An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. lachtachain a riarfidh buird shlainte i gco-cheanntair.)

3 1927

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927

TRIU SCEIDEAL.

leasuithe ar an acht rialtais áitiúla, 1925 .

Na coda a leasuítear.

Modh agus méid an leasuithe.

Alt 10, fo-alt (1).

Cuirtar i ndeire an fho-ailt na focail “(maraon le hainm na contae agus le haon ainm aitheantais ar an gceanntar sláinte contae).”

Alt 10, fo-alt (2).

In ionad na bhfocal:—“don cheanntar shláinte chontae sin” i ndeire an fho-ailt cuirtar na focail—“(maraon le hainm na contae agus le haon ainm aitheantais ar an gceanntar sláinte contae).”

Alt 13, fo-alt (2).

In ionad an fhocail “ceanntar sláinte contae,” sa dá áit ina bhfuil an focal san, cuirtar an focal “líomatáiste feidhmiúcháin an bhúird shláinte.”

Alt 13, fo-alt (5).

Scriostar amach na focail “le ceadú an Aire.”

Alt 35, fo-alt (2).

Scriostar amach na focail “fén Acht so.”

Alt 51, fo-alt (1).

In ionad na bhfocal “seirbhís fiche blian” cuirtar na focail “seirbhís cúig mblian fichead.”

Alt 56, fo-alt (3).

I mír (b) díreach i ndiaidh an fhocail “sé” cuirtar isteach na focail “in aghaidh gach bliana críochnuithe dá sheirbhís.”

Alt 58, fo-alt (5).

Scriostar amach na focail “agus a cheadóidh an tAire.”

Alt 69, fo-alt (1).

I mír (i) in ionad an fhocail agus an fhigiúra “alt 7” cuirtar an focal agus an figiúir “alt 6.”

Alt 69, fo-alt (3).

In ionad na bhfocal “fé Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 ” cuirtar na focail “i gcás aon tighe,” agus in ionad na bhfocal “den Acht san” i ndeire an fho-ailt cuirtar na focail “ d'Acht na dTithe (Saoráidí Togála), 1924 .”