|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 32 de 1949. | ||
| [EN] |
AN tACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (LEASÚ), 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT D'ATHGHAIRM FORÁL ÁIRITHE DEN ACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927. [21ú Nollaig, 1949.] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Forála áirithe den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, d'athghairm. |
1. —Déantar leis seo na forála seo a leanas den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , d'athghairm— |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1) d'alt 9, ó na focail “ach san i slí” go dtí deireadh an fho-ailt, agus | |
| [EN] | (b) an Dara Sceideal. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1949, a ghairm de na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1947, agus den Acht seo le chéile. |