|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT PLÚIR AGUS MINE CRUITHNEACHTAN, 1956) | Ar Aghaidh (CUID II. Táirgeadh, Praghsanna, etc., a Rialú.) |
AN tACHT PLÚIR AGUS MINE CRUITHNEACHTAN, 1956
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Plúir agus Mine Cruithneachtan, 1956 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú. |
| [EN] |
Mínithe. |
3. —(1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit Cúnta” Ceimiceoir Stáit Cúnta na Saotharlainne Stáit; | |
| [EN] | ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfas an tAire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “plúr” plúr a gheibhtear ar fad nó go formhór as cruithneacht; | |
| [EN] | ciallaíonn “cruithneacht dúchais” cruithneacht d'fhás sa Stát; | |
| [EN] | ciallaíonn “muileann ceadúnaithe” muileann ar deonadh ceadúnas muilleoireachta ina leith; | |
| [EN] | ciallaíonn “cead muilleoireachta (cruithneacht dúchais)” cead a deonadh faoi alt 36 den Acht Toradh Talmhíaochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) , arna leasú le halt 16 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) ; | |
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas muilleoireachta” ceadúnas a deonadh faoi alt 21 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
| [EN] | ciallaíonn “cead” cead a dheoin na tAire faoi alt 13; | |
| [EN] | ciallaíonn “muileann ceadaithe” muileann ar deonadh cead muilleoireachta (cruithneacht dúchais) ina leith; | |
| [EN] | ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin faoin Acht seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “min chruithneachtan chaighdeánach” min chruithneachtan a táirgeadh sa Stát trí chruithneacht a mheilt í slí nach ndeighiltear aon tsubstaintí sa mhuilleoireacht mar throscar cruithneachtan agus gurb ionann an mhin chruithneachtan a táirgtear amhlaidh agus 100 faoin gcéad den chruithneacht as a bhfaightear í; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Ceimiceoir Stáit” ceann na Saotharlainne Stáit; | |
| [EN] | ciallaíonn “plúr comhrite” plúr a táirgtear sa Stát trí chomhrith sruthanna plúir uile gléasra mhuilleoireachta atá inneallta chun an céatadán forordaithe den chruithneacht a táltar ar na rollaí briste a tháirgeadh ina phlúr; | |
| [EN] | folaíonn “mín chruithneachtan” min chruithneachtan agus caiscín a gheibhtear as cruithneacht. | |
| [EN] | (2) Forléireofar na tagairtí san Acht seo d'earraí a dhíol mar thagairtía fholaíos tagairtí do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun earraí a dhíol nó tairiscint a lorg chun iad a cheannach. | |
| [EN] |
Forála ginearálta maidir le rialacháin. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú. |
| [EN] | (2) Ní féadfar rialacháin chun críocha ailt 6 a dhéanamh ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta. | |
| [EN] | (3) Aon rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
| [EN] |
Caiteachais an Aire. |
5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo. |