1) Gach foráil den Acht so no den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , i dtaobh cearta, comhachtanna agus dualgaisí gníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i nDáiltoghachán, bainfe sí le gníomhaire a bheidh ceaptha ag iarrthóir i Seanad-toghachán ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so. |
| [EN] | (2) Ní tuigfar éinní san Acht so no san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , do bheith ag tabhairt údaráis d'iarrthóir i Seanadtoghachán ná do ghníomhaire aon iarrthóra den tsórt san chun leas-ghníomhaire, fo-ghníomhaire, nó gníomhaire pearsanála do cheapa. |