|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 16 de 1949. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM NAÍONMHARÚ, 1949 | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT A FHORÁIL GO bhFÉADFAR, I gCOINNÍOLLACHA ÁIRITHE, BEAN A BHÉARFAS GO TOILIÚIL BÁS A LINBH, AGUS AN LEANBH SIN FAOI BHUN DHÁ MHÍ DHÉAG D'AOIS, CHIONTÚ I NAÍONMHARÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15ú Iúil, 1949.] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Naíonmharú. |
1. —(1) Ar an réamhfhiosrú ag an gCúirt Dúiche i dtaobh cúisimh in aghaidh mná gur dhúnmharaigh sí a leanbh, agus an leanbh sin faoi bhun dhá mhí dhéag d'aois, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis, an cúiseamh d'athrú agus cúiseamh naíonmharuithe a dhéanamh dhe agus an bhean a chur chun a triala sa chúiseamh sin. |
| [EN] | (2) Má bhíonn an giúiré sásta, ar bhean a thriail i ndúnmharú a linbh, agus an leanbh sin faoi bhun dhá mhí dhéag d'aois, go bhfuil sí ciontach i naíonmharú, bhéarfaid fíorasc naíonmharuithe. | |
| [EN] | (3) Beidh bean ciontach i bhfeileontacht, eadhon, naíonmharú, más rud é— | |
| [EN] | (a) go dtug sí bás a linbh, agus an leanbh sin faoi bhun dhá mhí dhéag d'aois, trí aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil, agus | |
| [EN] | (b) gurb amhlaidh atá na himthosca gur dúnmharú a bheadh sa ghníomh nó sa neamhghníomh mura mbeadh an t-alt seo, agus | |
| [EN] | (c) nach raibh a haigne ar a cóir féin, tráth an ghnímh nó an neamhghnímh, toisc gan í a bheith téarnaithe go hiomlán ó bhreith an linbh nó mar gheall ar lachtadh i ndiaidh breithe an linbh, | |
| [EN] | agus féadfar í a thriail agus a phionósú sa chion sin mar déanfaí i gcás dúnorgana. | |
| [EN] | (4) Beidh éifeacht ag alt 60 den Offences Against the Person Act, 1861, amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann do dhúnmharú aon linbh tagairt do naíonmharú. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Naíonmharú, 1949 , a ghairm den Acht seo. |