|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Clar na Leasuitheoiri.) |
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1930
|
CUID III. Ilghneitheach agus Generalta. | ||
| [EN] |
Toirmeasc ar uibhe do dhíol in áiteacha áirithe. |
24. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon uibhe do dhíol, do mhargáil, ná do mhalairtiú, ná iad do thairisgint ná do thaisbeaint chun a ndíolta, a margála, ná a malairtithe, in áit ná i slí ná beidh leor-chosaint ag na huibhe sin ar fhliche, ar thaise, ar shalachar no ar thruailliú de shórt ar bith. |
| [EN] | (2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
| [EN] |
Comhachta an Ghárda Síochána. |
25. —(1) Beidh teideal ag ball den Ghárda Síochána dul isteach ar gach tráth réasúnta in áitreabh ar bith (nách áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe ná i gclár na leasuitheoirí) ina dtairgtear no ina dtaisbeántar uibhe chun a ndíolta. |
| [EN] | (2) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána iniúcha do dhéanamh ar aon uibhe tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta in aon áit go mbeidh teideal aige dul isteach ann fén bhfo-alt san roimhe seo no in aon áit phuiblí agus féadfa sé somplaí réasúnta d'aon uibhe a tairgfear no a taisbeánfar chun a ndíolta in aon áit den tsórt san agus iad salach ar an taobh amuich do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta. | |
| [EN] | (3) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le ball den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
| [EN] |
Rialacháin. |
26. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus ná horduítear ná nách féidir d'ordú fén bPríomh-Acht. |
| [EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
| [EN] |
Costaisí. |
27. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht. |
| [EN] |
Ciontaí. |
28. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh. |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
29. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1930 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |