34 1958


Uimhir 34 de 1958.


ACHT RIALAITHE NA STÁTSEIRBHÍSE (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT RIALAITHE NA STÁTSEIRBHÍSE, 1956. [23 Nollaig, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1956, Uimh. 46 .

1. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an tAcht Rialaithe” Acht Rialaithe na Státseirbhíse, 1956.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an tAcht Rialaithe mar aon ní amháin.

Seilbh oifige dhaoine a ceapadh chun postanna eisiata.

1956, Uimh. 45 .

2. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht na gCoimisinéirí” Acht Choimisinéirí na Státseirbhíse, 1956;

tá an bhrí chéanna le “post eisiata” atá leis in Acht na gCoimisinéirí.

(2) I gcás duine a cheapadh chun poist ar post eisiata é de thuras na huaire agus go scoirfidh an t-ordú, arna dhéanamh faoi alt 5 d'Acht na gCoimisinéirí, á dhearbhú gur post eisiata an post, de bheith i bhfeidhm, ansin, mura bhforceannfar a sheirbhísí roimhe sin faoi alt 6 den Acht Rialaithe, scoirfidh sé den phost sin a shealbhú ar an dáta a scoirfidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm.

Alt 7 den Acht Rialaithe a leasú.

3. —In alt 7 den Acht Rialaithe, scriosfar na focail go léir dar tosach na focail “Más deimhin leis an údarás iomchuí” agus dar críoch na focail “a bhain lena phost promhaidh”, agus cuirfear ina n-ionad na focail seo a leanas, “Más rud é, i gcás státseirbhísigh a ceapadh chun poist bhunaithe (dá ngairtear a phost promhaidh san alt seo) agus atá, faoina choinníollacha seirbhíse, ag fónamh i gcáil phromhaidh, gur deimhin leis an údarás iomchuí, aon tráth i rith tréimhse promhaidh an státseirbhísigh nó i rith aon tréimhse a chuir (má chuir) an t-údarás iomchuí d'fhad léi ó am go ham, go bhfuil sé tar éis loiceadh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha promhaidh a bhain lena phost promhaidh”.

Alt 20 (1) den Acht Rialaithe a athghairm agus é a athachtú fara modhnú.

4. —Athghairtear leis seo fo-alt (1) d'alt 20 den Acht Rialaithe agus ina ionad sin achtaítear leis seo go scoirfidh an tAcht Rialaithe d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar cibé dáta acu seo a leanas is luaithe—

(a) an dáta a thiocfaidh Acht i bhfeidhm ag déanamh forála maidir le rialú, follúnú agus bainistí daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais,

(b) an 17ú lá d'Fheabhra, 1960.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, a ghairm den Acht Rialaithe agus den Acht seo le chéile.