40 1964


Uimhir 40 de 1964.


AN tACHT CHUN DÉANTÚIS A RIALÚ, 1964

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1932 AGUS 1934, AGUS D'AISGHAIRM GO RÉAMHIONÚCH NA nACHTANNA SIN AGUS AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL (INFHEISTÍOCHT ÓN gCOIGRÍCH A GHRÍOSADH), 1958 .

[22 Nollaig, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Srian leis na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934.

1958, Uimh. 16 .

1. —(1) Ní bhainfidh na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934,—

(a) le cuideachta a raibh próiseas monaraíochta á sheoladh aici go leanúnach sa Stát i gcaitheamh na gcúig bliana díreach roimh dháta an Achta seo a rith, de réir na nAchtanna sin, arna leasú leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , ná

(b) le cuideachta a bhfuil—

(i) a scaireanna eisithe go feadh méid is mó ná a leath (de réir luacha ainmniúil), agus

(ii) dhá thrian (de réir luacha ainmniúil) ar a laghad de gach cineál scaireanna inti lena ngabhann cearta vótála (cibé acu láithreach nó in imthosca áirithe sa todhchaí é),

ar úinéireacht thairbhiúil ag cuideachta a raibh próiseas monaraíochta á sheoladh go leanúnach aici sa Stát i gcaitheamh na gcúig bliana díreach roimh dháta an Achta seo a rith de réir na nAchtanna sin arna leasú mar a dúradh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a bunaíodh roimh an Acht seo a rith nó a bhunófar dá éis sin agus laistigh den Stát nó lasmuigh de;

ciallaíonn “próiseas monaraíochta”—

(a) earra a dhéanamh trí chumhacht mheicniúil a úsáid,

(b) earra a athrú trí chumhacht mheicniúil a úsáid,

(c) earra a ornáidiú trí chumhacht mheicniúil a úsáid,

(d) earra a chríochnú trí chumhacht mheicniúil a úsáid, nó

(e) earra a oiriúnú chun a dhíolta trí chumhacht mheicniúil a úsáid.

Na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, agus an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , a aisghairm.

1958, Uimh. 16 .

2. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, agus an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1968.

Gearrtheideal agus comhlua.

1958. Uimh. 16.

3. —(1) Féadfar an tAcht chun Déantúis a Rialú, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna chun Déantúis a Rialú, 1932 go 1964, a ghairm de na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, den Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , agus den Acht seo le chéile.

Uimh.

Gearr-Theideal

Teideal

Leathanach

1.

(Phríobháideach)

Acht Choimisinéiri Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1964 .

Acht do leasú an Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus Alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, agus do dhéanamh socrú chun comhaontú a dhéanamh bailí agus i dtaobh nithe a bhaineann leis na nithe réamhráithe.

856