40 1959


Uimhir 40 de 1959.


AN tACHT IOMPAIR (Uimh. 2), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH IOMPAIR. [22 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Méadú ar leoraí-mheáchan caighdeánach a dheonú.

1933, Uimh. 8 .

144, Uimh. 21.

1. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “ceadúnas a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis” ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) arna eisiúint de bhun fo-alt (2) d'alt 12 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , nó fo-alt (1) d'alt 114 den Acht Iompair, 1944 ;

ciallaíonn “leoraí-mheáchan caighdeánach” an leoraí-mheáchan caighdeánach faoi mhír (a) d'alt 13 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , faoi fho-alt (3) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 , nó faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 114 den Acht Iompair, 1944 (fé mar is iomchuí) faoi réir aon mhéadú air a bheidh deonaithe de bhun aon Acht a ritheadh roimh an Acht seo a rith.

(2) Féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta, ar iarratas arna dhéanamh chuige ag an gceadúnaí faoi cheadúnas a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, méadú ar an leoraí-mheáchan caighdeánach don cheadúnaí a dheonú.

(3) Ríomhfar méadú faoin alt seo de réir ráta nach mó ná seacht gcéad meáchain i leith gach leoraí a bheidh á oibriú ag an gceadúnaí nó ag an gceadúnaí bunaidh (cibé acu é) agus a chomhon—

(a) i gcás inar eisíodh an ceadúnas de bhun fo-alt (2) d'alt 12 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , na coinníollacha cáiliúcháin a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Acht sin, nó

(b) i gcás inar eisíodh an ceadúnas de bhun fo-alt (1) d'alt 114 den Acht Iompair, 1944 , na coinníollacha cáiliúcháin a shonraítear i bhfo-mhír (v) de mhír (b) d'fho-alt (3) den alt sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Iompair (Uimh. 2), 1959 , a ghairm den Acht seo.