|
|||||
|
| Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo) |
| [EN] | ||
Uimhir 25 de 1963. | ||
| [EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CEATHAIR, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1963 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [3 Lúnasa, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste | ||
| [EN] |
£111,666,460 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1963-64. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad is aon mhilliún déag, sé chéad seasca is sé mhíle, ceithre chéad is seasca punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a ceathair. |
| [EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £111,666,460 a fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad is aon mhilliún déag, sé chéad seasca is sé mhíle, ceithre chéad is seasca punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
| [EN] | (3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo a chur chun creidmheasa do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
| [EN] | Deontais a Leithreasú | |
| [EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £176,071,084, a leithreasú. |
3. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad seachtó is sé mhilliún, seachtó is aon mhíle, ochtó is ceithre phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
| [EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún déag, seacht gcéad seasca is seacht míle, cúig chéad daichead is sé phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1963 , a ghairm den Acht seo. |