An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Ualach-line agus Ladail.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

42 1933

ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN UM SHÁBHÁLTACHT AGUS UM UALACH-LÍNE), 1933

CUID III.

Generalta.

Forálacha i dtaobh rialacha agus rialachán.

62. —(1) D'ainneoin aon rialacha no rialachán a déanfar do réir an Achta so chun feidhme no éifeachta do thabhairt d'aon fhoráil den Chonvensiún um Shábháltacht no den Chonvensiún um Ualach-Líne le n-a n-éilítear feisteas no gléas no fearas áirithe, no saghas áirithe den chéanna, d'fheistiú no d'iompar i luing no aon tsocrú áirithe do dhéanamh i luing, féadfaidh an tAire a cheadú aon fheisteas no gléas no fearas eile, no aon tsaghas den chéanna, d'fheistiú no d'iompar no aon tsocrú eile do dhéanamh más deimhin leis an feisteas no an gléas no an fearas eile sin, no an saghas san den chéanna, no an socrú eile sin, do bheith chó héifeachtúil ar a laighead leis sin a héilítear leis an gConvensiún.

(2) Má bhíonn se de cheangal ar an Aire fén Acht so na rialacháin no rialacha san do dhéanamh a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Chonvensiúin um Shábháltacht no an Chonvensiúin um Ualach-Líne, ansan, i gcás forála go bhfuil a téarmaí de shaghas a dhílsíonn sna Rialtaisí uile agus fé seach is páirtithe sa Chonvensiún discréid i dtaobh ar cheart éinní do dhéanamh no cadé an ní ba cheart do dhéanamh fén bhforáil sin, léirecfar an ceangal mar údarás don Aire chun pé socrú (más aon cheann é) do dhéanamh le rialacháin no le rialacha, i dtaobh an ní bheidh i gceist, is dóich leis an Aire, i bhfeidhmiú na discréide sin, do bheith ceart.

Fógra bheidh le tabhairt d'oifigeach Chonsulta i gcás imeachta do bhunú mar gheall ar longa coigríche.

63. —I gcás long ar bith le haon tír lasmuich den Chochiníochas Bhriotáineach do choinneáil fén Acht so, agus i gcás aon imeachta do bhunú fén Acht so i gcoinnibh máistir no únaera aon luinge den tsórt san, seirbheálfar fógra láithreach ar an oifigeach consulta, don tír le n-a mbaineann an long, a bheidh ag an bport no is goire don phort ina mbeidh an long de thurus na huaire, agus luadhfar sa bhfógra san na scóranna ar ar coinníodh an long no ar ar bunuíodh na himeachta.

Costas coinnithe long.

64. —Má coinnítear long do réir aon fhorála den Acht so le n-a bhforáltar long do choinneáil go dtí go dtárlóidh teagmhas áirithe, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt a ceithre chéad is seasea den Phríomh-Acht (fo-alt le n-a ndeintear socrú i dtaobh costaisí an Aire mar gheall ar choinneáil agus suirbhéireacht na luinge agus maidir leis an gcéanna) fé is dá ndeintí an long do choinneáil go buan do réir bhrí an fho-ailt sin.

Deimhnithe bréige do dhéanamh.

65. —Beidh feidhm ag forálacha ailt a dhá chéad a dó ochtód den Phríomh-Acht (alt le n-a bhforchuirtear pionóisí mar gheall ar dheimhnithe bréige galtán paisnéara do dhéanamh) maidir le haon deimhniú is gá chun crícheanna an Achta so fé mar a bhíonn feidhm acu maidir le deimhniú galtáin phaisnéara.

Míniú agus léiriú.

66. —(1) San Acht so tá leis na habairtí seo leanas na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis seo, sé sin le rá:—

Cialluíonn “an Convensiún um Shábháltacht” an Convensiún Eadarnáisiúnta um Shábháltacht Anama ar Muir do sighníodh i Lundain an 31adh lá de Bhealtaine, 1929;

Cialluíonn “an Convensiún um Ualach-Líne” an Convensiún um Ualach-Líne Eadarnáisiúnta do sighníodh i Lundain an 5adh lá d'Iúl, 1930;

Cialluíonn “Aire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

Cialluíonn “long le Saorstát Éireann” aon long gur i Saorstát Éireann atá a port clárathachta;

Cialluíonn “long ualach-líne le Saorstát Éireann” aon long ualach-líne gur i Saorstát Éireann atá a port clárathachta;

Foluíonn “sarú,” maidir le foráil ar bith, é do theip ar dhuine an fhoráil sin do chólíonadh, agus léireofar an focal “sáruíonn” dá réir sin;

Cialluíonn “na hAchtanna Loingis Cheannaíochta” na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus an tAcht so;

Tá an brí céanna le “paisnéir” atá le “passenger” chun críche Coda III den Phríomh-Acht;

Cialluíonn “galtán paisnéara” galtán ar a mbeidh níos mó ná dhá phaisnéir déag á n-iompar;

Cialluíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894.

(2) San Acht so déanfar tagairtí do luing do rinneadh roimh aon dáta no dá éis do léiriú mar thagairtí do luing gur roimh an dáta san no dá éis, do réir mar bheidh, do leagadh síos a cíle.

(3) Déanfar aon tagairtí atá san Acht so d'fhoráil ar bith de sna Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, do leasuíodh le haon Acht ina dhiaidh sin, agus an tAcht so d'áireamh, déanfar iad do léiriú mar thagairtí don fhoráil sin agus í leasuithe amhlaidh.

Gearr-theideal, luadh agus athghairm.

67. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin um Shábhaltacht agus um Ualach-Líne), 1933 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(2) Beidh na hachtacháin atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmthe, sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san, o dháta an Achta so do rith.