An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA, 1927) Ar Aghaidh (CUID II. Comhlachaisi Nea-dhleathacha agus Nithe Eile.)

31 1927

ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA, 1927

CUID I.

Generalta.

Gearr-theideal agus buaine.

1. —(1) Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta, 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann cúig mblian tar éis é bheith rithte agus ragha sé in éag ansan.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht so—

foluíonn an focal “comhlachas” aon chomhluadar daoine pe'ca tugtar aon ainm fé leith air no ná tugtar;

cialluíonn an focal “comhlachas nea-dhleathach” comhlachas do faisnéiseadh a bheith ina chomhlachas nea-dhleathach le hordú do dhin an Ard-Chomhairle fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

foluíonn an focal “scríbhinní tréasúnta no ceannairceacha” aon scríbhinn mar gheall ar no a bhaineann le comhlachas neadhleathach no a tugadh amach no a tháinig no a dheabhruíonn gur tugadh amach í no go dtáinig sí o chomhlachas neadhleathach;

cialluíonn an focal “tréimhseachán” aon pháipeur nuachta, meaigisín, irisleabhar no foillseachán eile a tugtar amach o am go ham go rialálta no nách mór go rialálta.

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfar gur dhin comhlachas nea-dhleathach de chomhlachas nea-dhleathach de bhua an Achta so ar dhéanamh an Orduithe ón Ard-Chomhairle á fhaisnéis gur comhlachas nea-dhleathach é.

Leasú an Bhunreactha.

3. —Gach foráil den Acht so atá contrárdha d'aon fhoráil den Bhunreacht, oibreoidh sí agus beidh éifeacht aici, chó fada le méid na contrárdhachta san, mar leasú ar an bhforáil sin den Bhunreacht faid a leanfidh an tAcht so i bhfeidhm agus an fhaid sin amháin.