|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM DHEONTAIS THIONSCAIL, 1956) |
AN tACHT UM DHEONTAIS THIONSCAIL, 1956
| [EN] | ||
| [EN] |
AN SCEIDEAL. Forála Forlíontacha. | |
| Acht 1950. | 1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “Acht 1950” an t Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 (Uimh. 29 de 1950) . | |
| Corprú. | 2. Beidh an tÚdarás ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthaineach agus gnáthshéala agus féadfaid agra a dhéanamh agus bheith inagra faoina dteideal reachtúil. | |
| Gnáthshéala. | 3. (1) Nuair a cuirfear gnáthshéala an Údaráis le doiciméad, fianófar é le síniú beirt chomhaltaí. | |
(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar gan a thuilleadh cruthúnais gurb í an ionstraim sin é, mura suítear a mhalairt. | ||
| Conartha agus ionstraimí gan séala. | 4. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag an Údarás é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Údaráis. | |
| Feidhm Achta 1950. | 5. Beidh feidhm ag forála Achta 1950, ach amháin alt 5 (a bhaineas le finnéithe a thoghairm), maidir le feidhmeanna an Údaráis faoin Acht seo. | |
| Cuntais ar leith. | 6. Ar na cuntais a gceanglaíonn Acht 1950 ar an Údarás iad a choimeád, áireofar cuntais ar leith ar an airgead a gheobhaid agus a chaithfid faoin Acht seo. | |
| Tuarascáil bhliantúil. | 7. Bhéarfaidh an tÚdarás, i pé foirm a ordós an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a n-imeachta agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| Tuairisceáin. | 8. Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid n Aire pé eolas a theastós uaidh ó am go ham maidir lena n-imeachta. |