|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 46 de 1931. | ||
| [EN] |
ACHT UM FHÓIRITHIN AR DHÍOMHAOINTEAS, 1931. | |
ACHT CHUN TUILLEADH SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN FÓIRITHINE AR DHÍOMHAOINTEAS AGUS AR GHÁTAR. [15adh Mí na Nodlag, 1931.] | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Airgead áirithe do chur chun fóirithine ar dhíomhaointeas agus ar ghátar. |
1. —(1) Déanfar £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) den tsuim atá, de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 2 den Roads Act, 1920, mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis agus iontugtha amach as san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932, déanfar, in ionad é d'íoc isteach sa Ród-Chiste do réir fo-ailt (3) den alt san, é do chur i gcuntas ar leithligh a bhunóidh an tAire Airgid agus a bheidh fé n-a chúram. |
| [EN] | (2) An tsuim is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do chur i gcuntas ar leithligh riarfar í agus cuirfear chun críche í chun congnaimh airgid do thabhairt, tré iasacht no tré dheontas i pé méideanna agus ar pé téarmaí agus coinníollacha cheadóidh an tAire Airgid, do pé scéimeanna chun fóirithine ar dhíomhaointeas agus ar ghátar a ordóidh an tAire sin. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Fhóirithin ar Dhíomhaointeas, 1931 , do ghairm den Acht so. |