|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An Dréacht-Chomhaontú.) |
| [EN] | ||
Uimhir 15 de 1950. | ||
| [EN] |
ACHT SILTIN AGUS FORBARTHA NA hEIRNE, 1950. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT DÁ ÚDARÚ COMHAONTUITHE ÁIRITHE A DHÉANAMH AGUS A CHUR IN ÉIFEACHT MAIDIR LE SCÉIM CHUN SILTEAN A DHÉANAMH AR THAILTE ÁIRITHE TIMPEALL LOCH EIRNE UACHTAIR AGUS ÍOCHTAIR AGUS ABHA NA hEIRNE AGUS CHUN UISCE-CHUMHACHT A GHEOFAR AS SIN D'FHORBAIRT LE hAGHAIDH LEICTREACHAS A GHINIÚINT, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD SILTIN AGUS UISCE-BHEALAIGH LOCH EIRNE AGUS ABHA NA hEIRNE A DHÍSCAOILEADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Meitheamh, 1950.] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | an Bord. |
ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais; |
| [EN] | an dréachtchomhaontú. |
ciallaíonn an abairt “an dréacht-chomhaontú” an dréacht chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo; |
| [EN] | an Bord Siltin. |
ciallaíonn an abairt “an Bord Siltin” Bord Siltin agus Uiscebhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne; |
| [EN] | na Locha. |
ciallaíonn an abairt “na Locha” Loch Eirne Uachtair agus Loch Eirne Iochtair; |
| an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
| an Aireacht. |
ciallaíonn an abairt “an Aireacht” Aireacht Airgeadais Thuaisceart Éireann; | |
| an príomhchomhaontú. |
tá leis an abairt “an príomh-chomhaontú” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht seo. | |
| [EN] |
Cumhacht chun comhaontú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta sceidealta. |
2. —(1) Údaraítear agus cumhachtaítear leis seo don Bhord comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht i dtéarmaí an dréachtchomhaontuithe. |
| [EN] | (2) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an príomh-chomhaontú” go príomha an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo, ach, i gcás aon chomhaontú a dhéanamh de bhun an chéad ailt ina dhiaidh seo, ciallaíonn an abairt sin an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo arna fhorlíonadh nó arna mhodhnú leis an gcomhaontú a déanfar leis an gcéad alt ina dhiaidh seo. | |
| [EN] |
cumhacht chun comhaontuithe forliontacha a dhéanamh. |
3. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord, tráth ar bith tar éis an príomh-chomhaontú a dhéanamh, comhaontuithe eile a dhéanamh leis an Aireacht chun an príomhchomhaontú d'fhorlíonadh nó a mhodhnú. |
| [EN] | (2) Ní déanfar comhaontú eile den tsórt adúradh mura rud é— | |
| [EN] | (a) gur leagadh faoi bhráid Dháil Éireann é agus gur fágadh faoina bráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Dáil Éireann ina suí tar éis é a leagadh faoina bráid amhlaidh, | |
| [EN] | (b) nach ndearna Dáil Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin, | |
| [EN] | (c) gur leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann é agus gur fágadh faoina bhráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Seanad Éireann ina shuí tar éis é a leagadh faoina bhráid amhlaidh, | |
| [EN] | (d) nach ndearna Seanad Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin. | |
| [EN] |
Cumhacht chun an príomhchomhaontú a chur i gcrích. |
4. —Chun an príomh-chomhaontú a chur in éifeacht, beidh ag an mBord, agus beidh infheidhmithe acu, na cumhachta uile a bhaineas, de riachtanas nó go teagmhasach, lena n-oblagáidí faoin bpríomh-chomhaontú a chomhlíonadh go cuí. |
| [EN] |
An caiteachas faoina raghaidh an Bord d'íoc. |
5. —An caiteachas uile faoina raghaidh an Bord ag urscaoileadh aon dliteanais a éireos as an bpríomh-chomhaontú, íocfar é mar chuid dá gcaiteachas ginearálta. |
| [EN] |
An Bord Siltin a dhíscaoileadh. |
6. —Amhail ó pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, beidh an Bord Siltin, de bhuaidh an ailt seo, arna dhíscaoileadh. |
| [EN] |
Maoin an Bhoird Siltin a dhiúscairt. |
7. —(1) Faoi réir forál ailt 9 den Acht seo, an mhaoin uile ba leis an mBord Siltin díreach roimh an mBord Siltin a dhíscaoileadh, dílseoidh sí, de bhuaidh an ailt seo agus gan aon tíolacadh, sannadh, gníomhas aistrithe ná ionstraim eile a bheith riachtanach, sna daoine a bheas ag gníomhú mar Aturnae Airgeadais agus mar Aturnae don Aireacht agus i gcomharbaí oifige na ndaoine sin faoi seach, mar iontaobhaithe (dá ngairmtear na hIontaobhaithe san alt seo) ar iontaobhas leis an maoin sin a dhíol faoi roghain na nIontaobhaithe agus chun na cíosa agus na brabúis (más ann) a éireos aisti roimh í a dhíol agus fáltais an díola, a mhéid a ghabhfas an céanna, d'úsáid chun urscaoileadh a dhéanamh den chéad ásc ar aon dliteanas faoina ndeachthas maidir leis an díol sin agus den dara hásc ar aon dliteanas a bheas amuigh ar an mBord Siltin, agus chun aon iarmhéid a bheas fágtha tar éis urscaoileadh na ndliteanas sin d'íoc leis an Aireacht. |
| [EN] | (2) Nuair a bheid ag comhlíonadh an iontaobhais díola a forchuirtear leis an alt seo, beidh ag an hIontaobhaithe lánchumhacht chun aon mhaoin a bheas dílsithe iontu faoin alt seo a thíolacadh, a shannadh, a scaoileadh nó d'aistriú ar shlí eile le gníomhas, agus beidh aon ghníomhas den tsórt sin, sa mhéid agus sa mhodh a bheas sainráite nó beartaithe ann é d'oibriú, éifeachtúil chun aistriú a dhéanamh ar an eastát, an ceart, an teideal agus an leas a bhí ag an mBord Siltin, díreach roimh é a dhíscaoileadh, sa mhaoin a bheas sonraithe ann. | |
| [EN] | (3) An admháil a bhéarfas na hIontaobhaithe nó ceachtar acu ar an airgead ceannaigh is iníoctha ar dhíol aon mhaoine de bhun fo-ailt (1) den alt seo (pé acu a déanfar nó nach ndéanfar an admháil sin a chorprú i ngníomhas), oibreoidh sí mar urscaoileadh bailí don cheannaitheoir agus ní dá chúram sin na hiontaobhais a forchuirtear leis an bhfo-alt sin ná an fheidhm chun a gcuirfidh na hIontaobhaithe an t-airgead ceannaigh dá éis sin do réir an fho-ailt sin. | |
| [EN] | (4) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon doiciméad a fhorghníomhós na hIontaobhaithe chun críocha an ailt seo. | |
| [EN] |
Socruithe maidir le nithe eile a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin. |
8. —Féadfaidh an tAire pé socruithe riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích is cuí leis i gcóir nithe a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin, agus, go háirithe, féadfaidh socruithe a dhéanamh agus a chur i gcrích chun na sliús-gheataí atá ag Béal Leice d'oibriú go sealadach sa tslí a sonrófar sna socruithe chun uisce-leibhéil na Loch a rialú nó go ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an Bord comhaontú leis an Aireacht, de bhun forál an phríomh-chomhaontuithe, gur féidir agus gur ceart na huisceleibhéil sin a rialú do réir na bhforál sin. |
| [EN] |
Dámhachtain 1891. |
9. —Amhail ó dháta dhíscaoilte an Bhoird Siltin scoirfidh Dámhachtain Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn dar dáta an 4ú lá d'Aibreán, 1891, i leith Cheantar Siltin agus Uisce-Bhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne, d'aon fheidhm agus éifeacht a bheith aici agus scoirfidh dliteanas dílseánach talún, i gContae an Chabháin agus i gContae Mhuineacháin, chun rátaí nó cíos-mhuirir d'íoc i leith an Cheantair Shiltin sin (lena n-áirítear aon riaráistí neamhíoctha de rátaí nó cíos-mhuirir den tsórt sin). |
| [EN] |
Díospóidí idir an Bord agus an Aireacht. |
10. —(1) Beidh de chumhacht ag Binse Eadrána a bheas comhdhéanta do réir forál an phríomh-chomhaontuithe aon díospóid nó easaontas idir an Bord agus an Aireacht, a éireos as an bpríomh-chomhaontú, a chinneadh do réir na bhforál sin. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Bord, ar aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh dá iarraidh sin orthu, na doiciméid, na leabhair, na taifid nó na cuntais sin a bheas i seilbh an Bhoird agus a bhainfeas leis an ábhar a bheas faoi shaincheist os comhair an Bhinse a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta ag an mBinse, ach ní tabharfar aon doiciméad, leabhar, taifead ná cuntas ar aird amhlaidh más é tuairim an Aire, amhail mar dheimhneos sé sin don Bhinse, go mba dhochar é do leas an phobail sin a dhéanamh. | |
| [EN] | (3) Aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh, féadfaidh sé, chun aon díospóid nó easaontas den tsórt sin a chinneadh, a cheangal le toghairm ar aon duine freastal, san am agus san áit a bheas leagtha amach sa toghairm, chun fianaise a thabhairt nó chun aon doiciméad nó earraí a thabhairt ar aird a bheas ina choimeád nó faoina urlámhas agus a bhainfeas le haon ábhar a bheas ar feitheamh os comhair an Bhinse, agus féadfaidh fianaise faoi mhionn d'éisteacht, a ghlacadh agus a scrúdú, agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn nó féadfaidh, in ionad duine a chur faoi mhionn, a cheangal ar an duine a bheas faoi scrúdú dearbhú a dhéanamh agus a shíniú ar fhírinne an ábhair a mbeidh sé á scrúdú ina thaobh. | |
| [EN] | (4) Aon duine a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil freastal, nuair a dhéanfas aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh sin a cheangal air, nó fianaise a thabhairt sa tslí a cheanglós an Binse air, nó a bhéarfas go toiliúil fianaise bhréagach os comhair an Bhinse, nó a athrós, a chaonfas, a chealós nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad nó earra a cheanglós an Binse air a thabhairt ar aird nó a dhiúltós go toiliúil sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
| [EN] | (5) Aon abhcóide de Bharra Thuaisceart Éireann nó aon aturnae a bheas i dteideal cleachtadh i dTuaisceart Éireann, féadfaidh sé, d'ainneoin aon achtacháin eile, cleachtadh i ndáil le haon éisteacht sa Stát ag aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh agus féadfaidh láithriú agus feidhmiú ar son na hAireachta ag an éisteacht sin. | |
| [EN] | (6) Féadfar, le cead na hArd-Chúirte, aon dámhachtain ó Bhinse a bheas comhdhéanta mar adúradh a thaifeadadh, mar bhreithiúnas i dtéarmaí na dámhachtana, agus air sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna aici a bheadh ag breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt. | |
| [EN] |
Droichead Bhéal Leice. |
11. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “droichead Bhéal Leice” an droichead dá dtagartar i mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an dréacht-chomhaontú. |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm maidir le droichead Bhéal Leice ag fo-alt (4) d'alt 33 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ) (fo-alt lena gceangaltar bóithre agus droichid a athchóireos, a dhéanfas nó a fheabhsós an Bord a thabhairt i seilbh an údaráis áitiúil iomchuí). | |
| [EN] | (3) Féadfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall, faoi réir cheadú an Aire Rialtais Áitiúil, gach ní a dhéanamh is iomchuí dhóibh a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon fhorála den phríomhchomhaontú a fhorálas go bhféadfar droichead Bhéal Leice a thabhairt i gcomhsheilbh do chomhairle chontae Dhún na nGall agus comhairle chontae Fhear Monach. | |
| [EN] |
Comhaontuithe a dhíolmhadh ó dhleacht stampa. |
12. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir i leith aon chomhaontuithe a dhéanfas an Bord leis an Aireacht de bhun an Achta seo. |
| [EN] |
Athgairm, |
13. —(1) Athghairmtear leis seo an Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland), 1880. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an mBord Siltin a dhíscaoileadh. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
14. —Féadfar Acht Siltin agus Forbartha na hEirne, 1950 , a ghairm don Acht seo. |