An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TAISC-IOMAR NA LIFE, 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Roimh-Iocanna d'Ioc leis an mBord.)

54 1936

ACHT TAISC-IOMAR NA LIFE, 1936

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Tiarna Méara Ró-Onórach, Seanóirí, agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

tá an brí céanna leis an abairt “oibreacha na Sionainne” atá léi san Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “gnó na Life” leictreachas do gheiniúint le comhacht hídrálach do gheobhfar o uiscí Abha na Life ar n-a locadh agus ar n-a gcur ar fáil chuige sin leis an taisc-iomar atá le déanamh ag an mBord do réir an Chó-aontuithe Sceidealta;

cialluíonn an abairt “oibreacha na Life” an taisc-iomar atá le déanamh ag an mBord do réir an Chó-aontuithe Sceidealta agus na hoibreacha uile dhéanfaidh an Bord fén Acht so chun crícheanna gnó na Life no chun an leictreachais a táirgfear agus a geinfear tré sna hoibreacha roimhráite do tharchur ina mhórmhéid;

cialluíonn an abairt “na hoibreacha uisce” na hoibreacha atá le déanamh ag an mBárdas do réir an Chó-aontuithe Sceidealta agus gach taisc-iomar, conduit, uiscrian, píopa agus obair eile sheirbhíse dhéanfaidh an Bárdas de bhuadh an Achta so chun uisce do choimeád no d'iompar a tharraiceoidh an Bárdas as an taisc-iomar atá le déanamh ag an mBord do réir an Chó-aontuithe Sceidealta;

cialluíonn an abairt “Droichead an Bhaile Mhóir” an droichead bóthair ar a dtugtar “Ballymore Bridge” de ghnáth agus atá ar Abha na Life i mBaile Mór na nIústasach agus i gContae Chill Mantan.

An Có-aontú Sceidealta.

3. —(1) Daingnítear leis seo an Có-aontú (dá ngairmtear an Có-aontú Sceidealta san Acht so) do rinneadh an 18adh lá de Mheitheamh, 1936, idir an Bárdas ar thaobh agus an Bord ar an taobh eile (go bhfuil cóip de sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so) agus dá réir sin beidh sé dleathach don Bhárdas agus don Bhord fé seach an Có-aontú san do chur in éifeacht agus na hoblagáidí chuireann sé ortha fé seach do chólíonadh.

(2) Pé uair aontóidh an Bord agus an Bárdas le chéile gur cheart aoirde leibhéil íseal-uisce, mar a luaidhtear í i mír 6 den Chó-aontú Sceidealta no mar a ceapfar í le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt so, d'atharú i slí ar bith agus is deimhin leis an Aire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé réasúnta an t-atharú san do dhéanamh, beidh sé dleathach don Aire, le hordú, an leibhéal íseal-uisce sin d'atharú do réir an aontuithe sin o pé dáta (nach túisce ná dáta an orduithe sin) a luadhfar chuige sin san ordú san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh aoirde an leibhéil íseal-uisce le n-a mbainfidh an t-ordú san atharuithe do réir an orduithe sin (mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar í atharú arís fén alt so), agus

(b) is agus an atharú san agus fé n-a réir oibreoidh an Có-aontú Sceidealta agus a bheidh éifeacht aige, agus

(c) na forálacha uile den Chó-aontú Sceidealta bhaineann leis an leibhéal íseal-uisce sin (ach amháin luadh a aoirde) leanfaid d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith acu maidir leis an leibhéal íseal-uisce sin d'ainneoin an atharuithe sin ar a aoirde.

Costaisí.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí chun an Achta so do chur i bhfeidhm.