|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT BREITHIÚNAIS CHOIRIÚLA (RIARA), 1924) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.) |
ACHT BREITHIÚNAIS CHOIRIÚLA (RIARA), 1924
| [EN] | ||||||||
| [EN] |
CEAD SCEIDEAL. RIALACHA. | |||||||
| Abhar, etc., i gcóir díotálanna. | 1.—(1) Féadfidh díotáil bheith ar mheamram no ar pháipéar mharthanach, agus í scríbhte no clóbhuailte, no i bpáirt scríbhte agus i bpáirt clóbhuailte. | |||||||
(2) Gach leathán ar a mbeidh díotáil curtha síos ní bheidh sé níos mó ná 12 órlach ná níos lú ná 6 hórlaigh ar faid, ná níos mó ná 14 hórlaigh ná níos lú ná 12 órlach ar leithead, agus más gá níos mó ná leathán amháin, ceanglófar na leatháin dá chéile i bhfuirm leabhair. | ||||||||
(3) Ar thaobh na láimhe clé de gach leathán cimeádfar imeall ceart nách lú ná 3 hórlaigh ar leithead. | ||||||||
(4) Féadfar figiúirí agus comhngair d'úsáid i ndíotáil chun éinní do chur in úil is gnáth a chur in úil leo. | ||||||||
(5) Ní féadfar agóid do chur i gcoinnibh díotála ar an scór amháin nár có-líonadh an riail seo. | ||||||||
| Tosach na díotála. | 2.—Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh tosach na díotála:— | |||||||
Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann v. A.B. | ||||||||
Cuirt na Trialach (e.g. an Phríomh-Chúirt Choiriúil, (no) Cúirt de Chuaird na hArd-Chúirte, (no) An Chúirt Chuarda Breithiúnais i Saorstát Éireann, (no) Cúirt Breithimh Chúirte Contae Phortláirge, (no) Cúirt Breacthóir Chorcaighe). | ||||||||
An Cuiseamh ata a Leaga fe Bhraid an Choiste Dhareag. | ||||||||
Tá A.B. á chúiseamh sa chionta so (sna ciontaí seo) a leanas:— | ||||||||
| Cúisithe do chur le chéile i ndíotáil amháin. | 3.—Féadfar cúisithe mar gheall ar aon chionta, pe'ca feleontachtaí no mí-iompair iad, do chur le chéile san aon díotáil amháin, más ar na dátáin chéanna atáid bunuithe, no más sreath ciontaí iad no cuid de shreath ciontaí atá mar a chéile. | |||||||
| An modh ina gcúiseofar duine i gciontaí. | 4.—(1) Cuirfar síos sa díotáil, i mír fé leith dá ngairmfar scór, tuairisc an chionta ina mbeidh duine á chúiseamh i ndíotáil nó, má cúisítear é i níos mó ná cionta amháin sa díotáil, tuairisc gach cionta fé leith ina mbeidh sé á chúiseamh amhlaidh. | |||||||
(2) Tosnóidh scór díotála le ráiteas ar an gcionta ina bhfuil an cúiseamh á dhéanamh, ní dá ngairmfar ráiteas an chionta. | ||||||||
(3) I ráiteas an chionta beidh cuntas geairid ar an gcionta i ngnáth-chaint, ina seachnófar téarmaí teicniciúla chó fada agus is féidir é, agus ní gá gach páirt táchtach den chionta do luadh ann, agus más cionta a cruthnuíodh le reacht an cionta ina bhfuil an cúiseamh á dhéanamh, beidh sa ráiteas tagairt don alt den reacht le nar cruthnuíodh an cionta. | ||||||||
(4) Tar éis ráiteas an chionta cuirfar síos mion-innste ar an gcionta san i ngnáth-chaint agus ní gá téarmaí teicniciúla d'úsáid ionta: | ||||||||
Ach sa chás ina ndintar, le haon riail dlí no le haon reacht, teora do chur leis no mion-innste is gá a thabhairt ar chionta i ndíotáil, ní bheidh sé riachtanach do réir éinní sa riail seo níos mó mion-innste do thabhairt ná mar is gá do réir na riala dlí no an reachta san. | ||||||||
(5) Na fuirmeacha atá sa bhfo-scríbhinn a ghabhann leis na rialacha so, no fuirmeacha a bheidh dá réir oiread agus is féidir é, úsáidfar iad i gcásanna le na mbainid agus i gcásanna eile úsáidfar fuirmeacha a bheidh sa chéill chéanna no chó mór dá réir agus is féidir é ach atharófar ráiteas an chionta agus na mion-innste ar an gcionta do réir mar a bheidh an scéal i ngach cás fé leith. | ||||||||
(6) Má bhíonn thar aon scór amháin i ndíotáil uimhreofar na scóranna do réir a chéile. | ||||||||
| Forálacha i dtaobh ciontaí reachtúla. | 5.—(1) Má deirtar in achtachán le n-a mbunuítear cionta gurb é rud atá sa chionta ná aon cheann áirithe d'aon ghníomhartha difriúla go ceachtardha do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh, no aon ghníomh do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh fé aon cheann áirithe d'aon fheadhmannachtaí difriúla, no le haon cheann áirithe d'aon intinní difriúla, no má deirtar aon chuid den chionta go ceachtardha féadfar na gníomhartha, na faillíocha, na feadhmannachtaí, no na hintinní, no na nithe eile adeirtar go ceachtardha san achtachán do rá go ceachtardha sa scór ina bhfuil cúiseamh sa chionta. | |||||||
(2) Ní bheidh sé riachtanach, in aon scór ina bhfuil cúiseamh i gcionta reachtúil, aon eisceacht ná saora o oibriú an reachta le n-ar cruthnuíodh an cionta, ná aon cháiliú air, do chur ar neamhní. | ||||||||
| Tuairisc maoine. | 6.—(1) Is i ngnáth-chaint a bheidh tuairisc maoine i scór i ndíotáil agus i slí go mbeidh sé réasúnta soiléir cadí an mhaoin atá i gceist, agus má tugtar tuairisc na maoine ar an gcuma san ní bheidh sé riachtanach (ach amháin nuair is gá é chun tuairisc do thabhairt ar chionta atá ag brath ar aon únaereacht speisialta ar mhaoin no luach speisialta maoine) a rá cad is ainm don té gur leis an mhaoin ná cad is fiú an mhaoin. | |||||||
(2) I gcás maoin do bheith dílsithe i níos mó ná éinne amháin, ma tagartar do sna húnaerí i ndíotáil, is leor a rá gur le duine ainmnithe de sna daoine sin, agus le daoine eile, an mhaoin, agus más cólucht daoine na daoine gur leo an mhaoin agus có-ainm ortha, mar atá “Aititheoirí,” “Iontaobhaithe,” “Coimisinéirí,” no “Club” no ainm éigin eile den tsórt san is leor an chó-ainm d'úsáid gan ainm éinne fé leith do luadh. | ||||||||
| Tuairisc daoine. | 7.—An tuairisc no an comharthú a tabharfar i ndíotáil ar an duine cúisithe no ar éinne eile dá dtagrófar inti, déanfar é réasúnta dóthanach chun a dhéanamh amach cé hé an duine sin, agus gan a bheith riachtanach a ainm cheart ná a áit comhnaithe, a theideal, a inbhe ná a ghnó do luadh; agus más rud é, toisc nách fios ainm an duine, no mar gheall ar éinní eile, nách féidir a leithéid sin de thuairisc no de chomharthú do thabhairt, tabharfar pé tuairisc no comharthú is féidir a thabhairt do réir réasúin agus an scéal amhlaidh no féadfar “duine nách aithnid” do thabhairt mar thuairisc ar an duine sin. | |||||||
| Tuairisc scríbhinne. | 8.—Más gá tagairt d'aon scríbhinn no instruimid i ndíotáil, is leor mar thuairisc uirthi aon ainm no comharthú le n-a n-aithnítear í do ghnáth, no a brí do thabhairt, gan aon chóip di do chur síos. | |||||||
| Riail ghenerálta i dtaobh tuairisce. | 9.—Fé réir aon fhorálacha eile de sna rialacha so, is leor tuairisc i ngnáth-chaint do thabhairt ar áit, am, rud, ní, gníomh no faillí ar bith gur gá tagairt do i ndíotáil, ach é dhéanamh i slí go mbeidh sé réasúnta soiléir cadé an áit, an t-am, an rud, an ní, an gníomh no an fhaillí atá i gceist. | |||||||
| Ráiteas i dtaobh intinne. | 10.—Nuair a beifar ag luadh intinn calaois, mealla no díobháil do dhéanamh, ní gá a rá go rabhthas ar intinn calaois do dhéanamh ar aon duine áirithe no é mhealla no díobháil do dhéanamh do más rud é, do réir an reachta le n-ar cruthnuíodh an cionta, nách cuid riachtanach den chionta é dhéanamh le hintinn calaois do dhéanamh ar aon duine áirithe ná le hintinn é mhealla ná le hintinn díobháil do dhéanamh do. | |||||||
| Seana-chiontuithe etc., do chur i leith duine. | 11.—Má cuirtar i leith duine gur ciontuíodh cheana é no gur minic ag déanamh coirthe no ar meisce é, is i ndeire na díotála a cuirfar san, tré n-a rá—i gcás an duine bheith ciontuithe cheana, gur ciontuíodh cheana é sa chionta do dhéanamh am áirithe in áit áirithe, ach gan mion-innste thabhairt ar an gcionta, agus i gcás duine a dhineann coirthe no a bhíonn ar meisce go minic, gur duine é a dhineann coirthe go minic no a bhíonn ar meisce go minic, pe'ca aca é. | |||||||
| Saora i gcóir a. 32 (4) den Children Act, 1908. | 12.—Ní dhéanfidh éinní sna rialacha so, ná in aon rialacha a déanfar fé alt a dó den Acht so, aon difir d'fhorálacha fo-alt (4) d'alt 32 den Children Act, 1908. | |||||||
| Caithfar cóip den díotáil do sholáthar. | 13.—(1) Beidh sé de dhualgas ar chlárathóir na cúirte cóip den díotáil do thabhairt don duine cúisithe in aisce má iarrann sé í. | |||||||
(2) I gcur na riala so i mbaint le cúirteanna contae, cuirfar cléireach na síochána in ionad clárathóir na cúirte. | ||||||||
| Léiriú. | 14.—Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923) le léiriú na rialacha so fé mar a bhaineann sé le léiriú Achta den Oireachtas. | |||||||
| Gearr-theideal. | 15.—Féadfar na Rialacha Díotála, 1924, do ghairm de sna rialacha so, agus féadfar na rialacha so, maraon le haon rialacha a déanfar fén Acht so, do luadh le chéile fé aon chó-theideal a hordófar leis na rialacha deiridh sin a luaidhtear. | |||||||
FO-SCRIBHINN LEIS NA RIALACHA. | ||||||||
FUIRMEACHA DIOTALA. | ||||||||
1. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dúnmharbhú. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
| ||||||||
2. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cabharthóir le dúnmharbhú iar ngníomh. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B., agus a fhios aige go maith gur dhin H.C. áirithe C.C. do dhúmharbhú i gContae , an lá de , H.C. sin do ghlaca, do shólású, do chimeád fé n-a choimirce agus cabhair agus cothú do thabhairt do i gContae , an lá de , agus laethanta eile ina dhiaidh sin. | ||||||||
3. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Duineabhacht. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
| ||||||||
4. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Eigniú. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
| ||||||||
5. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Créachtnú le hintinn díobhála contrárdha d'alt 18 den Offences against the Person Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , C.D. do chréachtnú le hintinn díobháil mhór chuirp do dhéanamh do, no é bhasca, no máchail do chur air, no é chur ar mí-chumas, no cur i gcoinnibh gabháil do dhéanamh go dleathach air, eadhon, ar A.B. sin. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Créachtnú contrárdha d'alt 20 den Offences against the Person Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
| ||||||||
6. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Danardhacht do leanbh, contrárdha d'alt 12 den Children Act, 1908. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. idir an lá de , agus an la de , i gContae , agus é ina dhuine os cionn sé mblian ndéag d'aois ar a raibh cimeád, cúram no caomhaint C.D., leanbh, droch-dhéanamh do thabhairt don leanbh san no faillí do thabhairt ann, no a chur fé ndeár no a fháil go ndéanfaí droch-dhéanamh do thabhairt don leanbh no faillí do thabhairt ann i slí gur dócha go mbeadh peannaid nár ghá air no go ndéanfaí díobháil dá shláinte. | ||||||||
7. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Ladranntacht, contrárdha d'alt 17 (1) (a) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B., eadhon, cléireach no seirbhíseach do M.N., deich stata éadaigh do ghuid o M.N. sin ar an lá de i gContae. | ||||||||
8. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Robáil, le fóiréigean, contrárdha d'alt 23 (1) (b) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , uaireadóir do robáil ar C.D., agus le n-a linn sin, no díreach roimhe no ina dhiaidh, do dhin sé fóiréigean pearsanta ar C.D. sin. | ||||||||
9. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Ladranntacht ag duine a ciontuíodh cheana. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , mála le C.D. do ghuid. Do ciontuíodh A.B. cheana i mbuirgléaracht an lá de , sa Chúirt a bhí ina suidhe i nGaillimh. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Earraí do guideadh do ghlaca, contrárdha d'alt 33 (1) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , mála le C.D. do ghlaca agus a fhios aige an céanna do bheith guidthe. | ||||||||
10. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Ladranntacht, contrárdha d'alt 13 den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar oíche an lá de , i gContae , brise isteach agus dul isteach i dtigh comhnaithe C.D. le hintinn guid a dhéanamh ann, agus do ghuid sé ann uaireadóir le S.T., uaireadóir is fiú deich bpúint. | ||||||||
11 | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Bagairt a dhéanamh clú-mhille scríbhte d'fhoillsiú, contrárdha d'alt 31 den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de ,i gContae , leitir do chur ag triall ar C.D., no í do sheachada no do thairgsint do, no chuir sé fé ndeár go bhfuigheadh sé í, leitir in ar cuireadh coir aithiseach i leith C.D. sin no in ar bagradh air go ndéanfí amhlaidh agus san le hintinn a chur fhiachaint ar C.D. sin airgead do thabhairt uaidh. | ||||||||
12. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Earraí d'fháil le feallaireacht, contrárdha d'alt 32 (1) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , le hintinn calaois do dhéanamh, cúig slata éadaigh d'fháil o S.P., tré n-a leigint air go fallsa gur sheirbhíseach eisean, A.B. sin, do J.S., agus gur chuir J.S. sin eisean, A.B. sin, ag triall ar S.P. ad iarraidh an éadaigh sin, agus go raibh údarás an uair sin aige-sean, A.B. sin, o J.S. sin chun an t-éadach san do ghlaca thar ceann J.S. sin. | ||||||||
13. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cogar chun calaoise. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. agus C.D. ar an lá de , agus ar laethanta iomdha idir an lá san agus an lá de , i gContae , cogar le chéile chun calaois do dhéanamh tré fhógrán a chuireadar san, A.B. sin agus C.D. sin, sa pháipéar nuachta H.C., agus in ar tugadh le tuisgint go fallsa go raibh gnó dílis macánta ar siúl an uair sin ag A.B. agus C.D. mar sheodairí i , i gContae , agus go raibh ar a gcumas an uair sin earraí áirithe seodaireachta do thabhairt do pé duine a chuirfadh dhá phúnt chúcha. | ||||||||
14. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Dógha, contrárdha d'alt 2 den Malicious Damage Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , tigh comhnaithe do chur tré theine go mailíseach agus duine, F.G., ann. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Dógha, contrárdha d'alt 3 den Malicious Damage Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , tigh do chur tré theine go mailíseach le hintinn díobhála no calaoise. | ||||||||
15. | ||||||||
RAITEAS NA gCIONTA. | ||||||||
A.B., dógha, contrárdha d'alt 3 den Malicious Damage Act, 1861: | ||||||||
C.D., cabharthóir sa chionta chéanna roimh an ngníomh. | ||||||||
MION-INNSTE AR NA CIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , tigh do chur tré theine le hintiun díobhála no calaoise. | ||||||||
Do dhin C.D. an lá céanna san i gContae , a chomharliú do A.B. agus a thabhairt air agus a ordú dho an cionta san do dhéanamh. | ||||||||
16. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Cionta fé alt 35 den Malicious Damage Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , trasnán le Mórbhóthar Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair do chur as a ionad le hintinn aon scruinge, cóiste freastail, caráiste no truc, in úsáid ar an mbóthar iarainn sin, do chosc, do leaga, do chur buniscionn, do dhocharú no do dhíthiú. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Constaicí do chur ar bhóthar iarainn, contrárdha d'alt 36 den Malicious Damage Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B., ar an lá de , i gContae , tré trasnán le Mórbhóthar Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair do chur as a ionad go nea-dhlíthiúil, cosc do chur no a chur fé ndeár cosc do chur le scruinge no le caráiste a bhí in úsáid ar an mbóthar iarainn sin. | ||||||||
17. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Damáiste dhéanamh do chrainn, contrárdha d'alt 22 den Malicious Damage Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , damáiste go mailíseach do chrann daire a bhí ag fás ansan. | ||||||||
Do ciontuíodh A.B. fé dhó cheana i gcionta fé alt 22 den Malicious Damage Act, 1861, eadhon, i , an lá de , agus i , an lá de . | ||||||||
18. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Aithris ar scríbhinn, contrárdha d'alt 2 (1) (a) den Forgery Act, 1913. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , le hintinn calaois do dhéanamh, uacht bhréagach a bhí in ainm bheith ina huacht a dhin C.D. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Aithris ar scríbhinn do thairgsint, contrárdha d'alt 6 den Forgery Act, 1913. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , uacht bhréagach áirithe, a bhí in ainm bheith ina huacht a dhin C.D., do thairgsint agus a fhios aige gurbh uacht bhréagach í, agus san le hintinn calaois do dhéanamh. | ||||||||
19. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Mona bréagach do thairgsint, contrárdha d'alt 9 den Coinage Offences Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , sa tsiopa atá ag C.D. i gContae , leath-choróin bhréagach do thairgsint agus a fhios aige gur leath choróin bhréagach í. | ||||||||
20. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Mona bréagach do thairgsint, contrárdha d'alt 12 den Coinage Offences Act, 1861. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , sa tsiopa atá ag C.D. i gContae , sabhran bréagach do thairgsint agus a fhios aige gur shabhran bréagach é. | ||||||||
Do ciontuíodh A.B. i mí-iompar cheana fé alt 9 den Coinage Offences Act, 1861, ar an lá de , i | ||||||||
21. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Clú-mhille scríbhte. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , clú-mhille scríbhte d'fhoillsiú i dtaobh E.F., i bhfuirm leitreach (leabhair, paimfléide, pictiúra, no pé rud é féin). | ||||||||
(Luaidhtear an innuendo más gá é). | ||||||||
22. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Clú-mhille draosta scríbhte d'fhoillsiú. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin E.M. ar an lá de , i gContae , agus do chuir sé fé ndéar no thug sé chun críche, clú-mhille draosta scríbhte, 'na bhfuil mion-innste air curtha isteach i dteanta na díotála so, do dhíol, do nochta agus d'fhoillsiú. | ||||||||
(Luaidhtear na leathanaigh agus na línte atáthar a ghearán, más gá san, mar a bheadh i leabhar). | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Clú-mhille (no ní) draosta scríbhte do thabhairt chun críche le hintinn é dhíol no é fhoillsiú. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin E.M. ar an lá de , i gContae , clú-mhille (no ní) draosta scríbhte, 'na bhfuil mioninnste air curtha isteach i dteanta na díotála so, do thabhairt chun críche le hintinn an clú-mhille (no ní) draosta scríbhte sin do dhíol, do nochta no d'fhoillsiú. | ||||||||
23. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Fallsú cuntaisí, contrárdha d'alt 1 den Falsification of Accounts Act, 1875. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , agus é mar chléireach no scirbhíseach ag C.D., le hintinn calaois do dhéanamh, iontráil bhréagach do chur no aontú le hiontráil bhréagach do chur i leabhar airgid le C.D. sin, a fhostathóir, agus í in ainm bheith á theasbáint gur híocadh £100 le L.M. an lá san. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Mar atá an chéad scór. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , agus é mar chléireach no seirbhíseach ag C.D., no d'aontuigh sé go ndéanfaí, le hintinn calaois do dhéanamh, puínte táchtach d'fhágaint amach as leabhar airgid le C.D. sin, a fhostathóir, sé sin le rá, £50 d'fháil o H.S. an lá san. | ||||||||
24. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Cead Scor. | ||||||||
Maoin do chlaona go calaoiseach, contrárdha d'alt 20 (1) (iv) (a) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , maoin áirithe do chlaona go calaoiseach chun úsáide agus chun tairbhe dho féin, sé sin le rá, £100 do chur H.S. fé n-a chúram i dtreo go ndéanfadh seisean, A.B. sin, é choinneáil i slán-chimeád. | ||||||||
RAITEAS AN CHIONTA. | ||||||||
Dara Scor. | ||||||||
Maoin do chlaona go calaoiseach, contrárdha d'alt 20 (1) (iv) (b) den Larceny Act, 1916. | ||||||||
MION-INNSTE AR AN gCIONTA. | ||||||||
Do dhin A.B. ar an lá de , i gContae , maoin áirithe do chlaona go calaoiseach chun úsáide agus chun tairbhe dho féin, sé sin le rá, suim £200, a fuair sé ar son agus thar ceann L.M. | ||||||||