|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 3 de 1949. | ||
| [EN] |
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1940. [9ú Márta, 1949.] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla a mhéadú. |
1. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1940 (Uimh. 28 de 1940) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim fiche agus cúig mhilliún punt. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1949, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile. |