|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 4 de 1964. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO MHÉADÚ NA TEORANN ATÁ LEIS NA hAIRLEACAIN CHUN CRÍOCHA CAIPITIL A FHÉADFAR A THABHARIT DO RADIO ÉIREANN. [3 Márta, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Méadú na teorann atá le hairleacain. |
1. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 23 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , trí “trí mhilliún punt” a chur in ionad “dhá mhilliún punt”. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 agus 1964, a ghairm den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , agus den Acht seo le chéile. |