|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 20 de 1964. | ||
| [EN] |
AN tACHT CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (LEASÚ), 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ, 1934 GO 1963. [7 Iúil, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cuóta” ordú faoi alt 3 den Phríomh-Acht; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú tréimhse cuóta” ordú faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht. | |
| [EN] | (2) Déanfar tagairtí don Phríomh-Acht in alt 2 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo. | |
| [EN] |
Cumhacht chun ordú cuóta a dhíolmhú ó alt 7 den Phríomh-Acht. |
2. —Féadfaidh an Rialtas in ordú cuóta agus leis an ordú sin a dhearbhú nach mbeidh feidhm maidir leis an ordú cuóta sin ag alt 7 den Phríomh-Acht. |
| [EN] |
Cumhacht chun earraí a allmhairiú gan ceadúnas i gcásanna áirithe. |
3. —D'ainneoin alt 5 den Phríomh-Acht, aon uair— |
| [EN] | (i) a bheidh an Rialtas tar éis a dhearbhú faoin Acht seo nach mbeidh feidhm ag alt 7 den Phríomh-Acht maidir le hordú cuóta áirithe, | |
| [EN] | (ii) a bheidh an Rialtas tar éis ordú tréimhse cuóta a dhéanamh i leith an ordaithe cuóta sin, agus | |
| [EN] | (iii) a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta nach ndearnadh an chainníocht earraí lena mbaineann an t-ordú cuóta sin agus a ceapadh ina chuóta leis an ordú tréimhse cuóta a bheidh i bhfeidhm san am sin i leith an ordaithe cuóta sin a allmhairiú sa tréimhse chuóta a ceapadh leis an ordú tréimhse cuóta sin, | |
| [EN] | beidh sé dleathach earraí lena mbaineann an t-ordú cuóta sin a allmhairiú gan ceadúnas faoin bPríomh-Acht. | |
| [EN] |
Cumhacht chun ordú cuóta a dhéanamh maidir le hearraí lena mbaineann ordú cuóta láithreach. |
4. —Féadfaidh an Rialtas ordú cuóta a dhéanamh ina mbeidh díolúine dá dtagraítear in alt 5 den Acht, d'ainneoin go mbeidh i bhfeidhm, ar thosach feidhme an ordaithe cuóta sin, ordú cuóta maidir le hearraí de shaghas a mbainfidh an t-ordú cuóta a chéadluaitear san alt seo le cuid acu nó leo go léir. |
| [EN] |
Cumhacht chun earraí ó ghrúpaí tíortha a dhíolmhú ó orduithe cuóta. |
5. —Féadfaidh an Rialtas in ordú cuóta agus leis an ordú sin earraí a dhíolmhú ón toirmeasc a dhéantar leis an ordú más earraí iad a dtaispeánfar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (mar a bheidh sonraithe san Ordú)— |
| [EN] | (a) gur monaraíodh nó gur táirgeadh iad i ngrúpa nó i ngrúpaí sonraithe tíortha, | |
| [EN] | (b) gur coinsíníodh iad chun an allmhaireora ó ghrúpa nó ó ghrúpaí sonraithe tíortha, nó | |
| [EN] | (c) gur monaraíodh nó gur táirgeadh iad i ngrúpa nó i ngrúpaí sonraithe tíortha agus gur coinsíníodh chun an allmhaireora iad ón ngrúpa nó ó na grúpaí sin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht chun Allmhairí a Rialú (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna chun Allmhairí a Rialú, 1934 go 1964, a ghairm de na hAchtanna chun Allmhairí a Rialú, 1934 go 1963, agus den Acht seo le chéile. |