|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Luachail a Laghdu go Sealadach chun Criocha Ratuchain.) | Ar Aghaidh (CUID IV. An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a Leasú agus a Leathnú.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Luacháil a Laghdú go Sealadach (Bun Crannaighe). | |
| [EN] |
Léiriú (Cuid III). |
6. —Sa Chuid seo den Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an contae” contae Dhún na nGall; | |
| [EN] | ciallaíonn “an ceantar uirbeach” ceantar uirbeach Bhun Crannaighe; | |
| [EN] | ciallaíonn “bliain airgeadais áitiúil iomchuí” bliain airgeadais áitiúil a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le bliain airgeadais áitiúil iomchuí, an tsuim a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith na bliana sin. | |
| [EN] |
Luacháil a laghdú go sealadach (Bun Crannaighe). |
7. —Nuair a beifear ag cur fo-ailt (6) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), i bhfeidhm maidir leis na caiteachais de chuid comhairle na contae a muirearaítear i mbliain airgeadais áitiúil iomchuí agus is muirir ar an gcontae go hiomlán, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin fo-ailt (7) den alt sin: |
| [EN] | (a) measfar gurb ionann luacháil na contae agus an tsuim iomchuí móide iomlán na luachál, do réir na liostaí luachála a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi na hAchta Luachála, ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin go léir atá sa chuid den chontae nach bhfuil sa cheantar uirbeach, | |
| [EN] | (b) measfar gurb ionann luacháil an cheantair uirbigh agus an tsuim iomchuí. |