|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 31 de 1963. | ||
| [EN] |
AN tACHT CAIPITIL TEILEAFÓIN, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO SHOLÁTHAR TUILLEADH AIRGID CHUN AN CÓRAS TEILEAFÓIN POIBLÍ A FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [18 Nollaig, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Eisiúint bhreise chun an córas teileafóin a fhorbairt. |
1. —I dteannta an airgid a údaraítear leis na hAchtanna Caipitil Telefóin, 1924 go 1960, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná tríocha milliún punt, a bhí nó a bheidh ag teastáil ón Aire Poist agus Telegrafa chun an córas teileafóin poiblí a fhorbairt de réir mheastacháin arna gceadú ag an Aire Airgeadais a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. |
| [EN] |
Féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil chun críocha an Achta seo. |
2. —(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a údaraítear leis an Acht seo a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó chun airgead a sholáthar chun gach suim nó aon suim a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi údarás an Achta seo a aisíoc leis an gCiste sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iad seo a leanas a bhunú agus a eisiúint— |
| [EN] | (a) blianachtaí infhoirceannta a rithfidh ar feadh cibé tréimhse is oiriúnach leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Poist agus Telegrafa, | |
| [EN] | (b) aon urrúis eile a bheidh faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis. | |
| [EN] | (2) Íocfar isteach sa Státchiste an t-airgead uile a gheofar ar iasacht faoin alt seo. | |
| [EN] | (3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo agus muirear na gcaiteachas i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
| [EN] | (4) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas: | |
| [EN] | (a) íocaíochtaí i leith blianachtaí infhoirceannta a bhunófar faoin alt seo, | |
| [EN] | (b) aisíocaíochtaí leis an bPríomh-Chiste ar shuimeanna a íocadh as an gcéanna i leith príomhshuim, ús nó caiteachas a muirearaíodh faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
| [EN] |
Ailt 3 agus 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , a chorprú. |
3. —(1) Déantar alt 3 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , agus alt 4 den Acht sin arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, a chorprú leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , trí “nó urrúis eile” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “blianachtaí inchríochnuithe”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitil Teileafóin, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1960, agus den Acht seo le chéile. |